Home
FAQ's
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs

Cur i gcéill nó cainteanna dáiríre?

Cur i gcéill nó cainteanna dáiríre?

Le hEoin Ó Murchú

Dar le príomh-aire na Breataine, Theresa May, tá dianullmhúchán déanta ag an dá rialtas i dtaobh na gcainteanna idir na páirtithe ó thuaidh atá le tosú inniu in iarracht le Feidhmeannas Stormont a chur sa siúl arís.

Ach an bhfuil siad dáiríre, nó an cur i gcéill é? Iarracht le milleán a leagan ar na páirtithe áitiúla; agus na rialtais ag iarraidh a thabhairt le fios go bhfuil siadsan ag déanamh a ndíchill?

Caithfear a bheith amhrasach, mar ba é an rud a spreag na cainteanna seo ná an méid a bhí le rá ag an sagart Martin Magill ag sochraid Lyra McKee, an t-iriseóir óg ar mharaigh easaontóirí Poblachtánacha i nDoire í.

Dúirt an sagart: “Cén fáth, in ainm Dé, an dteastaíonn marú iriseora le polaiteoirí a thabhairt le chéile in aghaidh an fhoréigin.”  D’éirigh daoine ina seasamh le bualadh bos a thabhairt dó faoi sin, na polaiteoirí ina measc – fiú más go drogallach é ina gcás siúd.

Taobh istigh de dhá lá bhí iarracht eile ar chainteanna fógraithe ag an dá rialtas, agus na páirtithe go léir ag maíomh go nglacfaidís páirt iontu agus go ndéanfaidis a ndícheall le go n-éiróidh leo.

Tá go maith, ach céard faoi na rialtais féin?

Tá an dá rialtas in ainm is a bheith imithe ina mbannaí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar Chomhaontú Chill Rìmhinn, ach is beag rian de sin atá feicthe againn le dhá bhliain anuas.

Go deimhin tá an scéal imithe in olcas ó fuair an DUP greim ar an rialtas i Westminster, rialtas nach féidir leis fanacht in oifig ach le tacaíocht an DUP.

Tháinig na páirtithe ar shocrú cheana ar ndóigh, i mí Feabhra anuraidh, ach nuair a cuireadh an crú ar an tairne ní raibh an DUP in ann an margadh a dhíol le gnáthbhaill a bpáirtí, i dtaobh an Achta Teanga ach go háirithe – fiú is go raibh lucht na Gaeilge i gcoitinne míshásta go maith faoi éiginnteacht an tsocraithe i dtaobh na Gaeilge.

Níl aon chomhartha ann go bhfuil an DUP sásta nó in ann an port sin a athrú.

Cuimhnímis gurbh iad an dá rialtas i gCill Rìmhinn a d’fhógair go mbeadh Acht Teanga ann mar chuid den socrú sin. Tá an DUP ag rá anois nach iad a dhein an margadh áirithe sin, ach cinnte níor labhair siad amach ina choinne ach an oiread.

Bunlíne dearg atá sa scéal seo mar téann sé go croí na ceiste ó thuaidh: is é sin, go gcaithfidh an dá phobal a bheith ar aon chéim maidir le cearta agus stádas, agus maidir le siombail an phobail. Tuigeann Sinn Féin nach feidir leo dul siar air sin (nó bheadh níos mó spáis d’easaontóirí an pobal a thabhairt ar ais go dtí seanlaethanta an fhoréigin).

Is ar an dá rialtas mar sin atá an dualgas an gnó a dhéanamh.  Caithfidh parlaimint Westminster Acht Teanga, mar shampla, a thabhairt isteach cosúil leis na cinn atá i bhfeidhm sa mBreatain Bheag agus in Albain. Agus ar dtús, caithfidh rialtas Bhaile Átha Cliath an brú a chur ar na Sasnaigh é sin a dhéanamh.

Ach arís níl aon chomhartha ann go bhfuil na rialtais ag smaoineamh ar an gcaoi sin.  Tá siad beirt ag labhairt amach ag rá gur ar na páirtithe atá an dualgas, comhghéilleadh a dhéanamh.

Oideas na teipe atá sa gcaint seo, mar is léir nach ngéillfeadh an DUP gan brú orthu, is nach féidir le Sinn Féin glacadh le saoránacht den dara grád don phobal náisiúnach.

Mar sin, cuirim an cheist arís: an cur i gcéill ag na rialtais an iarracht seo? An é go dteastaíonn uathu go mbeadh an milleán le feiceáil ar na páirtithe in ionad orthu féin?

Dá mbeadh siad i ndáiríre bheadh siad sásta comhriail idir an dá rialtas ar an Tuaisceart a thabhairt isteach, mar atá á mholadh ag Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald.  Arís cuimhnímis gur bhagair Bertie Ahern agus Tony Blair ar an DUP i gCill Rìmhinn go mbeadh comhriail na rialtas ann mura mbeadh an DUP sásta glacadh leis an socrú. Is ansin a ghéill Paisley.

Ar ndóigh, beidh drogall ar Theresa May a leithéid a dhéanamh ar fhaitíos go spreagfadh sé olltoghchán dá ndiúltódh an DUP tacú léi a thuilleadh.

Ach i bhfianaise phraiseach na Breatimeachta tá olltoghchán ar na bacáin cheana, agus ag pointe áirithe beidh ar cibé duine a bheas i gcumhacht i Sasana leas na Breataine a chur chun tosaigh ar leas an DUP.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge