Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
may-meaite-ar-a-gealltanas-a-chomhlionadh-agus-i-ag-dul-chun-cainte-le-corbyn-aris

May meáite ar ‘a gealltanas’ a chomhlíonadh agus í ag dul chun cainte le Corbyn arís

| Tuairisc.ie | ,

Déanfaidh Theresa May a seacht ndícheall greim a choinneáil ar an bPríomh-Aireacht sa tréimhse bhreise seo atá tugtha don Ríocht Aontaithe leis an mBreatimeacht a chur i gcrích.

Dúirt Príomh-Aire na Breatine athuair tráthnóna gur mian léi an gheallúint a thug sí a chomhlíonadh, is é sin fanacht i gceannas nó go mbeidh an chéad bhabhta cainteanna Breatimeachta thart agus glactha ag feisirí Westminster leis an margadh aistarraingthe a d’aontaigh sí leis an AE.

Ó thug an tAE síneadh ama solúbtha don Ríocht Aontaithe go dtí an 31 Deireadh Fómhair aréir, chuir May tús an athuair leis na cainteanna le Páirtí an Lucht Oibre in iarracht teacht ar chomhréiteach faoin mBreatimeacht a bheadh inghlactha ag feisirí pharlaimint Westminster.

Má éiríonn leis an bPríomh-Aire tacaíocht na Parlaiminte a fháil don socrú Breatimeachta roimh oíche Shamhna, féadfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach a fhágáil níos túisce.

B’éigean do Theresa May dul siar áfach ar a geallúint nach nglacfadh sí féin le haon síneadh ama ar an mBreatimeacht níos faide ná an 30 Meitheamh fad a bheadh sí ina Príomh-Aire.

Mhaígh sí chomh maith tráthnóna go bhféadfaí an tAE a fhágáil ag deireadh na míosa seo chugainn dá gcuirfeadh na feisirí parlaiminte chuige i gceart.

Agus í ag tagairt do na cainteanna le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn, dúirt May inniu nach mbeadh sí féin sásta glacadh gan cheist le polasaí an Lucht Oibre agus nach nglacfadh an Lucht Oibre ceann ar aghaidh le polasaí na gCaomhach ach oiread. Dúirt sí go mbeadh comhghéilleadh i gceist don dá thaobh.

Dúirt an Príomh-Aire nach minic a tharlaíonn sé i gcúrsaí polaitíochta na Ríochta Aontaithe go mbíonn an dá pháirtí ag obair le chéile ach go gcaithfí teacht ar réiteach as an tsáinn seo.

Tá súil ag an bPríomh-Aire go n-éireoidh léi teacht ar mhargadh chomhréitigh leis an Lucht Oibre ach má theipeann uirthi sin a dhéanamh cuirfidh sí cúpla rogha os comhair na bhfeisirí ar vótaí táscacha. Chaithfeadh sí cloí leis na torthaí, a dúirt sí, chomh fada agus go n-aontaíonn Páirtí an Lucht Oibre leis sin chomh maith.

Dúirt May go bhfuil sé deimhnithe ag an AE go mbeidh siad sásta athmhachnamh a dhéanamh ar an ráiteas polaitiúil ach nach ndéanfar aon athphlé ar an socrú aistarraingthe féin.

Dúirt May go dtuigeann sí go maith go bhfuil an tír ar fad míshásta leis an éiginnteacht agus moilleadóireacht a bhaineann le scéal fada an Bhreatimeachta agus go bhfuil brú millteanach ar na feisirí parlaiminte dá bharr.

Dúirt sí áfach gur faoi na feisirí a bheadh sé an mbeadh ar an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i dtoghcháin Eorpacha na míosa seo chugainn. Dá nglacfaí leis an margadh imeachta roimhe sin, níorbh ghá na toghcháin a reáchtáil, a dúirt sí.

Mhol sí do na feisirí parlaiminte an tsaoire a úsáid chun a machnamh a dhéanamh ar an scéal agus smaoineamh ar bhealach leis an tsáinn seo a réiteach. “Sin é an dualgas atá orthu ar son a dtíre,” arsa May.

Agus é á freagairt, dúirt Jeremy Corbyn gur comhartha gur theip ar an Rialtas a bhí ann gurbh éigean an dara síneadh ama a lorg.

D’fháiltigh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre roimh chinneadh an Phríomh-Aire dul chun cainte lena pháirtí féin ach dúirt gur mór an trua nach ag an nóiméad deireanach féin a tháinig an cuireadh sin ach níos déanaí fós.

Dúirt Corbyn go rabhthas lándáiríre faoi na cainteanna leis na Tóraithe, ach go gcaithfeadh comhghéilleadh a bheith ann chun go n-éireodh leo.

Sin é an fáth, a dúirt sé, go raibh an-díomá air féin an tseachtain seo faoi litir Liam Fox, an rúnaí trádála, chuig May, litir ina ndearna Fox beag is fiú don phlean go mbeadh aontas custam nua idir an Bhreatain agus an AE i ndiaidh an Bhreatimeachta, rogha Corbyn féin.

Dar le Corbyn gur iarracht a bhí sa litir moladh an Lucht Oibre maidir leis an aontas custam a chur ó rath.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné go raibh an moladh sin stuama agus inphléite, arsa Corbyn.

Dúirt sé mura bhféadfaí Breatimeacht an Lucht Oibre a fháil, gur chóir gach rogha a phlé, vóta i measc an phobail, an dara reifreann, san áireamh.

Dúirt Corbyn go ndúirt May go n-éireodh sí as nuair a ghlacfaí leis an margadh ach nach raibh aon tuairim ag an Lucht Oibre cé a thiocfadh ina háit. Dúirt sé go bhfaigheadh cuid de na hiarrthóirí a raibh súil acu ar a post réidh le hAcht Chearta an Duine agus go nglacfaidís le Breatimeacht gan mhargadh a scaoilfeadh cúrsaí ‘go bun an charnáin’.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie