Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Meáin
  • Ainmniúcháin á lorg ón bpobal do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ainmniuchain-a-lorg-on-bpobal-do-ghradaim-chumarsaide-an-oireachtais

Ainmniúcháin á lorg ón bpobal do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Tá Oireachtas na Gaeilge ag lorg ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019. Den chéad uair riamh is próiseas oscailte ainmniúcháin a bheidh ann do chomórtas na bliana seo, agus é iarrtha ar an bpobal ag lucht an Oireachtais ainmniúcháin do na rannóga éagsúla a chur isteach ar shuíomh idirlín an Oireachtais.

Go dtí seo, ba ag daoine áirithe i saol na meán Gaeilge amháin a bhí cead ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, agus níor fágadh faoi rogha an phobail ach an chatagóir ‘Réalta Óg na Bliana’. I mbliana, tá an próiseas ainmniúcháin oscailte do chách.

Tá urraíocht nua faighte ag Oireachtas na Gaeilge do na Gradaim i mbliana ó Údarás Craolacháin na hÉireann, agus dhá chatagóir nua curtha leo dá bharr — gradam do ‘Chlár na Bliana ar Raidió Pobail’ agus gradam eile do ‘Chlár na Bliana ar Raidió Tráchtála’.

“Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí go bhfuil sárchláracha i nGaeilge á soláthar ag seirbhísí craolacháin eile sa tír chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú go príomha trí Ghaeilge. Tabharfaidh an dá ghradam nua seo léargas ar raon agus ar réimse na cruthaitheachta i nGaeilge atá ar aerthonnta na tíre,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Seo a leanas na rannóga iomlán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019:

Sraith Teilifíse na Bliana

Sraith Raidió na Bliana

Scannán/Clár Teilifíse na Bliana

Pearsa Teilifíse na Bliana

Pearsa Raidió na Bliana

Iriseoir na Bliana

Feachtas Meán Sóisialta na Bliana

Réalta Óg na Bliana

 

Arís eile i mbliana níl gradam ar leith ann do na meáin scríofa ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Ní mór foirmeacha ainmniúcháin a bheith istigh roimh 17.00 ar an 16 Lúnasa. Ní chuirfear buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide na bliana seo caite a ainmniú arís i mbliana. Fógrófar gearrliosta ag tús Mhí Mheán Fómhair agus bronnfar na gradaim den tríú bliain as a chéile mar chuid de phríomhfhéile an Oireachtais in Óstán Citywest i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge