Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘teachtaireacht-laidir’-faoin-ngaeilge-do-na-pairtithe-go-leir-i-bpobalbhreith-iarvotala

‘Teachtaireacht láidir’ faoin nGaeilge do na páirtithe go léir i bpobalbhreith iarvótála

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gurb ionann torthaí phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4 i dtaobh na Gaeilge agus “teachtaireacht láidir do gach páirtí” faoin teanga.

Tá 60% de dhaoine den tuairim go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge, de réir phobalbhreith iarvótála RTÉ agus TG4.

Daoine idir 18 agus 34 bliain d’aois is mó a bhí ar son na teanga agus 69% de dhaoine sa ghrúpa sin a dúirt go raibh tábhacht léi.

De réir na pobalbhreithe a rinne Red C i measc 3,000 duine in 150 ionad vótála, 27% de dhaoine a chreideann go bhfuil an Ghaeilge ‘fíorthábhachtach’.

Ní dúirt ach 5% nach raibh tábhacht ar bith leis an teanga.

Dúirt Julian de Spáinn gur “meabhrú eile” don Rialtas agus don aos polaitiúil a bhí sna torthaí sin “go bhfuil an pobal go láidir taobh thiar den teanga”. 

“Léiríonn na torthaí go mbeadh beannacht an phobail ag an Rialtas nó ag aon rialtas eile tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don oideachas a thabhairt isteach don oideachas trí Ghaeilge agus tacú go láidir le bunú níos mó gaelscoileanna. 

“Léargas ar mheon an phobail faoin nGaeilge atá ann agus léiríonn sé go gcuirfeadh daoine fáilte roimh chinntí suntasacha ar son na Gaeilge,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Iarradh orthu uimhir idir 0 agus 10 a thabhairt do thábhacht na teanga. 27% a thug uimhir 10 di, an céatadán is mó as aon cheann de na huimhreacha. Uimhir 8 an céatadán ab airde ina dhiaidh sin.

Creideann os cionn an cheathrú cuid de na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith a rinneadh thar ceann RTÉ agus TG4 inné go bhfuil an Ghaeilge “fíorthábhachtach”. 5% a dúirt nach bhfuil tábhacht ar bith léi.

Rinneadh os cionn 3,000 agallamh ag breis is 150 ionad vótála agus cuireadh roinnt ceisteanna ar dhaoine faoi thábhacht na Gaeilge dar leo.

Iarradh orthu siúd a ghlac páirt sa phobalbhreith iarvótála uimhir idir 0 agus 10 a roghnú mar léiriú ar an tábhacht a shamhlaigh siad leis an nGaeilge. Ba é uimhir 10 an rogha is coitianta ag daoine agus os cionn  an ceathrú cuid de dhaoine den tuairim go raibh an Ghaeilge ‘fíorthábhachtach’.

60% de dhaoine a roghnaigh uimhir 7,8,9 nó 10.

Lucht tacaíochta Shinn Féin ba mhó a shamhlaigh tábhacht leis an nGaeilge – 67% – agus lucht tacaíochta Fhine Gael ba lú a mheas tábhacht a bheith ag baint léi – 52%.

Dúirt 88% de dhaoine a labhraíonn Gaeilge go rialta go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge agus 39% de dhaoine nach raibh labhairt na Gaeilge acu a dúirt go raibh tábhacht léi mar sin féin.

Maidir le beartais i dtaca le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge, ba iad na gaelscoileanna is mó a luadh agus 34% de dhaoine den tuairim gurb iad na scoileanna lán-Ghaeilge is mó a dhéanann leas na teanga. 16% a mhaígh gurb é an rud is mó a dhéanfaidh leas na Gaeilge ná go dtabharfaí di sa Ghaeltacht. 14% a dúirt gurb é an rud is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná go mbeadh cláir teilifíse i nGaeilge ann.

Dúirt 8% gurb é an beart is tábhachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar son teanga ná tacú le suímh idirlín i nGaeilge agus 3% a dúirt amhlaidh faoi chláir raidió Gaeilge.

Idir an dá linn, de réir na pobalbhreithe iarvótála, 65% de dhaoine atá ar son athaontú na tíre.

Níos mó