Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<div-class="credit-nos"></div>-rian-agus-fisean-araon-fe-mar-a-bheadh-briongloid-ann

Rian agus físeán araon fé mar a bheadh brionglóid ann

Tá rian úr blasta ceoil ag Seaghan Mac an tSionnaigh le clos sa bhfíseán is déanaí uaidh. D’uaslódáil sé ‘Agus dúrt léi’ ar a chuntas YouTube ó chianaibh agus ba mhaith ina cheann é.

In Uppsalla na Sualainne atá an fánaí agus fear focal as Móin Choinn ina  chónaí fé láthair agus is ar phóirse ildaite árasáin éigin a bhfuil buannaíocht aige air sa chathair sin a deineadh an scannán gairid atá ag gabháil leis an amhrán.

Ach ná cuireadh giorracht an phíosa an dallamullóg ort. Beidh do sháith le sú isteach agat laistigh den dhá neomat go leith idir fhuaim, fhocail agus fhís. Murab ionainn agus Seaghan féin agus é le feiscint ina shuí sa radharc go machnamhach ag breacadh síos i gcóipleabhar.

Ar thairseach idir dhá shaol atá sé — saol príobháideach an tí (a chuid smaointe inmheánacha féin) agus alltar an tsaoil ar an dtaobh eile de na crainn (saol atá ag síorathrú). É ina staid tamall idir fios agus ainbhios. Idir cuimhne agus aimnéise.

Tá an rian agus an físeán araon fé mar a bheadh brionglóid ann.

Féachann an físeán le teacht agus imeacht cuimhní an duine a iniúchadh agus is mó brí a bhainfidh tú as ach féachaint air cúpla turas. 

Dá mhéad uair a fhaireann tú é is ea is mó a fheicfir. Tá an seat féin ag glioscarnach. Na craobhacha dathúla á suaitheadh ag leoithní gaoithe ag léiriú neamhshuim an nádúir i leith síorstreachailt an duine greim a choimeád ar a chuimhní, ar an stair. 

Cóip den Duinníneach istigh fén mbord mar a bheadh taisceadán, cónra…nach osclóidh a bhéal go brách ar na nathanna agus tagairtí comhaimseartha i liricí an tSionnaigh – ‘ard’, Kneecap, maidhc-dainín agus araile.

Is diail an léiriú é ar mar a shleamhnaíonn an t-am tharat. Fan i do shuí agus chífidh tú an saol ag flyáil leis — an t-éan, an chairt agus fiú droim an fhámaire (an scríbhneoir Mark Weiner a d’ullmhaigh an bhalcóin agus a stiúir an ceamara) agus é ag siúl síos na steipeanna lena mhuga caife.

Bhí de ghliocas ag an Sionnach dul i gcomhair le léiritheoir ceoil ó Soundcloud darb ainm altitude ar thóir an phoirt shuanmhair. Agus tá caighdeán na fuaime le moladh go hard. An dord ann chomh cúránach le sobal pioint pórtair i dtigh Khruger agus géar-nótaí an phianó ag cnagadh go binn mar bhraonta fearthainne tuirlingthe isteach i dtobar meala.

Ba dhóigh leat gur teachtaireacht glóir é an guth atá seolta ar WhatsApp [faic ar barra, mar a gcuala air, lá]. Agus deineadh jab iontach gan atmaisféar an phíosa a loit le hiomad cainte. Ní raibh aon iarracht bhréagach ann ar cheol a tharrac as focail —scaoiltear le gnáthchaint a rithim nádúrtha féin a aimsiú agus na bearnaí a líonadh.

Agus murar leor duit san mar shlacht, féach gur deineadh iad a chiorrú níos mó le briathra foirfe comhtháite Leath Mhogha .i. bhíos, chuimhníos, chuas, rabhamair, dúrt.

Is maith a chruthaíonn Mac an tSionnaigh éagsúlacht ábhair go rialta, is cuma ceol, filíocht, físeáin, gearrscannáin, aistriúcháin, piss-takes nó léachtaí teangeolaíochta. Is fiú súil a choimeád ar a chuntas.

Glac do staidéar ar feadh scaithimh inniu pé áit go bhfuileann tú, cuir ort na cluasáin, lig don saol imeacht tharat, agus bain sásamh as an bpíosa deas so.

Ó agus dála an scéil;

Is ón tSeineagáil a tháinig an deilbhín éabhainn.

Níos mó
NÓS | NÓS