Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim…

Ar Chúl an Albaim…

Support Alien Invasion is teideal d’albam úr Matias Aguayo, léiritheoir ceoil leictreonaigh a rugadh sa tSile agus a tógadh sa Ghearmáin. Ní tagairt do neacha neamhshaolta atá i dteideal an tsaothair ach achainí Aguayo go gcuirfí fáilte sa domhan forbartha roimh eachtrannaigh, inimircigh agus daoine eile atá imeallaithe slí amháin nó slí eile. 

Mar úinéir Cómeme Records, a bunaíodh in 2009, tá Aguayo tar éis ardán idirnáisiúnta a chur ar fáil do cheoltóirí agus léiritheoirí as Meiriceá Laidineach a chruthaíonn ceol rince leictreonach ina bhfuil rithimí dúchasach le clos seachas gnáthbhuille 4/4 na gclubanna oíche.  Ag teacht sna sála ar EP a léiríodh i gcomhar le “rí ceoil Bacardi House” na hAfraice Theas, DJ Spoko, arú-anuraidh, tugann Support Alien Invasion céim mhisniúil níos cóngaraí sinn don bhfís atá ag Aguayo ceol leictreonach rince ón ré ar-Eoralárnach a chur i lár an aonaigh.

Nuair a éistear leis ar chóras fuaime mór tá ceol Support Alien Invasion iontach fisiciúil, ar nós ceol ceiliúrtha Maloya muintir oileáin La Réunion nó batucada na Brasaíle léirithe ar threalamh leictreonach. Éist ar na cluasáin leis agus nochtann Support Alien Invasion gnéithe hiopnóiseacha den gceol leictrea-fhuaimiúil.

D’iarr mé ar Aguayo cur síos do léitheoirí NÓS ar an seacht bpíosa ceoil is mó a bhí ina cheann aige agus Support Alien Invasion á thaifeadadh aige. Seo mar a bhí le rá aige.

1. 

Measaim go bhfuil tionchar mór ag fuaimeanna an nádúir ar mo chuid ceoil, go háirithe glór na n-éan, na bhfroganna agus na mbuaf.  Gach rud a chloisim sa cheol, idir rithim, fhoinn agus ghlórtha eile, tá sé le haimsiú i bhfuaimeanna an nádúir. I gcás an albaim seo bheartaigh mé ceol ‘plainéadach’ a dhéanamh. 

 

2.Musica de Venezuela 1972-81 (Oswaldo Lares) 

Tá go leor ama caite agam le déanaí ag éisteacht leis an dtiomsachán iontach seo de cheol dúchasach as Veiniséala. Ar an bport áirithe seo, tuairim agus sé nóiméad isteach sa rian, cloisfear fliúit Piaroa a spreag mé chun chéad phort Support Alien Invasion (‘The Fold’) a thaifeadadh. Braithim go mbíonn fuascailt i gceist, mar cheoltóir, le scrúdú a dhéanamh ar struchtúir cheol na sinsear.

3. Indicatif – Aéroport Paris-Charles-de-Gaulle (1971-2005) by Bernard Parmigiani 

Níl an ceann seo ach seacht soicind ar fhad. Ceoilín é a bhíodh le clos go dtí an bhliain 2005 ar an láthair in aerfort Charles de Gaulle. Feictear dom go mbíodh físeanna Útóipeacha agus todhchaíocha ina ngnéithe lárnach den saol le linn na ré daonlathaí sóisialta atá thart ná mar a bhfuil i sochaí nualiobrálach an lae inniu. Is dóigh liom gur cheart don gceol filleadh ar an mbóthar úd ar mhaithe le daoine a spreagadh chun tionchar an caipitleachais agus na meán “sóisialta” a shárú san aimsir amach romhainn.

4.DJ Otto – Sonido de Congas 

Agus mé ag léiriú fuaim na gclubanna rince i Monterray, Meicsiceo ní mór dom DJ Otto agus an fhuaim Guaracha atá á chruthú ag na hógánaigh ann a lua. Tugann an bealach d’éirigh leo cruth ar leith a chur ar an mbuille 6/8, atá oiriúnach do chóras fuaime ollmhór, an-spreagadh dom. Tá tríríní le clos go forleathan i gceol Mheiriceá Laidinigh agus i gceol Afracach ach tugaim faoi ndearadh nach bhfuil coirp agus cluasa na nEorpach agus mhuintir Mheiriceá Thuaidh tar éis dul i dtaithí orthu go fóill. 

5. Steve Reid – ‘Odyssey Of The Oblong Square 

Táim an-sásta gur éirigh liom a bheith i láthair ag ceolchoirm de chuid Steve Reich in London ag tús na bliana. Theastaigh uaim Reich a lua i gcomhthéacs an cheoil agus na polaitíochta radacaí — an nasc idir an gníomh réabhlóideach agus foirmeacha nua ceoil, abair. Nuair a bhíonn athrú ar chúrsaí bíonn gá le fuaimeanna nua.

 

 6. Menchess – ‘Mitsubishi Song’

Seoid é an ceann seo domsa cheana féin, port a léiríonn go soiléir gur sa Leathsféar Theas atá na forbairtí is suntasaí ar an gceol leictreonach ag titim amach. Is maith liom roinnt den cheol teibí, íosta atá ag teacht as Durban san Afraic Theas freisin.

 

7. Zapateo Peruano 

Cniogdhamhsa Afrai-Pheiriúch, más maith leat. Mhair mé i bPeiriú ar feadh tamall de bhlianta le linn m’óige. Measaim go raibh tionchar ag an gceol Afrai-Pheiriúch a mbínn ag éisteacht leis agus mé chomh hóg ar an tslí a chuirim rithimí le chéile — ó thaobh struchtúir de, go háirithe.

Support Alien Invasion le fáil anois ar cheirníní Crammed/Cómome.

Níos mó