Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Aireachas as Gaeilge – 6 nod fiúntach don cholainn agus don intinn

| PEIG |

Stór Focal: Cloíteacht – burnout, Aireachas – mindfulness, Machnamh – reflection, Matán – muscle, Searradh – stretching, Domhainanálú – deep-breathing, Dea-ghiúmar – fine spirits


Tá an-chaint faoi chúrsaí cloíteachta le déanaí agus faoin mbealach go mbíonn daoine ag obair níos déine ná riamh. Ag teacht leis an bhfás sin tá aireachas i mbéal an phobail toisc go dtugann sé bealach dul i ngleic le strus, brú agus dúshláin sa saol gairmiúil nó sa saol pearsanta. Seo thíos cúpla bealach le cúrsaí aireachais a shnoí isteach i do shaol.

1. Uaireanta in Éirinn mar gheall ar aimsir na tíre bíonn sé deacair am a chaitheamh faoin ngrian. Go háirithe i rith an an gheimhridh nuair nach mbíonn ach ocht n-uaire solais in aghaidh an lae bíonn seans ann nach gcaithfí aon am amuigh faoin ngrian.

Ní léir dúinn an tábhacht mhór a bhaineann le solas na gréine dár sláinte intinne. Déanann sí an-mhaitheas dúinn mar gheall ar an vitimín D a thagann leis agus cuireann sé sinn i ndea-ghiúmar. Déan iarracht am a chaitheamh i solas na gréine gach lá – beidh tú níos sláintiúla tríd is tríd dá bharr.

2. Tuigtear dúinn go mbíonn sé níos fusa intinn sláintiúil a bheith agat má tá an spás i do thimpeall glan agus néata. Déan iarracht gan rudaí a fhágáil fud fad na háite má tá tú i do sheomra nó i mbun oibre agus cuir slacht ar rudaí nuair atá tú críocnaithe leo.

Le spás glan mórthimpeall ort beidh tú in ann díriú ar thascanna agus na rudaí sin a bhíonn ag cur isteach ort a sheachaint. Faigh aonad stórála má tá deacracht agat leis an gceann seo.

3. Gach maidin moltar do chuid géag a shearradh tar éis duit éirí ón leaba. Coinníonn an cleachtas seo na matáin solúbtha agus mar aon leis sin cabhraíonn leis an gcolainn agus leis an intinn múscailt i gceart. Tá eolas faoi na cineálacha searrtha atá amuigh ansin agus faoi conas cúpla ceann bunúsach a dhéanamh anseo.

É sin ráite ná bí rófhiontrach ag an tús – glacann sé tamall searradh domhain a dhéanamh toisc go mbíonn gá do na matáin dul i dtaithí ar a leithéid de ghníomhaíocht. Ná téigh thar fóir agus tú féin a ghortú nuair atá tú ag cur tús leis.

4. An aimsir seo bíonn muid uilig gafa le rud éigin i gcónaí. Ag deireadh lá oibre is minic go mbíonn tuirse orainn ar fad agus uaireanta ní bhíonn uainn ach a bheith díomhaoin os comhair na teilifíse.

Moltar sos a thabhairt don intinn nuair atá tú críocnaithe le cúrsaí oibre don lá. Bain triail as tasc a bhaineann úsáid as cineál éagsúil intleachta ná an cineál a mbaineann tú úsáid as sa phost atá agat. Má bhíonn tú ag suí ag deasc i rith an lae caith seal i mbun garraíodóireachta nó i mbun cócaireachta. Má bhíonn tú i do sheasamh agus tú ag obair caith seal i mbun crosfhocail nó i mbun Sudoku. Ach an rud is tábhachtaí ná do scíth a ligint.

5. Tá sé thar a bheith deacair an teicneolaíocht a sheachaint na laethanta seo agus ní bheidh athrú ar an scéal sin sna blianta amach romhainn. Ach feictear dúinn nach mbíonn tionchar dearfach ag síorúsáid na teicneolaíochta ar ár sláinte intinne ar bhonn fadtéarmach.

Déan iarracht uair amháin in aghaidh an lae a chaitheamh saor ó theicneolaíocht. Tabharfaidh an sos seo spás duit smaoineamh faoi chúrsaí a bhíonn ag tarlú san fhíorshaol in ionad sa saol digiteach. Is féidir leis na teachtaireachtaí WhatsApp sin fanacht neamhléite ar feadh tamaill.

6. Ag deireadh nó ag tús an lae bíonn tábhacht ag baint le cúpla nóiméad a thabhairt duit féin. Déanann cleachtaí domhainanálaithe an-difear don intinn nuair atáthar ag ullmhú don lá.

roinnt cineálacha cleachtaí amuigh ansin a bhfuil tionchair éagsúla acu ar an gcorp. Lena linn déan iarracht machnamh a dhéanamh faoin méid a thit amach sa lá nó faoin méid atá os do chomhair roimh thús ceart an lae. Tar éis an dá nóiméad sin de chleachtaí beidh tú breá réidh dul i do choladh ná le héirí i gceart ón leaba.