Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-johnson-v-hunt-–-gan-ach-beirt-fagtha-i-dtoghchan-ceannaireachta-na-dtoraithe

Johnson v Hunt – gan ach beirt fágtha i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe

| Tuairisc.ie | ,

Boris Johnson nó Jeremy Hunt an chéad Phríomh-Aire eile a bheidh ar an mBreatain 

Is iad Johnson agus Hunt an t-aon bheirt atá fágtha i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe i ndiaidh an cúigiú babhta vótála.

Díbríodh as an rás sa bhabhta sin tráthnóna Michael Gove agus dhá vóta idir é féin agus Hunt.

Beidh Johnson agus Hunt anois á fhéachaint le chéile as seo go ceann míosa agus iad ag dul ó cheann ceann na tíre ag iarraidh vótaí a mhealladh ó bhaill a bpáirtí.

Is é Johnson rogha láidir na cotiantacha i gcónaí agus meastar gur ar éigean a chuirfear dá bhuille é.

160 vóta a fuair Johnson, an t-iar-rúnaí gnóthaí eachtracha, 75 a fuair Michael Gove an rúnaí timpeallachta agus 77 a fuair Jeremy Hunt.

Feisirí parlaiminte amháin a bhí ag vótáil sa toghchán go n-uige seo ach cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le ballóid phoist i measc an thart ar 160,000 ball páirtí a roghnóidh an chéad cheannaire eile ar na Tóraithe.

Tá cuma dhochloíte ar Johnson le tamall agus údar iontais a bheadh ann murab é a bheidh ag déanamh ar uimhir 10 Shráid Downing an mhí seo chugainn.

Beidh lucht tacaíochta Hunt ag súil go gcuirfear breis brú feasta ar Johnson agus go mbeidh sé níos deacra aige cruacheisteanna a sheachaint agus gan fágtha sa rás ach beirt.

Cé go raibh an rúnaí timpeallachta Michael Gove taobh thiar den rúnaí gnóthaí eachtracha Jeremy Hunt sa chéad trí bhabhta vótála, d’imigh Gove oiread na fríde chun cinn ar Hunt sa cheathrú bhabhta ar maidin. D’éirigh le Hunt dul oiread na fríde chun cinn ar Gove arís tráthnóna agus scéalta sa treis go raibh cabhair aige ó lucht tacaíochta Johnson a thug a vótaí ‘ar iasacht’ dó le fáil réidh le Gove.

Meastar go raibh Johnson agus a lucht tacaíochta ag súil go mór gur Jeremy Hunt, a thiocfadh sa dara háit seachas an rúnaí timpeallachta, Michael Gove.

Tá a dhintiúir mar Bhreatimeachtóir diongbháilte cruthaithe go maith ag Gove agus bhí sé féin agus Johnson lárnach sa bhfeachtas reifrinn ar son an Bhreatimeachta.

Chomh maith leis tá nimh sna fheoil ag Johnson agus Gove dá chéile ó chuir Gove iarracht Johnson faoin gceannaireacht go tóin poill in 2016.

Cúpla uair an chloig roimh an spriocam d’ainmniúcháin sa toghchán deireanach sin, d’fhógair Gove, a bhí ina chathaoirleach ar fheachtas Johnson, go raibh faoi fhéin seasamh don cheannaireacht.

Mhol Hunt níos túisce inniu vótáil dó siúd chun go mbeadh aontas seachas coimhlint sa pháirtí.

Deirtear coitainta nach polaiteoir rómhealltach é Jeremy Hunt agus é ábhairín leamh agus neamhanamúil ina chur chuige. Is ón gcáil sin a fuair sé a leasainm óna chéilí comhraic, Theresa-in-trousers, nó ‘Tit’.

Deir a lucht tacaíochta gur polaiteoir stuama lách é a bhfuil taithí mhaith ar an idirbheartaíocht aige.

Bhí Hunt tráth ag iarraidh fanacht san AE ach in ainneoin a cháil mar dhuine nach bhfuil chomh neamhscrupallach le leithéidí Johnson, ní raibh aon fhadhb aige iompú ina Bhreatimeachtóir diongbháilte.

Fógrófar an ceannaire nua an tseachtain dár tús an 22 Iúil.

An Breatimeacht an t-ábhar cainte is mó sa toghchán ceannaireachta.

Tá ráite ag Jeremy Hunt nach gcuirfeadh sé síneadh ama eile ar an mBreatimeacht as an áireamh dá mba ghá a leithéid chun bailchríoch a chur ar mhargadh.

Tá ráite ag Boris Johnson, atá i bhfad chun tosaigh i rás na dTóraithe, go bhfuil sé meáite air go bhfágfadh an Bhreatain an AE faoi Shamhain.

Inné, dúirt Dominic Raab, an t-iar-rúnaí Breatimeachta, gur fhéach Johnson sa dá shúil air agus gur gheall sé dó go gcuirfeadh sé an Breatimeacht i bhfeidhm faoi Shamhain, ba chuma margadh a bheith déanta nó gan aon mhargadh a bheith déanta.

Deir daoine eile nach bhfuil aon gheallúint chinnte phoiblí tugtha ag Johnson i dtaobh na ceiste seo agus gur duine luaineach go maith é nárbh náir leis a intinn a athrú dá mba ghá.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil teachtaireachtaí éagsúla tugtha ag Johnson do dhaoine éagsúla ina pháirtí, ag brath ar dhearcadh na ndaoine sin faoin mBreatimeacht.

Níos mó