Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Ní sé ‘cothrom’ nach bhfuil cáilíochtaí d’oibrithe naíonraí ar fáil i nGaeilge
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-se-‘cothrom’-nach-bhfuil-cailiochtai-d’oibrithe-naionrai-ar-fail-i-ngaeilge

Ní sé ‘cothrom’ nach bhfuil cáilíochtaí d’oibrithe naíonraí ar fáil i nGaeilge

Deirtear i dtuarascáil nua ó choiste Oireachtais nach bhfuil sé “inghlactha ná sásúil” nach bhfuil fáil i nGaeilge ar na cáilíochtaí a theastaíonn ó chúramóirí leanaí.

Caitear amhras mór sa tuarascáil nua ó Choiste Oireachtais na Gaeilge ar a éifeachtaí is atá an córas mar atá maidir le daoine a oiliúint chun seirbhísí réamhscolaíochta a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“Conas is féidir leis na cúramóirí a bheith cáilithe i gcomhair obair a dhéanamh in ionad luathoideachais a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus gan an rogha acu ach na cáilíochtaí sin a fháil trí mheán an Bhéarla amháin?

“Conas is féidir leo an téarmaíocht Ghaelach cheart a fhoghlaim agus conas is féidir saibhreas na Gaeilge a chur chun cinn mura bhfaightear an oiliúint cheart trí mheán na Gaeilge?” a fhiafraítear sa tuarascáil nua faoin luathoideachas Gaeltachta a foilsíodh inné.

Deirtear sa tuarascáil gur chóir go mbeadh “an tacaíocht chuí” ar fáil do chúramóirí atá ag obair sa Ghaeltacht chun “gur féidir leo oiliúint agus forbairt ghairmiúil trí mheán na Gaeilge a fháil”.

“Ag an am céanna, ba chóir go mbeadh coinníollacha oibre agus tuarastail oiriúnach ar fáil dóibh. Mura bhfuil na rudaí seo ar fáil dóibh, is féidir leo poist eile ar thuarastal agus ar choinníollacha níos fearr a fháil in earnáil cúraim eile.

“Ba chóir go mbeadh cáilíochtaí Leibhéal 5 go Leibhéal 8 ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go mbeadh siad ar fáil ar líne agus i suíomhanna éagsúla taobh istigh den Ghaeltacht féin, i ngach Gaeltacht chomh fada agus is féidir.”

Molann baill an Chomhchoiste go bhfaigheadh cúramóirí páistí atá ag obair le seirbhísí réamhscolaíochta sa Ghaeltacht “oiliúint chumasach i saibhreas na Gaeilge, trí mheán na Gaeilge”.

Moltar freisin go bhfaigheadh an cúramóir Gaeltachta “gach deis agus tacaíocht a gcuid cáilíochtaí agus scileanna a fheabhsú”.

An eagraíocht Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) a chuireann cúrsaí ar fáil d’oibrithe sa chóras luathoideachais, ach níl cáilíochtaí ar leith ar fáil do dhaoine a bheidh ag obair trí Ghaeilge.

Nuair a bhíodh na cúrsaí seo á gcur ar fáil ag Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna, bhíodh dhá mhodúl speisialta ar fáil do stiúrthóirí a bheadh ag obair in ionaid luathoideachais Ghaeltachta – ‘An tSochtheangeolaíocht agus an Páiste’ agus ‘Saibhriú na Gaeilge’.

Cuireadh deireadh leis an dá mhodúl sin nuair a leagadh cúram na gcúrsaí ar Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann in 2012.

Deirtear i dtuarascáil nua Choiste Oireachtais na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileán gur chóir na modúil a bhíodh ann a thabhairt ar ais agus modúl nua a thabhairt isteach faoin dea-chleachtais i bhfoghlaim teangacha.

Deirtear gur “míbhuntáiste agus dúshlán” é nach bhfuil na cáilíochtaí Leibhéal 5 agus Leibhéal 6 i gcúram leanaí ar fáil trí Ghaeilge ar líne nó sa Ghaeltacht féin.

“Is iad seo na buncháilíochtaí atá riachtanach dóibh mar chúramóirí agus níl sé éasca orthu a bheith ag obair sa Ghaeltacht agus a bheith ag freastal ar chúrsaí sna bailte móra ag an am céanna. Níl sé cothrom ach oiread nach bhfuil na cáilíochtaí seo ar fáil trí mheán na Gaeilge.

“Níl na cúinsí reatha sásúil ná inghlactha agus tuigeann an Comhchoiste sin agus aontaíonn sé leis na tuismitheoirí agus na hionaid luathoideachais ar an ábhar seo.”

Gealltar sa Pholasaí Oideachais sa Ghaeltacht go bhféachfar lena chinntiú go bhfuil teacht go héasca ar chúrsaí trí Ghaeilge sa chúram leanaí.

Deirtear chomh maith go bhféachfar le “cúrsaí saincheaptha” a sholáthar sa tumoideachas agus go ndéanfar “machnamh” faoi cháilíochtaí nua san oideachas luathbhlianta trí mheán na Gaeilge a thabhairt isteach.

Gealltar i bPlean Gníomhaíochta Gaeilge an Rialtais do 2017-2022 go gcuirfear tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag obair sna hionaid luathoideachais maidir le hoiliúint agus forbairt ghairmiúil. Gealltar freisin go gcuirfear modúil i sealbhú na Gaeilge agus i saibhriú teanga ar fáil.

Fiosrófar, a ghealltar, “na féidearthachtaí” maidir le cúrsaí oiliúna i gCúram Leanaí ó Leibhéal 5 go dtí Leibhéal 8 den chreat náisiúnta cáilíochtaí a sholáthar trí Ghaeilge.

Deirtear i dtuarascáil Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuiltear “ag súil le níos mó sonraí” i dtaobh na ngealltanas sin go léir “a fheiceáil go luath”.

Ach in ainneoin na ngealltanas sin, mar a tuairiscíodh anseo cheana, níl aon phlean ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cúrsaí foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe cúram leanaí agus naíonraí na tíre.

Dar leis an Roinn sin, ag brath ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist, go gcosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún an sórt sin oiliúna a sholáthar.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge