Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-seanreimeas-beo-i-gconai-agus-tiobraid-arann-agus-cill-chainnigh-cailithe-do-chluiche-ceannais-na-heireann

An seanréimeas beo i gcónaí agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann

Maireann an seanréimeas beo i gcónaí agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann. Bhí bua dochreidte maith ag Tiobraid Árann ar Loch Garman tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh, rud a fhágann go dtabharfaidh siad aghaidh sa chluiche ceannais faoi cheann trí seachtaine ar Chill Chainnigh, a fuair an ceann is fearr ar churaidh na hÉireann, Luimneach aréir. Beidh Tiobraid Árann ag súil le craobh na hÉireann a bhuachan don 28ú huair agus beidh na Cait ag súil leis an gcraobh a thabhairt leo don 37ú huair.

 Bhí cluiche corrach aréir againn bhí ach cluiche an lae inniu thar barr ar fad agus é i measc na gcoimhlintí is fearr riamh atá feicthe againn i bPáirc an Chrócaigh.

 Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne ag deireadh na himeartha, 1-28 in aghaidh 3-20, agus Loch Garman croíbhriste nár éirigh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó bhuaigh siad an chraobh i 1996.

 Bualadh buille i ndiaidh bhuille ar Thiobraid Árann i rith an chluiche ach tháinig siad ar ais arís agus arís eile.

 Bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Davy Fitzgerald agus gach ach 20 nóiméad fágtha. Nuair a fuair Lee Chin cúl, bhí Loch Garman cúig chúilín chun cinn, c, 2-18 in aghaidh 1-16, agus fear sa bhreis acu ó tugadh an dara cárta buí do John McGrath tar éis 45 nóiméad.

 Léirigh ceannairí Thiobraid Árann a mianach sa chuid dheireanach den chluiche, áfach. I measc na gcosantóirí, bhí Ronan Maher ar fheabhas, bhí a lorg á fhágáil anois ag Séamus Callanan ar an imirt agus bhí Noel McGrath ina rí lár na páirce.

D’aimsigh Tiobraid Árann cúig phointe as a chéile agus bhí na foirne ar comhscór tar éis 57 nóiméad. Fiú nuair a d’aimsigh Conor McDonald an tríú chúl do Loch Garman agus 10 nóiméad de ghnáth ama fágtha, is ar éigin a chuir sé isteach ar a gcéilí comhraic.

 D’aimsigh Noel McGrath péire chun an bhearna a laghdú agus chuir an fear ionaid, Mark Kehoe ar comhscór arís iad. Chuaigh Loch Garman chun cinn arís a bhuí le cúilín ag Lee Chin ó phoc saor, ach fuair fear ionaid eile, de chuid na dTiobraid Árannaigh Willie Connors scór maith chun na foirne a chur ar comhscór.

Bhí an cluiche á imirt ar luas lasrach anois agus fuair Jason Forde dhá chúilín in am cúitimh sula bhfuair Lee Chin ceann eile do Loch Garman. Ansin agus an t-am beagnach caite fuair Jake Morris scór den chéad scoth ón taobhlíne chun an bhearna a mhéadú arís agus an beart a dhéanamh dá fhoireann.

 Ní fhéadfá ach trua a bheith agat do Loch. Chuir siad a gcroí agus a n-anam sa chluiche seo. Chuir na Carmannaigh tús iontach leis an imirt bhí siad trí phointe chun tosaigh tar éis ceithre nóiméad.

©INPHO/Tommy Dickson

 Ach níor éirigh leo Tiobraid Árann a chur de dhroim seoil riamh.

 Cheap na Muimhnigh go raibh a gcéad chúl scóráilte acu tar éis seacht nóiméad nuair a chiceáil Michael Breen an liathróid isteach san eangach ach tugadh an imirt siar chun go bhféadfadh Hawkeye cinneadh dhéanamh faoi scór ar an dtaobh eile den pháirc. Ní raibh ar Thiobraid Árann ag fanacht rófhada eile don bhrat glas sa naoú nóiméad nuair a bhuail Séamus Callanan raspar isteach san eangach.

 Chuir sé sin Tiobraid Árann chun tosaigh, 1-2 in aghaidh 0-4, ach bhí an dúrúch oibre a bhí ar Loch Garman dochreidte. D’aimsigh Conor McDonald cúl dóibh tar éis 25 nóiméad chun iad a chur ceithre phointe chun tosaigh ach bhí freagra ag Tiobraid Árann arís orthu.

D’aimsigh na Tiobraid Árannaigh trí phointe as a chéile roimh leath-am agus ní raibh siad ach dhá chúilín taobh thiar, 1-14 in aghaidh 1-12. Ach thuirsigh na Carmanniagh sa dara leath agus léirigh Tiobraid Árann diongbháilteacht dochreidte chun an ceann is fearr a fháil orthu.

©INPHO/James Crombie

B’amhlaidh an scéal aréir ag Cill Chainnigh nuair a tháinig siad aniar aduaidh ar sheaimpíní na hÉireann, 1-21 in aghaidh 2-17, i gcluiche drámatach eile. Bhí bearna naoi gcúilín idir na foirne tar éis 15 nóiméad agus forlámhas ar an imirt ag Cill Chainnigh i dtús an chluiche.

Rinne Luimneach an-teacht aniar ach níor éirigh leo riamh tarraingt ar comhscór gan trácht ar dhul chun tosaigh ar Chill Chainnigh a raibh tine ar a gcraiceann ó thús go deireadh. Bhain conspóid le críoch an chluiche nuair a ceileadh ar Luimneach seans ar comhscór a fháil nuair a cinneadh go mícheart gur iarracht ar foráil seachas ’65 a bhí i bpoc sleasa Darragh O’Donavan. D’fhéadfadh áfach gurb amhlaidh gur ag cáiseamh na gcúig cinn déag de sheansanna a chuir siad amú a bheidh Luimneach.

Maidir le Cill Chainnigh beidh siadsan ag cuimhneamh anois ar an gcraobh a bhuachan den 12ú uair faoi Brian Cody. Gach seans go mbeadh sé ar an mbua is milse agus is fearr ar fad acu.

Níos mó