Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Culture
  • Thug Féile na Gealaí spreagadh agus misneach dom
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-thug-feile-na-gealai-spreagadh-agus-misneach-dom

Thug Féile na Gealaí spreagadh agus misneach dom

Nuair a bhí mé ar mo bhealach abhaile ó Fhéile na Gealaí, bhí mé go hiomlán in ísle brí. Bhí mo chroí briste nach raibh mé in ann fanacht ansin go deo agus a bheith i measc mo chairde iontacha an t-am ar fad. 

Ní raibh mé in áit rómhaith ar chor ar bith agus ar deireadh, chinn mé gurb fhearr gan dul chuig leithéidí Fhéile na Gealaí agus an tOireachtas agus rudaí eile a bhíonn ar siúl mar gheall go mbíonn tú ag mothú uafásach faoi do shaol ina dhiaidh agus go mbíonn na blues post session depression ort ina dhiaidh. 

Bhí mé ag smaoineamh gurbh fhearr gan a bheith ag mothú róthógtha faoi rudaí nó a bheith líonta le grá mar fágann sé cumha ort ina dhiaidh. 

Ach diaidh ar dhiaidh, tháinig mé ar ais chugam féin agus d’imigh an brón agus an t-uaigneas a thagann ort i ndiaidh duit trí lá den scoth a chaitheamh leis na Gaeil. Bhí cúpla lá iontach agam ar obair; theagasc mé mo chéad rang Gaeilge riamh agus sílim gur éirigh liom ar a laghad rud amháin a theagasc dóibh. 

D’aithin mé, agus mé ag rothaíocht abhaile ón obair an lá sin, go bhfuil mo shaol go maith agus go bhfuil an t-ádh liom go bhfuil cónaí orm sa chathair is deise ar domhain (ní chluinim thú ag easaontú liom), go bhfuil post maith agam agus nach féidir really a bheith ag gearán faoi rudaí. 

Labhair mé le daoine galánta ag an Fhéile a thug spreagadh agus misneach dom agus bhí mé in ann sin a thuigbheáil i ndiaidh dom cúpla lá a chaitheamh ag mothú trua dom féin. Bhí eipeafáine de chineál agam an lá faoi dheireadh go bhfuil rudaí go maith i mo shaol agus nach bhfuil orm daoine a bheith thart orm i gcónaí le sult a bhaint as an saol. 

Tá mé ag glacadh seasamh polaitiúil liom féin fosta agus tá mé anois ag caitheamh éadaí ildaite dóighiúla agus gúnaí beaga, fiú agus é ag stealladh báistí. Mothaím go ndéanann sé an saol níos gile nuair a  bhíonn dathanna thart orm agus go gcuireann sé spionn maith orthu siúd atá thart orm fosta. 

Tá sé i gcónaí ar cúl m’inchinn, áfach, nach mbeidh an samhradh linn go deo agus go dtiocfaidh an lá arís nuair atá orm na gúnaí a mhalartú le brístí agus cóta mór a chur orm arís agus nach mbeidh an saol chomh daite draíochta is atá anois. 

Cuireann sé brón orm gur dócha go mbeidh mé ag fulaingt arís le fadhbanna meabhairshláinte nuair a imíonn an ghrian uainn arís ach ag an am céanna, is féidir liom a bheith an-bhuíoch go bhfuil faoiseamh inchinne agam don am i láthair agus go mbeidh mé saor ón scamall dorcha uafásach a bhíonn thar mo cheann ar feadh leath den bhliain. 

Ach idir seo agus sin, beidh mé amuigh faoin spéir ag baint an-sult go deo as an saol agus as laethanta breá m’óige!

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge