Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim…

Ar Chúl an Albaim…

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Pull The Write Rope is teideal d’albam début an amhránaí daoncheoil comhaimseartha Junior Brother, nó Ronan Kelly mar a thugtaí ar scoil air agus é ag fás aníos i gCill Chuimín in aice le Cill Áirne na Ríochta.  

I margadh atá dubh le ceol leamh patuar, tá pearsantacht láidir inchreidthe ag amhráin amha aite Kelly a eascraíonn as cumadóir a bheith ag feidhmiú de réir a mhéine.

Seo mar a chuir Kelly síos ar na foinsí inspioráide is mó a chuaigh i bhfeidhm air agus ceann de na halbaim is suaithinsí a bhfuil cloiste agam i mbliana á chumadh agus á thaifeadadh aige.


1. Joanna Newsom – ‘Have One On Me’ 

Baineann an t-amhrán seo úsáid iontach as uirlisí nádúrtha, go háirithe sa tarna leath nuair a thógtar racán millteanach chun léiriú go bhfuil mothúcháin Newsom ina gcíor thuathail sula stopann sé go tobann. An sean agus an nua ag bualadh díreach in éadan a chéile. Bhí tionchar ar leith ag ‘Have One On Me’ ar an amhrán ‘Big House’ ar an albam, ina bhfuil racán den saghas céanna le clos.

2. The Chieftains – ‘Planxty George Brabazon’

Bhí mé ag iarraidh go mbeadh fuaim an ghiotáir ar m’albam teolaí agus go mothódh sé cóngarach do chluas an éisteora, ach go mbeadh tondath na cláirsí ar shlite áirithe. Bhí tionchar mór ag seinm cláirsí Derek Bell le The Chieftains ar an mbealach a sheinnim an giotár. Port ón 18ú hAois leis an gcruitire dall Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin é ‘Planxty George Brabazon’. Tá mo leagan féin de le clos ag deireadh an amhráin ‘Full Of Wine’, rian uimhir a ceathair ar m’albam nua.

Bhí tionchar níos mó ag leagan Derek Bell ar mo leagan-sa ná mar a bhí ag leagan The Chieftains féin. Tá an leagan sin le Derek Bell le clos ar cheann de na ceirníní is giorra do mo chroí, albam aonair dá chuid dár teideal Carolan’s Receipt.

3. Death Grips – ‘Spread Eagle Cross The Block’

Uaireanta is maith liom dul thar fóir le tróip an daoncheoil agus tróp lárnach a cloistear go minic i gcás amhrán na ndaoine anseo in Éirinn ná an t-alcól. Bhí tionchar ag Death Grips orm sa mhéid sin, déantar siúd an rud céanna i gcás tróip an cheoil hip-hap, ach go dtéann siad níos faide thar fóir ná mé féin, fiú. Ar an amhrán seo, deoch agus alcól atá i gceist. Is minic a moltar deoch agus drugaí sa cheol hip-hap ach anseo téann sé i bhfad thar mholadh — táid splanctha ar fad ina ndiaidh. Is cosúil é le hamhrán hip-hap a cuireadh trí chumascóir feirge agus gealtachta neamhshrianta.

4. Incredible String Band – ‘Lordly Nightshade’

Is mór an inspioráid  dom Robin Williamson as Incredible String Band, go háirithe ó thaobh stíl éasca a chuid amhrán ó thaobh struchtúir de, agus liriciúlacht dochreidte, nádúrtha an fhir. Tá léiriú aoibhinn ar an dá eilimint úd le clos ar ‘Lordly Nightshade’. Bhí tionchar nach beag ag an úsáid a bhaineann Williamson as íomháineachas seanaimseartha, siombalach, agus an tsaoirse lena chum agus a chas an grúpa amhráin, ó thaobh struchtúir agus ionstraimíochta de, ar mhórán de na rianta ar m’albam úr, go háirithe ‘Purple Circle’.

5. Planxty – ‘Kellswater’

Ceann de na rianta is giorra do mo chroí é an ceann seo le Planxty toisc an blas tiubh, láidir de thírdhreach ársa, tuaithe atá le braistint ann. Samhlófá gur taibhse é reacaire an scéil, scéal atá á leaschraoladh aige ón gcuan ina thit cúrsaí amach. Dheineas iarracht blas sin na hársaíochta neamhshaolta a chruthú ar an amhrán ‘You Will Know My Name’, go háirithe.

6. David Munrow and the Early Music Consort of London – ‘Scaramella va a la Guerra’

Tháinig mé ar cheol David Munrow den chéad uair agus mé 19 nó 20 bliain d’aois. D’éist mé le mo chóip de ‘Instruments of the Middle Ages and Renaissance’ arís agus arís eile go dtí gur chailleas é (an dlúthdhiosca, seachas mo shlánchiall).  An rud faoi cheol an Renaissance a chuaigh i bhfeidhm orm thar aon rud eile ná an feidhm a bhaintí as an tambóirín. Rithim thambóirín atá le clos go forleathan i gceol Renaissance atá sa cheann a chloisimid sa leagan seo d’amhrán Josquin de Prez. Bainim úsáid as rithimí dá leithéid i m’amhráin féin, cé gur minic iad measctha le rithimí eile a bhfuil amchomharthaí neamhghnách i gceist leo. Thugas faoin rithim ar bhealach níos traidisiúnta ar an amhrán ‘Full Of Wine’ – tá sí le clos sna véarsaí.

7. Slint – ‘Good Morning Captain’

Mar bhuille scoir, Slint. Grúpa iontach, aisteach as Louisville, Kentucky. Caitheann Slint scáth thar nach mór gach mír ghiotáir a chumaim. Mothaím go bhfuil dáimh againn le chéile seachas go bhfuil tionchar díreach acu orm.  Mar sin féin, is dócha nach bhfuaimneodh na míreanna giotáir ar amhrán mar ‘You Will Know My Name’ mar a dhéanann ach Slint tar éis léiriú dom nach amháin go spreagann réimniú ó chorda atonúil amháin go corda atonúil eile mothúcháin an mhíshuaimhnis ionat, ach go n-éiríonn leis. 

Pull The Right Rope le Junior Brother le fáil anois ar cheirníní Strange Brew na Gaillimhe

Níos mó