Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Stoirm Hannah ag teacht tráthnóna agus rabhadh oráiste eisithe
stoirm-hannah-ag-teacht-trathnona-agus-rabhadh-oraiste-eisithe

Stoirm Hannah ag teacht tráthnóna agus rabhadh oráiste eisithe

Tá sé in am tosú ag réiteach roimh Hannah, stoirm leibhéal oráiste a ainmníodh ar maidin inné agus a bhuailfidh cósta thiar na hÉireann thart ar a ceathair a chlog tráthnóna inniu, Dé hAoine.

Contaetha an Chláir, Luimnigh, Chorcaí agus Chiarraí a  bheidh á dtuargaint as sin go dtí breacadh an lae amárach.

Tá rabhadh buí gaoithe eisithe don chuid eile de Chúige Mumhan, do Chúige Chonnacht agus do dheisceart Chúige Laighean agus beidh an rabhadh buí sin i bhfeidhm go dtí a naoi a chlog maidin amárach.

Cé gur gaoth láidir is mó a thiocfaidh le Stoirm Hannah, beidh ráigeanna troma báistí i mbéal na stoirme.

Lagóidh an ghaoth maidin amárach agus glanfaidh an chuid dheireanach den bháisteach throm ón tuaisceart agus ón oirthear. Beidh ropadh deas gaoithe aniar aduaidh againn amach sa lá amárach agus múraíl scaipthe agus paistí gréine ina teannta. 

Beidh Met Éireann ag déanamh athbhreithniú ar an aimsir go rialta idir an dá linn agus ba chóir do dhaoine súil a choinneáil ar aon fhógraí aimsire.

Soir ó Thalamh an Éisc a bhí an stoirm ag am lóin inné sula ndearna sí a bealach aniar trasna an Atlantaigh. Bhíothas á thuar an tráth sin go mbeadh Hannah 200 ciliméadar siar ó Cheann Léime na Gaillimh ag a 4.00 tráthnóna inniu sula ndéanfadh sí a bealach ó dheas go deisceart na tíre san oíche anocht.

Déanfaidh an stoirm ar Shasana ina dhiaidh sin ach beidh a neart ídithe go mór faoi mhaidin.

Iarrtar ar dhaoine a bheith faoi réir don stoirm seo agus cuimhneamh go bhféadfadh línte aibhléise a bheith as ord.

Is mó an chontúirt le linn na drochaimsire, go háirithe nuair a bhíonn earraí á séideadh le gaoth agus crainnte á leagan. Is mó an baol atá ann an tráth seo bliana go ndéanfaí dochar do chrainnte nó go leagfaí iad ó tharla iad faoi bhrat duilliúr.

De bharr na dea-aimsire a bhí againn le tamall, d’fhéadfadh go bhfuil troscán gairdín agus trealamh fulachta nó BBQ taobh amuigh agus iarrtar ar dhaoine iad a thabhairt isteach mura bhfuil siad ceangailte nó i bhfostú go daingean.

D’fhéadfadh go gcuirfí as do chúrsaí taistil agus iompair mar go bhfuiltear ag tuar go mbeidh maidhmeanna móra contúirteacha ag lascadh chósta an iardheiscirt.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge