Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Beidh sé ina theaspach i sé chontae amárach agus rabhadh teasa i bhfeidhm
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beidh-se-ina-theaspach-i-se-chontae-amarach-agus-rabhadh-teasa-i-bhfeidhm

Beidh sé ina theaspach i sé chontae amárach agus rabhadh teasa i bhfeidhm

Tá rabhadh eisithe ag Met Éireann go mbeidh sé ina theaspach i sé chontae ar an gcósta thiar amárach óna haon a chlog go dtí a seacht a chlog tráthnóna.

Gaillimh, Maigh Eo, An Clár, Luimneach, Ciarraí agus Corcaigh na contaetha is teo a bheidh agus is leosan a bhaineann an rabhadh seo.

Beidh an teocht idir 21 agus 25 céim Celsius sa gcuid is mó den tír ach beidh fuarú beag ag muintir an chósta in Ulaidh agus i Laighin a bhuíochas den leoithne gaoithe anoir aduaidh.

Tá Met Éireann á thuar nach mbeidh an spalladh gréine seo linn ach amárach agus Dé hAoine, cé go bhféadfadh sé éirí scamallach ar an gcósta thiar ar an Aoine agus ceathanna toirní a bheith in áiteanna.

Níl á ghealladh dúinn faoi láthair ach an dá lá gréine seo mar is díle bháistí agus stoirmeacha toirní a bheas i ndán dúinn arís faoin Satharn.

De réir lucht an Met Office ní bheidh na ceathanna chomh trom ná chomh fairsing san oirthuaisceart.

Deir lucht Met Éireann go ndéanfaidh an bháisteach a bealach soir Muir Éireann faoin iarnóin Dé Sathairn agus go ndéanfadh sé lá te, idir 19 agus 25 céim Celsius.

Lá bog ceathach atá romhainn ar an Domhnach agus an teocht níos nádúrtha don taobh seo domhan, idir 16 agus 20 céim Celsius.

Tá fainic curtha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar dhaoine a bheidh ag dul thar sáile go bhfuil rabhadh oráiste fógartha ag Rialtas na Fraince, mar a bhfuil daoine maraithe ag an teas.

Níl Met Éireann ag tuar go mbeidh an teocht in aon ghaobhar don 40 céim atá acu ar mhór-roinn na hEorpa ach tá comhairle eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an HSE, faoin gcontúirt a bhaineann leis an teas seo nach bhfuil aon chleachtadh againn air.

Ráig an tSahára atá baiste ar an tonn teasa san Eoraip agus teas damanta sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus san Iodáil. Sruth aer te aníos as an Mhagraib in iarthuaisceart na hAfraice agus an Spáinn is cúis leis an aimsir the.

Deir an HSE gur cheart dúinn cúram speisialta a dhéanamh do dhaoine a ngoillfeadh an teaspach seo níos measa orthu – seandaoine, naíonáin agus páistí óga, daoine a bhfuil deacrachtaí croí nó anála acu agus daoine a bhfuil fadhbanna acu lena sláinte intinne. Iarrtar ar lúthchleasaithe, oibrithe láimhe, tógálaithe agus daoine a bhíonn ag dul don spórt neart uisce a ól agus a bheith fíorchúramach ar fhaitíos go mbuailfeadh an ghrian iad.

Is míthráthúil go bhfuil cosc snámha de bharr truaillithe i bhfeidhm ar thránna go leor i mBaile Átha Cliath nuair is breátha an uain. Tá comhairle á cur ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann a bheith stuama agus tú ag tabhairt faoin uisce le faoiseamh a fhail ón teas. Ná téigh amach thar do dhomhain féin, ná tabhair d’aghaidh amach agus tú ag snámh, ná téigh ag snámh i d’aonar, seiceáil aon bhratacha sábháilteachta atá ar an trá, cloígh le haon treoracha atá crochta ar an trá agus ná téigh ag snámh agus ól déanta agat.

Níos mó

Máire Ní Fhinneadha

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge