Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘gearcheim’-i-gcraoltoireacht-na-gaeilge-maidir-le-‘easpa-abhar-agus-easpa-lucht-feachana-agus-eisteachta’

‘Géarchéim’ i gcraoltóireacht na Gaeilge maidir le ‘easpa ábhar agus easpa lucht féachana agus éisteachta’

| Tuairisc.ie | ,

Tá “géarchéim” ann maidir leis an soláthar a dhéantar don Ghaeilge i gcúrsaí craoltóireachta, de réir tuarascáil nua ó Thithe an Oireachtais.

De réir na tuarascála ó Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur ar gcúl atá an Ghaeilge ag dul sa chraoltóireacht ó foilsíodh in 2010 an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá “staid na Gaeilge sa chraoltóireacht thar a bheith lag le blianta anuas,” a deirtear i Tuarascáil ar na dúshláin a baineann le craoltóireacht na Gaeilge a foilsíodh inniu.

Deirtear sa tuarascáil nach bhfuil an reachtaíocht a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge “ag freastal ar na riachtanais teanga ar bhealach atá éifeachtach” agus gur gá í a leasú.

Deirtear go bhfuil gá freisin le hathrú ar mheon an rialtais i leith na ceiste seo agus le hinfheistíocht chaipitil chun an Ghaeilge a thógáil slán “as an gcruachás” ina bhfuil sí i saol na craoltóireachta agus le cinntiú go mairfidh sí “do na glúnta atá romhainn”.

Maítear go bhfuil dhá mhórfhadhb ann maidir leis an Ghaeilge i gcúrsaí craoltóireachta – easpa ábhair i nGaeilge agus easpa lucht féachana agus lucht éisteachta d’ábhar Gaeilge.

“Feictear ón bhfianaise a fuair an Comhchoiste gurb é an dúshlán is mó atá ann don chraoltóireacht Ghaeilge ná a laghad ábhar Gaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhísí raidió agus teilifíse sa Stát agus an líon thar a bheith teoranta de lucht féachana/éisteachta don ábhar seo.   Cé go bhfuil freastal áirithe á dhéanamh ag TG4, RTÉ1, agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus na stáisiúin phobail Ghaeilge ar an gcraolachán Gaeilge i gcoitinne, ní leor seo iontu féin, in ainneoin an dearcaidh fhíordhearfaigh atá ag an lucht féachana/éisteachta ina leith.

“Moltar go láidir an t-éacht atá á dhéanamh acu cheana féin ach, ceal maoiniú airgeadais breise, níl mórán eile gur féidir leo a dhéanamh chun an teanga a dháileadh níos leithne ar na haerthonnta agus lucht féachana /éisteachta níos leithne a mhealladh.”

Fiú dá mbeadh maoiniú breise ag leithéidí TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ní orthu siúd amháin a bheadh dualgas i leith na Gaeilge, a deirtear.

“Caithfear aghaidh a thabhairt láithreach ar an easpa ábhair chraolacháin ar sheirbhísí eile de cuid RTÉ agus ar sheirbhísí na raidió tráchtála agus pobail i gcoitinne atá ag déanamh neamhaird ar an teanga sa chraoltóireacht.”

Tá sraith moltaí déanta sa tuarascáil ag an gcoiste Oireachtais a bhfuil an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ina Cathaoirleach air.

Moltar “go dtreiseofaí” ar bhonn “práinne” na míreanna faoin nGaeilge san Acht Craolacháin 2009 chun go mbeadh ar chumas an BAI, Údarás Craolacháin na hÉireann  “polasaithe Gaeilge gníomhacha a fhorbairt i bpáirt le craoltóirí an Stáit”.

Moltar freisin go n-aithneofaí ‘Craoltóireacht na Gaeilge’ mar phríomhdhualgas ar chraoltóirí in aon sainmhíniú nua a dhéanfaí ar cad is ‘craoltóireacht seirbhíse poiblí’ ann agus in aon reachtaíocht chraolacháin nua a thabharfaí isteach.

Deirtear nach bhfuil na heagraíochtaí stáit atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear an reachtaíocht chraolacháin i dtaobh na Gaeilge i bhfeidhm “réamhghníomhach go leor chun dul i ngleic leis na dúshláin” a leagtar amach sa tuarascáil.

Ar na moltaí eile sa tuarascáil tá go mbunódh RTÉ “bealach raidió” le seirbhís 24 uair a chloig trí Ghaeilge a chur ar fáil d’aos óg na tíre.

Deirtear chomh maith gur chóir do RTÉ rannóg na gclár Gaeilge “a athbhunú mar rannóg lánaimseartha”.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil  “ceist ann freisin” faoi láthair maidir leis “na cineálacha clár atá á léiriú trí Ghaeilge” agus faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil seánraí áirithe ann “a oireann níos fearr do lucht labhartha na teanga” agus seánraí eile ann “a mheallann lucht éisteachta/ féachana níos leithne”.

Chun dul i ngleic leis an gceist sin, moltar, mar shampla, go gcinnteodh an BAI go mbeidh “idirdhealú dearfach i bhfeidhm i dtaobh na Gaeilge” in aon scéimeanna maoinithe dá gcuid.

Moltar sa tuarascáil go dtabharfadh an Rialtas ‘ar ais’ do TG4 na sé mhilliún a baineadh de bhuiséad an stáisiúin le linn na géarchéime eacnamaíochta.

I measc na moltaí eile faoi TG4, deirtear sa tuarascáil gur chóir go  dtabharfadh an stáisiún agus RTÉ faoi “chomhthionscnamh maidir le hábhair a chruthú d’fhoghlaim na Gaeilge”.

Is gá chomh maith, a deirtear go n-aontódh TG4 “chomh luath agus is féidir” téarmaí trádála “bunaithe ar chód cleachtais cóirthrádála” leis na comhlachtaí san earnáil neamhspleách a bhíonn ag soláthar dó.

Ba cheart don BAI, a deirtear, Coiste Comhairleach Gaeilge a bhunú agus Oifigeach Forbartha Gaeilge a fhostú.

Moltar go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil chun taighde a dhéanamh ar mhaithe le teacht ar eolas “bailí agus cruinn” faoi líon na n-éisteoirí a bhíonn ag stáisiúin phobail Ghaeilge amhail Raidió na Life.

Deirtear i Tuarascáil ar na dúshláin a baineann le craoltóireacht na Gaeilge gur cheart go mbeadh sé ina aidhm ag craoltóirí a gcuid clár Gaeilge féin a léiriú a bheadh in oiriúint dá lucht féachana / éisteachta féin agus go gcraolfaí na cláir seo le linn na mbuaicamanna féachana / éisteachta.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thuarascáil Chomhchoiste Oireachtais  na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus roimh “formhór na moltaí” inti.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh an coiste le moladh as aird a tharraingt ar “na dúshláin a bhaineann le cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge i gcúrsaí craolacháin”.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur chóir don Rialtas an an maoiniú a baineadh de bhuiséad TG4 a thabhairt ar ais don stáisiún “láithreach bonn”, rud a dhéanfadh “an-difear go deo ar an líon cláracha Gaeilge a chraolfar don phobal”.

Níor aontaigh an eagraíocht teanga leis an moladh go mbunódh RTÉ seirbhís nua don aos óg. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh“seirbhís 24 uair a chloig trí Ghaeilge dírithe ar an aos óg á cur ar fáil cheana féin ag Raidió Rí-Rá ar ardáin éagsúla le breis is deich mbliana anuas”.

“Ó bunaíodh an stáisiúin, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go mbeadh Raidió Rí-Rá ar fáil ar FM go lánaimseartha agus sin an sprioc a chóir go mbeadh ag aon tacaíocht bhreise dá leithéid de sheirbhís,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tagann foilsiú thuarascáil an Choiste Oireachtais sna sála ar an scéal go mbíonn 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus ar bhreithiúnas an Choimisinéara Teanga go bhfuil  an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag RTÉ le plean a chur faoi bhráid an Choimisinéara ina leagfar amach conas a chinnteoidh siad go gcuirfear ar fáil feasta réimse cuimsitheach clár Gaeilge.

Dúirt an Coimisinéir i dTithe an Oireachtais le déanaí  go bhfuil sé ag súil go gcuirfidh lucht RTÉ a chuid moltaí i bhfeidhm mar “a dhéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach”.

Dúirt sé go raibh “craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta” faoin tráth seo.

Níos mó