Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-tuairisc"></div>-gradaim-do-na-haisti-gaeilge-is-fearr-sna-scruduithe-stait-faighte-ag-beirt-as-scoil-chuimsitheach-chiarain-na-ceathrun-rua

Gradaim do na haistí Gaeilge is fearr sna scrúduithe stáit faighte ag beirt as Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua

| Tuairisc.ie |

Fuair Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua dea-scéal an tseachtain seo agus gradaim bronnta ar bheirt dá scoláirí as na haistí is fearr a scríobhadh do scrúduithe stáit na bliana seo caite.

D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo gur bronnadh ceithre ghradam ar cheathrar daltaí iarbhunscoile a rinne scrúduithe stáit sa nGaeilge in 2018.

Scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara a thug leo péire de na gradaim. Fuair Caoimhe Ní Thuathail, as Tír an Fhia, an teastas barr feabhais d’aiste an Teastais Shóisearaigh agus scríobh sí faoin ábhar ‘An tábhar scoile is fearr liom’, rud a thug deis di, a dúirt sí, tábhacht na Gaeilge ina saol a phlé.

Brian Mac Donncha, as an gCeathrú Rua, a fuair an gradam don aiste ab fhearr i scrúdú na hArdteiste.

‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht sa bhliain 2018’ an t-ábhar a roghnaigh Brian. Is beag an baol ach go raibh neart tuairimí spéisiúla ag beirt Chonamara agus an taithí mhór atá ag an mbeirt ar an díospóireacht. Bhí an bheirt chumasach seo ar fhoirne buacacha a scoile i gComórtas Uí Chadhain Gael Linn agus a dteanga dhúchais ar a dtoil acu beirt.

Deir Brian Mac Donncha go bhfuil an-suim aige féin i gcúrsaí polaitíochta agus rialtais, agus is údar dóchais don Ghaeltacht agus dá pobal misneach seo na hóige.

Táimid fós ag fanacht le hainmneacha an bheirt sárscríbhneoirí eile ón Roinn Oideachais.

Reáchtálann an Roinn Oideachais na gradaim seo chun “scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh”. Deir an Roinn go mbítear ag súil le ‘hardchaighdeán ar fad ó thaobh cruinnis agus úsáid na Gaeilge de” agus le “húrnuacht sna tuairimí a chuirtear i bhfriotal”. 

Scrúdaitheoirí a cheartaíonn na páipéir scrúdaithe a dhéanann moltóireacht ar na gradaim seo agus a roghnaíonn an dá aiste is fearr as aistí uile an Teastais Shóisearaigh agus an péire is fearr i scrúdú na hArdteistiméireachta. Cuireadh béim ar leith ar ‘líofacht stíle agus comhréire’ sa mholtóireacht.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie