Tá leithscéal gafa ag an Roinn Oideachais le bean Ghaeltachta ar dúradh ‘Speak English’ léi nuair a ghlaoigh sí orthu ag lorg eolais.
Rinne an té atá i gceist gearán faoin eachtra le hOifig an Choimisinéara Teanga agus cuireadh in iúl di an tseachtain seo go raibh leithscéal gafa ag an Roinn léi as an méid a tharla agus go bhfuil “céimeanna glactha acu ó shin chun chuile iarracht a dhéanamh nach dtarlódh a leithéid arís”.
Thug an Roinn le fios d’Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh plé inmheánach déanta acu faoin eachtra inar dúradh leis an mbean as Gaeltacht Chonamara Béarla a labhairt agus nach raibh ‘aon Ghaeilge sa Roinn Oideachais’.
Mar thoradh ar an eachtra mheabhraigh lucht bainistíochta na Roinne do gach duine a bhíonn ag freagrairt na bhfón in oifigí na Roinne, i mBaile Átha Cliath agus i mBaile Átha Luain, na dualgais atá orthu faoi Acht
na dTeangacha Oifigiúla.
Tuigtear gur meabhraíodh dóibh chomh maith na “nósanna imeachta atá socraithe agus ba cheart
a leanúint” i dtaobh seirbhís a chur ar fáil don phobal i nGaeilge.
Gheall lucht na Roinne d’Oifig an Choimisinéara chomh maith go n-eiseofaí “meabhrúcháin” i dtaobh na ceiste seo don fhoireann “go rialta as seo amach”. Dhéanfaí seiceáil “ó am go chéile” an raibh na dualgais teanga a gealladh á gcomhlíonadh.
Tuigtear do Tuairisc.ie go measann Oifig an Choimisinéara Teanga gur dócha gur cás a bhí anseo a bhain le duine aonair a chaith go dona
leis an mbean nuair a labhair sí i nGaeilge leis.
Tuigtear go mbeadh sé i gceist ag Oifig an Choimisinéara Teanga tuilleadh fiosruithe a dhéanamh sa chás go gcruthófaí gur fadhb chórasach atá ag an Roinn maidir le seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge nó “go bhfuil patrún ann” i dtaobh na ceiste seo.
Tá Scéim Teanga aontaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ina bhfuil gealltanas tugtha maidir le seirbhís ar an nguthán a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn Gaeilge leo.
Tharla an eachta mí ó shin nuair a chuir an bhean glaoch ar phríomhuimhir na Roinne Oideachais ag cuardach eolais. Nuair a labhair sí Gaeilge leis an bhfáilteoir fir a d’fhreagair an fón, dúirt sé léi go borb agus gan aon leithscéal a dhéanamh, ‘Speak English’.
Nuair a d’fhiafraigh an bhean ansin den fháilteoir i mBéarla an amhlaidh nach raibh ‘aon Ghaeilge fágtha sa Roinn Oideachais’, dúradh léi nach raibh.