Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-tuairisc"></div>-ceachtanna-le-foghlaim-ag-buachailli-na-gaeltachta-agus-an-teampall-nua-romhaith-doibh

Ceachtanna le foghlaim ag buachaillí na Gaeltachta agus an Teampall Nua rómhaith dóibh

An Teampall Nua 2-14

An Ghaeltacht 0-12

Chaill siad cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí in aghaidh na Gaeltachta dhá bhliain ó shin ach bhain An Teampall Nua díoltas amach agus bua ar bheagán anró faighte acu ar fhir Chorca Dhuibhne inné i gcluiche ceannais na bliana seo.

 Bhí an bua tuillte go maith ag an dTeampall Nua agus níl aon ghearán ach gur bhuaigh an fhoireann is fearr agus an Ghaeltacht cloíte le hocht bpointe, 2-14 in aghaidh 0-12 i bPáirc Aibhistín de Staic. Ní raibh aon anam ná beocht i mbuachaillí na Gaeltachta sa chéad 20 nóiméad agus faoin am gur dhúisigh siad bhí an cath caillte.

 Ní fhéadfadh an Ghaeltacht tús níos measa a chur leis an gcluiche. Ní raibh ach cúig shoicind déag imeartha nuair a thug Killian Spillane pas do Chian Hallissey a bhris tríd agus a bháigh an liathróid san eangach.

 Bhí cúpla deis iontach eile ar chúil ag an Teampall Nua sa chéad 10 nóiméad agus ba é cúl báire na Gaeltachta Tomás Mac an tSaoir a chinntigh nach raibh bearna níos mó fós idir na foirne luath sa choimhlint. Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag an Teampall Nua sa tréimhse sin agus d’aimsigh siad cúig phointe i dtréimhse cúig nóiméad leath bealaigh tríd an chéad leath chun bearna naoi bpointe a chur idir na foirne, 1-6 in aghaidh 0-0.

D’fheabhsaigh rudaí beagáinín don Ghaeltacht ina dhiaidh sin. Tháinig PJ Mac Láimh isteach mar ionadaí agus ba é a d’aimsigh an chéad scór dóibh. Fuair Seán M. Ó Conchúir scór eile ó chic saor chun an bhearna a laghdú de bheagán eile ach bualadh buille trom eile orthu ansin nuair a scóráil Stephen O’Sullivan an dara chúl don Teampall Nua, tar éis gluaiseachta a raibh baint mhór ag Killian Spillane agus Brian Crowley léi.

D’aimsigh an Ghaeltacht trí phointe idir sin agus leath ama, péire ag Seán M. Ó Conchúir agus ceann ag Óigí Ó Sé, ach bhí siad fós ocht bpointe chun deiridh tar éis an chéad 30 nóiméad, 2-7 in aghaidh 0-5, agus an chuma ar imreoirí an Teamapaill Nua go raibh siad ar a gcompord.

Agus fios acu go raibh géarghá le cúl, chuaigh an Ghaeltacht ar an ionsaí arís agus arís eile sa dara leath ach bhí an Teampall Nua in ann scata mór imreoirí a chur siar i mbun na cosanta agus agus ní raibh leithéidí Éanna Uí Conchúir nó Bhriain Uí Bheaglaoich in ann na bearnaí a aimsiú don Ghaeltacht d’ainneoin a n-iarrachtaí.

Aon uair gur éirigh leis an nGaeltacht an bhearna idir na foirne a laghdú, bhí an Teampall Nua in ann dul díreach suas an taobh eile den pháirc agus scór dá gcuid féin a aimsiú go héasca. Bhí Killian Spillane go háirithe ag imirt ar fheabhas don Teampall Nua agus fuair sé ocht bpointe, sé cinn acu ón imirt.

Beidh ceann faoi ag imreoirí na Gaeltachta agus aon deis a bhí acu i gcluiche an lae inné caite uathu acu sa chéad 15 nóiméad ach tá neart ábhar dóchais ann dóibh chomh maith. Foireann óg is ea í seo go fóill agus fuair imreoirí ar nós Ruaidhrí Uí Bheaglaoich, na deartháireacha Sauerland agus Adam Mac Amhlaoibh léargas maith inné ar a bhfuil ag teastáil chun an chraobh seo a bhaint.

Bhí an Teampall Nua agus an Ghaeltacht cuid mhaith níos fearr ná na foirne eile sa chraobh idirmheánach i mbliana. Agus na seaimpíní anois imithe suas chuig grád na sinsir, má thagann feabhas ar an nGaeltacht agus má fhoghlaimíonn siad de cheachtanna an lae inné, níl cúis ar bith nach mbeadh deis iontach acu an bhliain seo chugainn.

 An Ghaeltacht:T . Mac an tSaoir; C. Ó Murchú, C Ó Lúing, C. Ó Muircheartaigh; F. Sauerland, P. Ó Sé, C. Ó Coileáin; R. Ó Sé, B. Ó Beaglaoich; R. Ó Beaglaoich (0-1), D. Ó Sé (0-3, 2 chic saor), G. Mac an tSaoir; Ó. Ó Sé (0-2), É. Ó Conchúir, S. M. Ó Conchúir (0-4, 3 chic saor). Fir Ionaid: PJ Mac Láimh (0-2) in áit F. Sauerland (23 nóim), A. Mac Amhlaoibh in áit S. M. Ó Conchúir (44 nóim), P. P. Sauerland in áit C. Ó Murchú (55 nóim).

An Teampall Nua:D. Cahalane; M. Hallissey, K. O’Neill, J. Spillane; G. Crowley, T. Morley, P. Clifford (0-1); S. Sheehan, A. Spillane (0-1); T. Doyle, B. Crowley (0-1), J. Crowley-Holland; S. O’Sullivan (1-2, 2 cic saor), K. Spillane (0-8, 2 cic saor), C. Hallissey (1-0). Fir Ionaid: K. McCarthy in áit P. Clifford (32 nóim), P. Spillane (0-1) in áit C. Hallissey (55 nóim), T. Spillane in áit S. Sheehan (58 nóim), J. Rice in áit B. Crowley (58 nóim), J. Sheehan in áit M. Hallissey (58 nóim), M. Reilly in áit J. Crowley-Holland (60 nóim).

 Réiteoir:Brendan Griffin

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Pádraic Ó Ciardha