Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-airim-foghlaim-na-teanga-i-mo-phutoga

Airím foghlaim na teanga i mo phutóga

Cuireann sé iontas orm i gcónaí an dóigh ar féidir leat scil a thabhairt leat nuair a dhíríonn tú tú féin go huile is go hiomlán ar a sealbhú. Teanga nó scil eile, má chaitheann tú do do dhóthain ama ina bhun, ní féidir ach dul i bhfeabhas.  Anois, ní mé ag maíomh go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar mo chuid Gaeilge le cúig lá anuas, ach airím go bhfuilim ag feabhsú.  

Ar a laghad ar bith, tá bunús láidir curtha faoi mo chuid Gaeilge tar éis cúig uair an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh á foghlaim, agus is féidir liom bogadh ar aghaidh leis an teanga anois. Cé gur fhoghlaim mé formhór na rudaí a rinne muid sna ranganna roimhe seo, ar nós na n-aimsirí, na briathra neamhrialta, agus na huimhreacha, ba mhór an chabhair iad uilig a dhéanamh in éindí.  

Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil teacht agam ar rang Gaeilge in Hamburg, ach bíonn sé deacair an dul chun cinn a aithint nuair nach mbíonn agat ach rang amháin in aghaidh na seachtaine. Tá sé go hiomlán difriúil nuair a bhíonn 25 uair an chloig de ranganna agat i gcúig lá. 

An áit is mó a bhfeicim an difríocht i mo chuid Gaeilge ó tháinig mé anseo ná an tuiscint. Aithním i bhfad níos mó focal agus mé ag éisteacht le daoine sna hardranganna ag caint, agus airím nach bhfuil le déanamh agam ach an stór focal atá ar snámh i m’intinn a chreathadh le go mbeidh mé in ann labhairt.  

Airímse an fhoghlaim teanga i mo phutóga. San am a caitheadh,  d’airigh mé i gcónaí go mbíodh bac fisiciúil orm díreach sula ndéanainn dul chun cinn.  Shílfeá go bhfuil balla le dreapadh i mo chloigeann féin. Airím go bhfuil an balla sin romham anois leis an nGaeilge, agus tá dóchas agam mar sin go bhfuil dul chun cinn le déanamh, go mbeidh mé in ann níos mó a labhairt, agus go mb’fhéidir go n-éireoidh mé as freagraí a thabhairt i nGearmáinis.  

Cé gur bhreá liom dul chun cinn i bhfad níos sciobtha a dhéanamh, ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin mura n-aistrím chun na Gaeltachta agus mura labhraím tada ach Gaeilge ar feadh bliana nó mar sin. Bogfaidh mé céim ar chéim don am i láthair agus feicfidh mé cén dóigh a n-éireoidh liom go dtí  go dtosóidh mo rang arís sa bhaile i mí Mheán Fómhair.  

Is maith an rud fios a bheith agam go bhfuil daoine ó gach cearn den domhan a bhfuil an spéis chéanna acu i bhfoghlaim na Gaeilge agus atá ag bogadh sa treo céanna liom. Ní féidir mórán a dhéanamh gan pobal, agus síneann an pobal seo timpeall na cruinne. Agus murar spreagadh é sin dom leanúint orm ag foghlaim, níl a fhios agam céard a spreagfadh duine. 

Níos mó