Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • ‘Síocháin’ na hÉireann ina ‘heiseamláir don domhan uile’ – Nancy Pelosi
siochain-na-heireann-ina-heiseamlair-don-domhan-uile-nancy-pelosi

‘Síocháin’ na hÉireann ina ‘heiseamláir don domhan uile’ – Nancy Pelosi

Dúirt Nancy Pelosi, Spéicéir Theach na Comhdhála sna Stáit Aontaithe, nach bhféadfaí ligean don Bhreatimeacht scór bliain  faoi shíocháin a chur i mbaol.

Agus í ag tabhairt a hóráid stairiúil i dTeach Laighean, dúirt Pelosi gur “eiseamláir don domhan uile” a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta.

“Is mór againn Comhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt sí.

Comóradh a bhí in ócáid an lae inniu ar an gcéad uair ar shuigh Dáil Éireann 100 bliain ó shin agus bhí roinnt feisirí Comhdhála as na Stáit Aontaithe sa toscaireacht a tháinig go hÉirinn i dteannta Pelosi. I measc na n-aíonna eile a bhí i láthair don óráid sa Dáil bhí an t-amhránaí Bono agus a bhean Ali Hewson.

Tugadh bualadh bos mór di nuair a dúirt sí nach mbeadh aon mhargadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht  Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta dá mbeadh aon bhaol ann go gcuirfeadh sé as do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Pictiúr: MAXWELLPHOTOGRAPHY.IE

“Caithfimid a chinntiú nach dtarlóidh aon rud sna cainteanna faoin mBreatimeacht a chuirfidh Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol, an teorainn gan bhac idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann san áireamh, ach ní hí sin amháin,” a dúirt Nancy Pelosi i dTeach Laighean inniu.

Labhair Pelosi faoin gceangal láidir atá idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus léirigh sí a tacaíocht d’iarrachtaí an Rialtais suíochán a fháil ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Dúirt sí ina cuid cainte gur thuig Éire agus na Stáit Aontaithe araon “séan an neamhspleáchais’  agus gurbh éigean don dá thír “cogadh cathartha a cur díobh” sula raibh sé de shásamh acu “a náisiúin a atógáil”.

Is de bharr na taithí sin a “dhearbhaíonn muid dá chéile agus don domhan na luachanna daonlathais atá againn agus “a thiomanta atá muid don tsaoirse”. Nuair a d’fhógair Éire a neamhspleáchas le mórtas sheas pobal an dá thír s’againne le chéile,” a dúirt sí.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge