Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-feidir-a-bheith-buioch-as-post-gan-a-bheith-ag-urnai-don-fhostoir

Is féidir a bheith buíoch as post gan a bheith ag urnaí don fhostóir

Is cuimhin liom agus mé i mo chailín beag an lá gur chuala mé an frása ‘ag tógáil an soup’ agus daoine ag tagairt do sheoinín éicint a rinne rud as bealach. Tháinig an frása sin ar ais agam le deireanas agus mé ag breathnú ar mhuintir an Dúin Bhig in iarthar Chontae an Chláir. Tá an oiread sin anraith ite acu gur gearr go mbeidh Knorr agus Avonmore ag oscailt monarchana nua in iarracht coinneáil suas leis an mbís anraith atá orthu.

Beag nár cailleadh leis an náire mé agus mé ag éisteacht leis an raidió ag insint dúinn faoin oíche iontach a bhí ag muintir na háite amuigh ag ól agus ag ragairne le beirt mhac Donald Trump. Cheannaigh siad piontaí do na daoine a bhí amuigh, agus is mar sin go bhfuair muid amach gur féidir muintir na hÉireann a cheannacht le Guinness. 

Bhí an jab níos éasca orthu ná ar na Protastúnaigh fadó a bhíodh ag mealladh na gCaitliceach a bhí maraithe leis an ocras le babhlín beag anraith. D’athraigh mé stáisiún, agus ar an gcéad cheann eile, bhí tuairisceoir ag déanamh cur síos ar an scléip agus an spraoi a bhí ar an mbaile an oíche a shroich na Trumpaí é. D’athraigh mé arís é agus bhí cailín beag ag maíomh gur chraith Donald Junior a láimhín. “Diabhal neart aici siúd air,” a dúirt mé liom féin, agus a muintir ag lúbadh a nglún ag altóir Trump. 

Tuigim go maith an argóint go bhfuil thart ar 300 post ag brath ar óstán Trump ar an mbaile, agus gur gann go maith atá fostaíocht sa gceantar. Tá na postanna san óstán ag brath ar an óstán, ar an ngalfchúrsa agus ar an trá. Faraor, tá an trá á hídiú ag an bhfarraige de réir a chéile, de bharr athrú aeráide, rud a deir an tUachtarán Trump nach bhfuil ag tarlú ar chor ar bith. 

Nuair a shloigfidh an fharraige an trá, tiocfaidh sí agus íosfaidh sí an galfchúrsa, agus diabhal mórán fostaíochta a bheidh ar fáil ansin. Más tada é, tá léirithe ag an Dún Beag gur cuma leo faoi eiticí, faoi mhúineadh, faoi athrú aeráide, faoi mheas ar an gcine daonna agus ar mhná chomh fada agus go bhfuil cúpla pingin á ghiniúint. Nó cúpla pionta in aisce faighte acu. Agus ná ceap gur eisceacht iad. Dá mbeadh an t-óstán in aon bhaile beag eile in Éirinn, is dóigh go dtarlódh an rud céanna. 

Seans maith go mbeadh tráth den tsaol caite agam féin ag obair ann dá mbeadh a leithéid gar dom agus mé ag fás aníos, díreach cosúil leis an samhradh a chaith mé ag obair san óstán ar an gCeathrú Rua fadó. Is féidir a bheith buíoch as post, gan a bheith ag urnaí don bhfostóir. Ní thuigim cén fáth go mbeadh aon duine sásta dul amach ag cóisir ag fáiltiú roimh Donald Trump. Nó cén fáth faoin spéir go mbeadh siad sásta go bhfeicfí iad á dhéanamh. Má tá tú ag glacadh leis an soup, coinnigh agat féin é. Ná náire muid uilig.

Níos mó