Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-tuairisc"></div>-a-sceal-inste-ag-fear-og-gaeltachta-faoina-sheal-sa-tsiria-ag-troid-i-gcoinne-isis

A scéal inste ag fear óg Gaeltachta faoina sheal sa tSiria ag troid i gcoinne ISIS

| Tuairisc.ie | ,

Tá a scéal inste ag fear óg Gaeltachta faoi thréimhse a chaith sé ag troid i gcoinne ISIS sa tSiria.

D’eachtraigh Morgan de Móinbhíol as an Seanphobal i nGaeltacht na nDéise a scéal suaithinseach do Helen Ní Shé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá scannán déanta chomh maith ag an bhfear óg Gaeltachta faoina bheith ag troid i gcoinne ISIS, scannán a rinne sé mar chuid de chúrsa Ard-Dioplóma an chomhlachta léiriúcháin Nemeton.

I mí na Bealtaine 2017 a thug de Móinbhíol aghaidh ar an Meánoirthear agus é meallta ag cúis na gCoirdíneach sa tSiria.

 “Bhí mé dáiríre faoi tar éis mhí Eanáir, agus stop mé ag ól, agus bhí mé ag dul isteach ag dornálaíocht, bhí fonn orm a bheith aclaí. Chuaigh mé anonn i mí Bealtaine. Téann tú sall go dtí an Iaráic, cathair Sulaymaniyah… Bhí mé san óstán an chéad oíche agus an lá dár gcionn ansin chuaigh mé isteach sa teach tearmainn.”

Níor inis an fear óg Gaeltachta dá mhuintir cá raibh a thriall.

“Nuair a bhí mé ag imeacht, dúirt mé leo go raibh mé ag dul go dtí an Ghearmáin. Ansin, nuair a bhí mé i Siria, dúirt mé go raibh mé sa Ghréig ag tabhairt aire do na teifigh. Ní raibh uaim go mbeadh faitíos orthu.”

Tar éis coicís a chaitheamh i Sulaymaniyah san Iaráic, tugadh trasna na teorann go dtí an tSiria lena chompánaigh nua é, áit ar thosaigh an traenáil mhíleata.

“Na hairm go léir, bhí siad ón Rúis. Bhí mo Kalashnikov ó 1970, bhí sé beagnach 50 bliain d’aois, ach bhí sé ag obair go hiontach ar fad.

“Caithfidh tú an Kalashnikov a úsáid agus tú ag troid. Níl aon mheas ag ISIS ar éinne. Ní fhaigheann tú aon seans leo siúd muna dtógann tú an seans tú féin … an chéad troid gharbh a bhí agam, ba bheag nach bhfuair leaid amháin bás. Bhí an t-ádh leis, fuair sé piléar tríd a bholg agus amach tríd an taobh eile.”

Ba bheag cleachtadh a bhí aige ar ghunna a úsáid roimhe sin.

“Just na shotguns do na préacháin anseo … ag tabhairt geit do na préacháin…”

Chaith sé roinnt ama i ndíseart in aice le cathair Raqqa, agus ansin i gcathair Manbij. Cuireadh oiliúint air thall mar pharaimhíochaineoir chomh maith.

“Rinne mise an first aid nuair a bhí mise ag obair i monarcha, bhí ana-chuid béime acu ar shábháilteacht. Rinneamar ana-chuid cúrsaí sa Seanphobal de bharr Údarás (na Gaeltachta).”

Ba mhór idir na cúrsaí sin agus an obair a bhí ar bun aige sa tSiria.

“Bhíomar ar na línte tosaigh sa chathair – bhí casualty points againn a bhí ag dul ar ais go dtí an ospidéal. Só bhí leaids ag cur fola, agus má chuireann tú stop leis an fhuil tá seans maith agat. Nó má fhaigheann siad piléar sna scamhóga, tá píosa plaisteach speisialta… má dhéanann tú an dá rud sin, ní chaithfidh tú a bheith i do pharaimhíochaineoir proifisiúnta.”

Thug a chomplacht tréimhse ó thuaidh i gceantar tuaithe Afrin, áit a bhí faoi ionsaí ag fórsaí ón Tuirc ag an am. Chonaic sé ionsaí á dhéanamh ansin ar charr a raibh teaghlach istigh ann ag teitheadh ón gceantar.

“Bhí clann ag dul síos an bóthar, bhí an carr ana-shean. Rinne eitleán éigin airstrike ar an gcarr. Bhí na páistí go léir gortaithe … ní bhfuair siad bás. Bhíodar ag gol. Níl sé go deas é sin a fheiscint.”s

“Chaill mé cairde thall ansin ach ní féidir leat a bheith caoineadh, caithfidh tú just leanacht ar aghaidh.”

In ainneoin na cogaíochta agus na fulaingthe bhraith sé go raibh spiorad pobail i bhfad níos láidre i measc na gCoirdíneach ná mar atá in Éirinn.

“Lucht tuaithe, feirmeoirí, iad, agus tógann siad go bog é. Níl siad bocht, tá tithe maithe acu. Níl an pobal chomh láidir anseo. Tá an saol faoin tuath in Éirinn anois i bhfad níos laige ná mar a bhí.”

– Beidh an scannán a rinne Morgan de Móinbhíol faoina sheal sa tSiria á thaispeáint san SGC i nDún Garbhán Dé Céadaoin, an 15 Bealtaine

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie