Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-tuairisc"></div>-ni-mor-d’oifig-coimisineara-teanga-a-bheith-‘neamhspleach’-–-rabhadh-o-11-coimisineir-teanga

Ní mór d’oifig coimisinéara teanga a bheith ‘neamhspleách’ – rabhadh ó 11 coimisinéir teanga

| Tuairisc.ie | ,

Tá a dtacaíocht tugtha ag Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga don éileamh go dtabharfaí acht Gaeilge isteach agus go mbunófaí oifig coimisinéara teanga ó thuaidh.

Sa litir ar seoladh chuig Conradh na Gaeilge í, deir an 11 coimisinéir teanga atá ina mbaill den chumann idirnáisiúnta nach eagraíocht stocaireachta é ach go dtacaíonn siad le “dea-iarracht” an Dream Dearg “cearta teanga” a chur chun cinn.

Tugtar rabhadh sa litir, áfach, go bhfuil sé “riachtanach” go mbeadh Coimisinéir Teanga neamhspleách “chun muinín an phobail san oifig agus sa ról a chothú”.

Bhí imní ar lucht feachtais ó thuaidh faoin easpa neamhspleáchais a bhain le ról an choimisinéara teanga de réir mar a leagadh amach é sa dréachtmhargadh a rinne Sinn Féin leis an DUP mí Feabhra seo caite.

Cé nár ghlac an DUP leis an margadh sin faoi dheireadh, bhí an Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge buartha faoin a laige, dar leo, is a bhí na cumhachtaí a bhí luaite le ról an Choimisinéara ann.

De réir eolais a sceitheadh faoin dréachtmhargadh, sula mbeadh an coimisinéir teanga nua in ann rialacha ar bith a chur i bhfeidhm, bheadh air nó uirthi tuairimí an phobail a lorg trí chomhairliúcháin phoiblí, agus ansin cead a fháil ón gCéad-Aire agus ón LeasChéad-Aire.

Dúirt an Dream Dearg cheana go bhfágfadh a leithéid go mbeadh cearta an mhionlaigh ag brath ar thuairimí an mhóraimh agus ar pholaiteoirí agus gur “droch-chleachtas amach is amach é sin”.

Deir na Coimisinéirí sa litir gur féidir le Coimisinéir Teanga “a bheith lárnach sa phróiseas a bhaineann le teanga atá á labhairt ag mionlach a chosaint agus a chaomhnú”.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh thacaíocht na gCoimisinéirí as Ceanada, an Bhreatain Bheag, an Chosaiv, an Bheilg, An Chatalóin agus Tír na mBascach.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gur eisceacht an Tuaisceart ó thaobh cearta teanga agus go raibh gá le Coimisinéir Teanga chun sin a leighead.

“Tríd an stádas neamhspléach a bhíonn ag na Coimisinéirí teanga, cinntíonn siad go mbaintear na teangacha seo amach as aon chomhthéacs míchothrom nó leatromach polaitiúil. Tá sin de dhíth orainn níos práinní anois ná riamh,” arsa Niall Comer.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “athdhearbhú” é tacaíocht Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ar an tacaíocht “fhorleathan” atá ann d’acht Gaeilge.

“Gealladh Acht Gaeilge dúinn i gComhaontú Chill Rìmhinn sa bhliain 2006. Is comhráthóirí iad Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann den Chomhaontú sin, agus tá sé de dhualgas orthu feidhmiú an ghealltanais seo a chinntiú. Éistimis leis na saineolaithe.

“Bíodh aon reachtaíocht bunaithe ar ghá teangeolaíoch, caighdéain na gcearta daonna, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta atá i bhfeidhm cheana féin fud fad na cruinne,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá ceist an achta Ghaeilge ina húdar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP i gcónaí agus tús curtha le babhta cainteanna polaitiúla eile.

Acht don Ghaeilge amháin atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus ag an Dream Dearg.

Tá grúpa oibre speisialta bunaithe le dul i mbun plé faoi chás an achta Ghaeilge féachaint an féidir teacht ar réiteach faoin gceist atá ina dris chosáin mhór roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont.

Tá an grúpa – a bheidh ag plé le ceisteanna comhionannais, teanga agus féiniúlachta – ar cheann de chúig ghrúpa oibre atá bunaithe mar chuid den bhabhta nua cainteanna polaitiúla.

Ar cheist na reachtaíochta Gaeilge agus ceist an chomhionannais phósta is mó a dhíreoidh an grúpa. Beidh cás na hUltaise san áireamh sa chaint chomh maith.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie