Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-o-muircheartaigh-sa-tain-agus-an-50u-comortas-peile-buaite-ag-buachailli-na-gaeltachta

Ó Muircheartaigh sa Táin agus an 50ú Comórtas Peile buaite ag buachaillí na Gaeltachta

Rinne siad an beart ar deireadh thiar thall a bhuí le cúilín diamhair ó Shéamus Ó Muircheartaigh a chuir muintir na Gaeltachta le báiní agus a chinntigh go mbeadh an fhoireann bhaile ag ceiliúradh. Bhí 81 nóiméad imeartha i gcluiche ceannais na sinsear i gComórtas Peile na Gaeltachta 2019 nuair a fuair an fear ionaid seilbh na liathróide thíos faoin seastán ar pháirc Ghallarais agus é ar an taobhlíne 45 méadar amach ón gcúl.

Bhí an Ghaeltacht ar an ionsaí agus iarracht amháin eile á déanamh acu sárfhoireann as Cill Chartha a chur de dhroim seoil.

D’fhéadfadh Ó Muircheartaigh an liathróid a phasáil uaidh arís chun an ghluaiseacht a choinneáil ag imeacht agus seilbh na peile a choinneáil don Ghaeltacht agus ní thógfadh aon duine air é. Ach ní hin a bhí ar intinn aige agus fuair sé an scór a chuirfidh sa Táin é ina áit dhúchais.

Uachtarán CLG, John Horan, agus captaen na Gaeltachta, Pádraig Óg Ó Sé. Pictiúr: Manuela dei Grandi

Ba é seo an 50ú Comórtas Peile na Gaeltachta agus léirigh an ceiliúradh a lean bua na Gaeltachta a thábhachtaí agus a bhí sé do na Duibhnigh é a bhuachan ar a bpaiste féin. Ní raibh cuma ró-iontach ar chúrsaí dóibh ar feadh I bhfad sa chéad leath. Ní bhfuair siad a gcéad scór go dtí an 23ú nóiméad, cic saor ó Shéan M. Ó Conchúir. Faoin am sin bhí cúig phointe ag Cill Chartha agus cuma chontúirteach orthu aon uair a d’imigh siad ar an ionsaí. D’fhéadfadh rudaí a bheith níos measa fós don Ghaeltacht murach go ndearna Tomás Mac an tSaoir sábháil iontach san ochtú nóiméad nuair a bhí gach cuma ar an scéal go raibh cúl i ndán d’Aodhán Mac Fhionnghaile.

Faoin tráth sin bhí an leathchúlaí Aindriú Mac Giolla Eoin go háirithe ag cruthú fadhbanna don Ghaeltacht leis an luas iontach atá ann.

Fuair Mark McHugh, an t-iar imreoir idircontae, ceithre phointe do na Conallaigh sa chéad leath agus rinne Ciarán Mac Giolla Fhionnghaile an-mhaith lár páirce d’fhir Dhún nan Gall.

Ní hé nach raibh cuid mhaith seilbhe ag foireann na Gaeltachta, ach faoi mar a tharla sna babhtaí leathcheannais i gcoinne an Daingin aréir ba le dua a chruthaigh siad deiseanna scórála agus ba mhinic acu na deiseanna a bhí acu a ligean le sruth.

Tháinig feabhas mór orthu i ndiaidh an tsosa áfach agus tháinig siad ar ais go láidir a bhuí lena ndíocas agus a ngoile chun oibre. Tháinig an t-imreoir de chuid Chiarraí Brian Ó Beaglaoich isteach chomh maith, de réir mar a bhí aontaithe le foireann bainistíochta na Ríochta, agus léirigh sé cén fáth go mbeadh lucht an chontae ag iarraidh é a choinneáil slán ó dhíobháil.

Cian Ó Murchú (An Ghaeltacht) agus Conchur Ó Dochairtaigh (Chill Chartha) Pictiúr: Manuela dei Grandi

Agus an pháirc fágtha ag gaiscíoch Chill Chartha Ciarán Mac Fhionnghaile, bhí Roibeard Ó Sé anois ina mháistir lár páirce mar ar rug sé ar an liathróid san aer arís agus arís eile chun tús a chur le hionsaithe na Gaeltachta.

Bhí an chuma ar Chill Chartha go raibh siad ag traochadh ach chuir buachaillí na Gaeltachta deis ghlórmhar ar chúl amú sa 47ú nóiméad agus bhí gá ag le dhá chic saor déanacha ó Sheán M. Ó Conchúir chun comhscór a fháil.

Ba sa triú nóiméad d’am breise a chuaigh na Duibhnigh chun tosaigh ar na Conallaigh den chéad uair nuair a fuair Éanna Ó Conchúir, a bhí lárnach i ngaiscí na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo, a tríú cúilín. 0-9 in aghaidh 0-8 an scór a bhí anois ann agus formhór na seilbhe ag na Duibhnigh. Bhí siad 0-11 in aghaidh 0-10 chun tosaigh sa 76ú nóiméad nuair a bhí deis iontach ag PJ Mac Láimh ar chúl a fháil a bhuailfeadh buille maraithe na muice ar Chill Chartha ach bhuail an liathróid in aghaidh an phosta.

Choinnigh Cill Chartha orthu agus fuair Maitiú Mac Giolla Eoin a tríú cúilín in am breise san 81ú nóiméad.

Bhí na foirne gob ar ghob arís.

Ní dhéanfaidh muintir na Gaeltachta dearmad go ceann i bhfad ar ar tharla ansin.

Múiris Ó Fiannachta ag ceiliúradh le himreoirí na Gaeltachta. Pictiúr: Manuela dei Grandi

Níos túisce tráthnóna bhuaigh na Dúnaibh comórtas na sóisear don dara bliain as a chéile agus don tríú huair le ceithre bliana anuas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, 2-12 in aghaidh 1-4. Chuir an fhoireann as Corcaigh tús maith leis an gcluiche nuair a fuair Ian Ó Coinceanáin cúl dóibh agus sé nóiméad imeartha ach bhí an lámh in uachtar ar fad ag Na Dúnaibh faoi leatham agus Lorcán Ó Conchúir ag imirt ar fheabhas dóibh.

D’éirigh le Ó Conchúir cúig chúilín a fháil agus bhí baint mhór aige leis an gcúl a fuair Alan Pasoma do na Conallaigh leath bealaigh tríd an gcéad leath. Nuair a fuair Luke Mac Giolla Bríde an dara cúl dóibh sa 24ú nóiméad, ba léir go mbeadh Corn Ghael Linn á thabhairt leo arís.

Gaeil an Deiscirt as Uíbh Ráthach a bhuaigh comórtas sinsir na mban nuair a fuair siad an ceann is fearr Mhaigh Cuilinn, 5-8 in aghaidh 1-11. Fuair Gaeil an Deiscirt cúig chúl sa chéad 22 nóimeád den chluiche ceannais agus fuair Rachel Ní Dhuibhir, captaen fhoireann faoi-16 Chiarraí, trí cinn de na cúil.

Scórálaithe don Ghaeltacht:

É. Ó Conchúir (0-4, 3 frees); S. M. Ó Conchúir (0-3, 3 frees), S. Ó Muircheartaigh (0-3); C. Ó Muircheartaigh, G. Mac an tSaoir, (0-1 each)

Scórálaithe do Chill Chartha:

M. Mac Aoidh (0-4, 1 free, 1’45); M. Mac Giolla Eoin (0-3, 2 frees); C. McGinley, A Mac Giolla Eoin, M. Mac Suibhne, M. Mac Giolla Eoin (0-1 each)

An Ghaeltacht:

T. Mac an tSaoir; C. Ó Murchú, C. Ó Lúing, C. Ó Gairbhí; P. Mac Láimh, P. Ó Sé, C. Ó Coileáin; R. Ó Sé, É. Ó Conchúir; C. Ó Muircheartaigh, D. Ó Sé, T. Ó Sé; Ó. Ó Sé, S. M. Ó Conchúir, S. Bambaire.

Fir ionaid don Ghaeltacht:

G. Mac an tSaoir in áit T. Uí Shé (20); B. Ó Beaglaoich in áit D. Uí Shé (HT); S. Ó Muircheartaigh in áit Ó. Uí Shé (41), T. Ó Sé in áit S. Uí Bhambaire (49); A. Mac Amhlaoibh in áit C. Uí Mhurchú (ET); P. Sauerland in áit C. Uí Choileáin (62); M. Ó Gormáin in áit G. Mac an tSaoir (70), F. Sauerland in áit P. Mhic Láimh (79).

Cill Chartha:

É Mac Fhionnghaile; B. Mac Fhionnghaile, C. Mac Seáin, P. Mac Giolla Chearra; B Ó Domhnaill, M. Ó hÉigeartaigh, A. Mac Giolla Eoin; C. Mac Fhionnghaile, M. Mac Aoidh; B. Ó Seibhleáin, M. Mac Suibhne, C. Ó Dochartaigh; M. Mac Giolla Eoin, A. Mac Fhionnghaile, Pádraig Mac Seáin.

Fir ionaid do Chill Chartha:

Pádhraic Mac Seáin in áit C. Mhic Sheáin (28-30); D. Ó Domhnaill in áit C Mhic Fhionnghaile (31); Ó. Ó Dubhgáin in áit Pádraig Mhic Sheáin (47); Pádraig Mac Seáin in áit Marc Mhic Aoidh (60 4)

Réiteoir:

Liam Mac an tSaoir

Níos mó