Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-naoi-gcineal-duine-a-chasfaidh-ort-ag-comortas-peile-na-gaeltachta

Naoi gcineál duine a chasfaidh ort ag Comórtas Peile na Gaeltachta

| Tuairisc.ie | ,

An ‘county man’ gur bhreá lena chroí a bheith ag imirt ach gur chuir an focar sin stop leis

Cé gurb é an t-imreoir is fearr ag an gclub le leathchéad bliain é níl sé ag imirt mar nár thug bainisteoir an chontae cead dó. Gan amhras thabharfadh sé a bhfuil de bhoinn uile-Éireann aige ach toggáil fiú ar feadh deich nóiméad le go mbuafadh sé dóibh é. Ach an bastard sin de bhainisteoir idirchontae ní thuigeann sé Gaeilge ná Gaeltacht agus tá sé fágtha anois ar an taobhlíne, a skinny tracksuit agus ankle socks fós air agus ablálaí daichead bliain d’aois ó na juniors istigh ina áit agus stánáil á tabhairt dóibh ag crowd anuas as Béal Feirste.

An t-imreoir atá absolutely usheless ach a bheidh ina chaptaen mar dhea má bhuann a fhoireann toisc gurb é an t-aon duine a bhfuil cúpla focal Gaeilge aige le speech a thabhairt

Draftáladh isteach ó na juniors ar maidin é agus aimsíodh geansaí mór a dhóthain dó faoi dheireadh. Is beag aithne atá ag na leaideanna eile air fiú, ach tá sé i lár an aonaigh anois agus é ‘an-sásta glacadh le Corn an Aire’ ar son an pharóiste, paróiste nár cloiseadh aon fhocal Gaeilge ann ó tháinig fear an deontais ón Údarás ar cuairt acu cúpla bliain ó shin. Cuireadh amach an lá sin chomh maith é.

An leaid atá chomh sásta céanna go mbuaileadh a fhoireann sa chéad round

Is ar éigean gur cuimhin leis faoin tráth seo cé hiad a fhoireann. Ná cá bhfuil sé ag fanacht. Ná cén t-am ar fhág sé an marquee aréir. Ná an raibh sé sa marquee aréir. A leithéid de weekend ina dhiaidh sin féin agus níl sé thart fós! Ar chuala tú go raibh cóisir le bheith sna chalets thiar nuair a dhúnfaidh an beár? B’fhéidir go mbeadh couch acu chomh maith.

An réalta óg nach bhfuil fáil air

Imreoir óg nach féidir leis imirt mar go bhfuil sé ag déanamh na hArdteiste agus pé scéal é tá sé ‘istigh’ le mionúir an chontae, nó ar ‘extended training panel’ mhionúir an chontae chun a bheith beacht faoi. Insíonn sé a scéal do chách ar eagla go gceapfaí nach bhfuil sé maith a dhóthain fós. Deir sé go mb’fhéidir go n-imreodh sé má bhaineann siad an final amach. Is í fírinne an scéil nach bhfuil seans faoin spéir go gcuimhneofaí ar é a thosú murach na freeanna.

An ball den choiste náisiúnta

De réir dheasghnátha aisteacha seanbhunaithe an chomórtais ní mór caitheamh leis an mball den Choiste Náisiúnta amhail is gur rí é. Seachain go gcuirfeadh sé a lámh ina phóca. Agus seachain go gcuirfeá ceist air céard é go baileach a dhéanann an Coiste Náisiúnta. Níl sa bhall den choiste náisiúnta, ach sampla amháin de na cineálacha éagsúla daoine a bhíonn ‘ag obair’ nó ‘ar dualgas’ ag an gComórtas. Ar shlí is amaitéarach é an ball den choiste náisiúnta i gcomparáid le leithéidí ‘An boc sin ó Údarás na Gaeltachta’ ar laoch na gcéad Oireachtas agus na míle cruinniú boird é.

An fear ar cuimhin leis chuile chic de chuile chomórtas ó 1969

An cúilín a fuair Dara Ó Cinnéide in aghaidh na gaoithe ón taobhlíne ar an bhFairche i 1995. Nach raibh sé ina sheasamh chomh gar dó agus atá sé dhuitse anois? Óráid Willie Joe. Is cuimhin leis chuile fhocal de chomh maith is dá mbeadh sé ag seasamh os bhur gcomhair á rá anois. Dromaid in 2001? Nárbh é is measa a bhí ite ag na míoltóga?

Máirtín Beag McHugh agus an ‘three in a row’. Bhí sé ag na trí cinn acu agus tuige nach mbeadh, nach raibh sé ag chuile chomórtas beo ó 1969?

An Cailín Gaelach

Cuirtear gach saghas ceiste ar an gCailín Gaelach, seachas an ceann is tábhachtaí: Why?

An seanleaid a chuireann ábhairín beag an iomarca suime sa chomórtas ‘Cailín Gaelach’

‘M’anam ach go rabhadar go maith i mbliana agus iad sách meabhrach freisin cuid acu,’ a deir An Seanleaid a Chuireann Ábhairín Beag an Iomarca Suime sa Chomórtas ‘Cailín Gaelach’, agus a bholg ag brú isteach an chabhantair sa Marquee.

©INPHO/Bryan Keane

Na Laochra Gael Óga

Tá an ceart céanna ag Na Laochra Gael Óga a bheith sa chomórtas is atá ag gach duine eile. Tá siad gach pioc chomh Gaelach leis an dream eile, agus níos Gaelaí go mór ná cuid acu. Is i gcathracha móra na hÉireann a thabharfar an Ghaeilge slán. Is fíor do na Laochra Gael Óga gach ceann de na ráitis sin agus ar chraiceann do chluaise ná habair a mhalairt leo más fút an deoch sin a ordú sula ndúnfaidh an beár. Aithneoidh tú na Laochra Gael Óga chomh maith mar gur Gaeilge amháin a thagann as a mbéal. ‘A réiteoir, chiceáil sé mé lena bhróg pheile. In ainm Dé, a réiteoir, sin cailís nimhneach!’

Níos mó