Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fear-og-singil-creidmheach?-is-gnach-gur-duine-amscai-e

Fear óg singil creidmheach? Is gnách gur duine amscaí é

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá mná Críostaí ag éirí as cleachtadh a gcreidimh toisc nach féidir leo teacht ar fhir mhaithe laistigh dá bpobal creidimh féin – sin a deir an t-údar Astrálach Anna Hitchings in alt a scríobh sí le déanaí agus atá ina ábhar mór cainte ina tír dhúchais. 

Tá Hitchings féin, 32 bhliain d’aois, i measc na mban Caitliceach atá cinnte de gurb é an pósadh a ngairm bheatha ach a bhfuil teipthe orthu fear fóirsteanach a aimsiú. San alt uaithi cuireann sí in iúl an drochmhisneach atá ar mhná dá lucht aitheantais faoin gceist seo, agus deir sí go bhfuil cúrsaí chomh dona sin gurb iomaí duine acu a bhfuil cúl tugtha acu dá gcreideamh chun stócach aindiach nó neamhchreidmheach a phósadh. 

Deir Hitchings gur tearc iad na fir idir 25-35 atá singil, a fhreastalaíonn ar an Aifreann agus a bhfuil taithí saoil acu. Is minic a chastar fir uirthi nach bhfuil ach dhá thréith díobh sin acu. Más fear singil é a chleachtann a chreideamh is gnách gur duine amscaí é a bhfuil bunscileanna sóisialta in easnamh air: is é sin le rá, is deacair aon chineál comhrá a dhéanamh leis. 

Má tá taithí saoil aige, is minic gan é a bheith singil nó ina chreidmheach. Is é atá i gceist ag Hitchings le taithí saoil a bheith ag fear ná nach mbeadh scáth ná eagla air roimh an saol agus go mbeadh sé in ann a bheatha a shaothrú.

Molann daoine áirithe do Hitchings dul ar thóir fir lasmuigh dá pobal Críostaí féin agus é a iompú ina chreidmheach, faoi mar a rinne na mná i laethanta luatha na Críostaíochta nuair a scaip siad an Chríostaíocht i measc na bpágánach, na fir á bpósadh acu ar an gcoinníoll go dtiontóidís ina gCríostaithe. 

Ach is leasc le Hitchings amhlaidh a dhéanamh toisc luachanna fhir dhíchreidmheacha an lae inniu a bheith bunoscionn lena a luachanna féin, go háirithe ó thaobh staonadh ón ngnéas roimh phósadh. 

Seachas fir a thiontú, is mó an claonadh atá ag mná Críostaí an lae inniu a gcreideamh a thréigean ar mhaithe le fir a phósadh agus iad faoi bhrú iad féin a chur in oiriúint do luachanna saolta na sochaí chun grá a aimsiú: deir Hitchings go mb’fhearr léi fanacht dílis dá creideamh seachas amhlaidh a dhéanamh. 

Ag cóisirí agus ag imeachtaí sóisialta eile, buaileann Hitchings le líon mór ban Caitliceach – iad álainn, cliste agus singil, gan uathu ach searc agus onóir a thabhairt do stócach macánta. Faraor géar, tá an bhuíon ban singil seo ag dul i méid a fhad is atá líon na bhfear cráifeach inphósta ag titim go géar. 

Tuige a bhfuil fir dhílse Chríostaí chomh gann sin? Ar an gcéad dul síos, is mó an líon ban i ngach áit a chreideann i nDia nó a théann ar Aifreann ná líon na bhfear: an ráta atá ann ná timpeall 60:40 ar son na mban. 

Rud eile de: is fadhb é an easpa fear inphósta, a deir Hitchings, nach mbaineann le pobail chreidimh amháin. Agus an oiread sin fear óg tugtha don phornagrafaíocht agus do na cluichí ríomhaireachta, is iomaí duine acu ar beag a spéis i gcaidreamh le bean san fhíorshaol. 

Tacaíonn Hitchings le leithéidí Jordan Peterson dá bharr, duine atá ar a dhícheall ag iarraidh fir óga a chur ar an mbóthar ceart i dtreo na fearúlachta agus na freagrachta. 

Anuas air sin, toisc gur rud frithchultúrtha é bheith i do Chríostaí sa lá inniu, is minic a bhíonn rud éigin aisteach faoi na fir atá ag cleachtadh an chreidimh, iad sásta a bheith ina n-éin chorra, scartha amach ar imeall na sochaí.

Rud eile gur fiú a lua anseo ná go bhféadfadh baint a bheith ag cúrsaí oideachais le cruachás Hitchings: ar an meán, is airde an leibhéal oideachais atá ar mhná ná ar fhir ar na saolta deireanacha. 

Is nós linn ar fad – agus le mná ach go háirithe – céile a roghnú atá ar comhchéim shocheacnamaíoch linn, ar a laghad, seachas duine a bhfuil pá nó céim shóisialta níos ísle aige. Toisc gur mó an líon ban a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu, tá easpa fear ann dóibh mura bhfuil siad sásta glacadh le fir nach bhfuil an t-oideachas nó an stádas socheacnamaíoch céanna acu.

An é go bhfuil éirí in airde ar Hitchings agus ar mhná eile, mar sin? É ródheacair iad a shásamh toisc ionchais ró-ard a bheith acu ní hamháin maidir le leibhéal oideachais an fhir ach maidir lena dhathúlacht agus lena thaithí saoil freisin. 

Ní ghlacann Hitchings leis go bhfuil sí rófhústrach, áfach: deir sí gur den riachtanas di fear a aimsiú lena bhféadfadh sí gnáthchomhrá stuama, eagnaí a dhéanamh agus a bhfuil dúil fhisiciúil aici dó. Agus b’fhearr léi fanacht ina haonar ná fear mí-oiriúnach a phósadh. 

Níl mórán uaithi, a deir sí: tá sí ar thóir an rud a bhíodh coitianta i measc a sinsear 60 bliain ó shin san Astráil, nuair a bhíodh beagnach cách ag freastal ar Aifreann an Domhnaigh, agus gan mórán deacrachta acu céilí a aimsiú i measc an phobail creidimh.

Níos mó