Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-‘craiceann’-agus-imeachtai-eile

Féile ‘Craiceann’ agus imeachtaí eile

Seoladh albam nua Gatehouse, Ionad Ealaíona Ros Comáin, Dé hAoine 21 Meitheamh @ 20:00

Tá an dara albam curtha le chéile ag baill an bhanna Gatehouse! Is minic go mbíodh rianta ón gcéad albam, Tús Nua, á sheinm agam féin agus mo chomhghleacaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta – táim ag súil go mór más ea, le greim a fháil ar Heather Down the Moor, atá curtha i dtoll a chéile acu. 

Seolfar an saothar nua in Ionad Ealaíona Ros Comáin tráthnóna inniu, agus is faoin bhfliúiteadóir ón gcontae céanna, Patsy Hanly, a bheidh an cúram sin. Beidh aíonna ceolmhara speisialta ar an láthair chomh maith: Conor McEvoy, John Joe Kelly, Michael McCague and Paddy McEvoy.

 

Seoladh an leabhair Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh, Dún Chíomháin, Dé Sathairn 22 Meitheamh @ 17:00

Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireachtan Ríordánaigh, teideal an leabhair nua atá curtha in eagar ag Ríona Ní Churtáin ó Ollscoil Luimnigh agus Tríona Ní Shíocháin ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh agus a sheolfaidh an file Dairena Ní Chinnéide Dé Sathairn. Is aistí ar smaointeoireacht Sheáin Uí Ríordáin atá sa saothar seo a d’fhoilsigh An Sagart. Is i nDún Chíomháin sna Cluainte a bheidh an seoladh, agus tá fáilte roimh chách ann.

 

Inni-K, The Sanctuary Stage,  Body & Soul, Co. na hIarmhí, Dé Sathairn 22 Meitheamh @ 17:00;

Inni-K agus Her Crooked Heart, Tigh tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme, Dé Máirt 25 Meitheamh @ 20.30;

Inni-K, Black Box, Béal Feirste, Dé Céadaoin 26 Meitheamh @ 20:00

Is maith is eol d’éisteoirí rialta an leathanaigh seo, go bhfuil dúil mhór agam i gceol Inni-K. A stuif aonair agus a cuid ceoil leis an mbanna Ré; is amhránaí breá í, atá in ann stíl an tsean-nóis agus stíl chomhaimseartha a thabhairt léi go paiteanta, gan trácht ar a cumas uirlise.

Is ag Body & Soul a bheidh sí Dé Sathairn, d’éinne atá ag teacht chucu féin tar éis Fhéile na Gealaí agus fonn ragairne orthu arís!

Beidh sí le feiscint in éineacht le banna ceoil cumasach eile, ó Minneapolis Dé Máirt seo chugainn i dtábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme, Her Crooked Heart atá orthu – Rachel Ries agus a comhghleacaithe ceolmhara. 

Tá saol an cheoil breá láidir sa cheantar sin, agus cáil an cheoil ní hamháin ar an tábhairne sin, ach ar Walsh’s, Hughes agus scata eile sa chomharsanacht.

Tar éis di a bheith san Ardchathair, tabharfaidh sí aghaidh ar Bhéal Feirste, mar go mbeidh sí sa Black Box Dé Céadaoin. Is féidir ticéid a cheannach ar a suíomh www.inni-k.com

Pop Up Gaeltacht, Tamhlacht, Dé Sathairn 22 Meitheamh @ 12:30;

Siúlóid Chlainne, Tamhlacht, Dé Domhnaigh 23 Meitheamh @ 12:00 (ag bualadh le chéile ag Clubtheach Thomáis Daibhís, Bóthar Choill Tobair)

Lá spraoi amuigh faoin aer é Tallafest, agus beidh sé ar siúl arís eile i mbliana, Dé Sathairn beag seo. Is i dTamhlacht, gan dabht, a bheidh ceiliúradh á dhéanamh ar oidhreacht tuaithe, ealaíona, ceardaíochta agus cultúrtha an cheantair, i gcaitheamh an lae. 

Pop Up Gaeltacht bheag atá beartaithe ag Gaelphobal Thamhlachta, le ceol, rince agus péinteáil aghaidhe geallta ag seastán an ghrúpa seo, lasmuigh den gcaife, 1Scéal, atá ar tí oscailt go ríluath. 

Tabharfar deis don bpobal an láthair a fheiscint sara n-osclófar go hoifigiúil é! Más ceoltóir tú agus suim agat a bheith ag seinm ag an ócáid, is féidir nóta a sheoladh chuig na baill ar an leathanach seo Facebook.

Bíodh sibh ar an eolas chomh maith go mbeidh siúlóid chlainne, eagraithe ag an dream céanna, ar bun in éineacht leis an staraí áitiúil Tomás Ó Meachair. Is dírithe ar Ghleann na Smól agus an ceantar máguaird (an áit ar thit Oisín dá chapall, de réir dealramh), a bheidh an turas. Beifear ag bualadh le chéile ag Clubtheach Thomáis Daibhís ag 12. Bí leo, más spéis leat é!

Craiceann – Scoil Samhraidh an Bhodhráin, Inis Oírr 24-29 Meitheamh ’19

Beidh Scoil Samhraidh ‘Craiceann’ faoi lán tseoil ar Inis Oírr ón Luan seo chugainn ar aghaidh, imeacht a dhíríonn ar ceol an bhodhráin! Beidh ranganna teagaisc ar bun leo siúd a bhfuil fios a gcúram go maith acu – mar shampla Siobhán O’Donnell, Jim Higgins, Robbie Walsh agus Andy Kruspe. Beidh Dónal Lunny féin ar an láthair chun a chuid eolais a roinnt le lucht na scoile. Tá dhá cheolchoirm beartaithe chomh maith i rith na seachtaine, The Conifers agus Troda a bheidh le feiscint. Tá súil agam go mbeidh an aimsir leo.

An Húlaí Mhór, Féile Kaleidoscope, Baile Choimín 27-30 Meitheamh

Beidh An Ghaeilge ag croílár na féile Kaleidoscope, atá á reáchtáil den gcéad uair i mBaile Choimín an tseachtain seo chugainn. Féile spraíúil, ildaite í seo, atá dírithe ar an aos-óg, agus go háirithe ar chlanna. Tá baint nach beag ag Conradh na Gaeilge leis, agus ceardlanna agus imeachtaí éagsúla le bheith ar siúl acu ar an láthair. Díreoidh, mar shampla, Raidió Rí-Rá ar cheardlann phodchraolta do dhéagóirí agus tá láthair champála do chlanna le Gaeilge, áit a mbeidh spás do leathchéad duine! I measc an cheoil, beidh na bannaí Dó Fá Dó, TradSoc UCC, Círéib, TradSoc Mhá Nuad, Push for Porter, CCE Léim an Bhradáin (agus rinceoirí), le feiscint! Cruthaitheacht, ealaín, drámaíocht, draíocht, spraoi, ceol agus nádúr geallta!

Níos mó