Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
parlaimint-gan-tromlach-sa-spainn-agus-a-roghanna-a-mea-ag-sanchez

Parlaimint gan tromlach sa Spáinn agus a roghanna á meá ag Sánchez

| Tuairisc.ie | ,

Tá an PSOE, páirtí sóisialach na Spáinne, i mbun marana ar conas is féidir leo rialtas a bhunú i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar choimeádaigh an Partido Popular, an PP, in olltoghchán an lae inné.

Níor éirigh le sóisialaigh Pedro Sánchez  móramh a bhaint amach, rud a fhágann gur dócha gur tréimhse eile éiginnteachta agus guagachta atá i ndán don Spáinn, tráth a bhfuil saol na polaitíochta ann deighilte go maith, go háirithe mar gheall ar cheist neamhspleáchas na Catalóine. Ba é seo an tríú holltoghchán sa Spáinn in imeacht ceithre bliana,

Mar a tuairscíodh anseo cheana bhí stádas na Catalóine agus na Catalóinise féin i lár an aonaigh i bhfeachtas an toghcháin agus ceisteanna bunreachtúla agus féiniúlachta i measc na bpríomhábhar conspóide idir na páirtithe

B’fhearr le Sánchez  rialtas a bhunú iad féin le tacaíocht Podemos, páirtí frithdéine, ach fiú lena dtacaíocht siúd ní bheadh ag an PSOE ach 165 suíochán. 176 a theastódh chun rialtas a bhunú agus bheadh gá dá réir ag Sánchez le tacaíocht ó pháirtithe beaga eile chomh maith.

I measc na bpáirtithe sin tá príomhpháirtithe na Catalóine – RC ar chlé agus Junts per Catalunya sa lár    a thacaigh leis an rún mímhuiníne  a rinne Príomh-Aire de Sánchez  an samhradh seo caite. Bheadh drogall ar an PSOE a bheith ag brath ar pháirtithe na Catalóine anois áfach ó tharla gur thaobhaigh siad le páirtithe ar an eite dheis chun a chinntiú go gcloífí buiséad Sánchez  agus go mbeadh toghchán eile ann. 

Ba é an toghchán tobann inné an tríú holltoghchán le ceithre bliana sa Spáinn, mar a bhfuil páirtithe nua de chuid na heite clé agus na heite deise ar an bhfód le tamall.

Bhuaigh an páirtí Vox, atá i bhfad amach ar an eite chlé, suíocháin den chéad uair sa toghchán, an chéad uair ar éirigh le páirtí fíornáisiúnach frithimirceach dá leithéid ó cuireadh deireadh le deachtóireacht Franco sna seachtóidí.

24 suíochán agus thart ar 10% den vóta a fuair Vox, rud a fhágann gur beag tionchar a bheidh acu ar bhunú an rialtais nua.

29% den vóta agus 123 suíochán a bhí ag Pedro Sánchez agus an PSOE, an chéad uair gur éirigh leis na sóisialaigh teacht sa chéad áit i dtoghchán ó 2008.

Drochlá ceart a bhí ann do na coiméadaigh sa Partido Popular (PP) ar thit líon na suíochán acu sa pharlaimint ó 137 go dtí 66 agus ó 130 go dtí 56 sa seanad.

B’éigean don Phríomh-Aire Pedro Sánchez an toghchán a ghairm nuair a chaill sé vóta buiséid dhá mhí ó shin, agus ba iad náisiúnaithe na Catalóine a chinntigh go mbeadh daoine ag triall ar na botháin vótála don tríú holltoghchán le ceithre bliana anuas.

Tá Pedro Sánchez ina Phríomh-Aire ó Mheitheamh 2018 nuair a cuireadh an ruaig ar Mariano Rajoy i ndiaidh d’oifigigh ón Partido Popular (PP) a bheith ciontaithe i gcaimiléireacht.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie