Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-athsheoladh-an-chlub-+-4-imeacht-eile

Athsheoladh an Chlub + 4 imeacht eile


Athsheoladh Chlub an Chonartha // Club Chonradh na Gaeilge, BÁC, Dé Sathairn 27 Iúil ó 15:00 ar aghaidh

Is cuimhin liom go maith craic an Chlub; is mó oíche go maidin a chaitheas in Uimhir 6, agus cuid mhór mhaith do léitheoirí NÓS, shamhlóinn.

Is cúis áthais dom, má sea, léamh faoi athsheoladh na háite a bheidh ar bun tráthnóna inniu. Tá snas curtha ag an gcoiste agus meitheal oibre ar an láthair agus beidh toradh a gcuid oibre á nochtadh acu le sraith imeachtaí a bheidh ar siúl i rith an lae.

Beidh scéalta á insint a bheidh oiriúnach do dhaoine óga sa Siopa Leabhar, ócáid a chuirfidh tús le clár an lae, ag 15:00. Tabharfar turais threoraithe timpeall ar an bhfoirgneamh stairiúil, beidh BBQ sa ghairdín beorach, beidh daoine óga in ann freastal ar cheardlanna filíochta agus péinteála agus beidh mé féin, Áine agus Siún i mbun an phodchraoladh ‘Beo ar Éigean’, beo ón gClub féin!

Níos déanaí cloisfear ceol ó Shibéal Ní Chasaide (thuas), Lauren Ní Chasaide, Róisín Chambers agus ceoltóirí traidisiúnta!


Tríona agus Maighréad Ní Dhomhnaill // Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn 27 Iúil @ 20:00

Beidh na deirfiúracha Uí Dhomhnaill le clos Dé Satharin i nGaeltacht Dhún na nGall. Is mar chuid do shraith coirmeacha i gceantar Ghaoth Dobhair a bheidh Tríona agus Maighréad le feiscint in Amharclann na háite.

‘Trad Ard’ teideal na sraithe agus sna seachtainí romhainn, bí ag súil le Brian Ó hEadhra agus Fiona Mac Kenzie, mar go bhfuil siad beirt chomh maith ar chlár an tsamhraidh.


Ceiliúradh Focail Eile // Foras na Gaeilge, Sráid Amiens, BÁC, Dé Céadaoin 31 Iúil @ 18:00

Litríocht am Lóin // Leabharlann Uí Chriagáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Campas Naomh Pádraig Droim Conrach, BÁC Dé Céadaoin 31 Iúil @ 13:00

Tá cúpla ócáid liteartha beartaithe don Ardchathair Dé Céadaoin seo chugainn.

Is i gCeannáras Fhoras na Gaeilge a dhéanfar ceiliúradh ar thionscnaimh liteartha Eorpach, dar teideal ‘Focail Eile’. Do thug an eagraíocht tacaíocht do scríbhneoirí éagsúla chun saothar as Gaeilge, Bascais, Freaslainnis, Macadóinis agus Slóivéinis a chumadh.

Seolfar ‘Díolaim’, bailiúchán do shaothar próis agus filíochta na scríbhneoirí a bhí páirteach agus is faoi Sheán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, a bheidh an cúram sin.

Is í Doireann Ní Bhriain a bheidh mar bhean an tí ag an ócáid agus cuirfidh sí scríbhneoirí na tíre seo ón dtogra in aithne dúinn, leithéidí Aifric Mac Aodha, Réaltán Ní Leannáin, Cathal Póirtéir, Colm Ó Ceallacháin agus Diarmuid de Faoite. Beidh siad le clos i mbun léitheoireachta agus cainte, mar a bheidh Janneke Spoelstra na Freaslainne agus comhordaitheoir an tionscadail Imanol Galdos Irazabal, a léifidh i mBascais.

Beidh lá gnóthach ag cuid do na rannpháirtithe, mar go mbeidh Réaltán Ní Leannáin agus Janneke Spoelstra i measc na n-údar a bheidh ag Litríocht am Lóin, ócáid aithris filíochta le hÁine Ní Ghlinn agus an Nósadóir Dáire Ní Chanáin chomh maith. Beidh siad i Leabharlann Uí Chriagáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ó 13:00.

Beidh sólaistí ar fáil ag an dá ócáid!


Seoladh an albaim, Dúchas, le Damien O’Reilly // O’Sullivan’s Courthouse (Tigh na Cúirte), An Daingean Dé Domhnaigh 28 Iúil @ 16:00

Dúchas teideal albam nua an cheoltóra Damien O’Reilly, fear an bhosca. Tá sé go deas agus is minic mé á sheinnt ar Raidió na Gaeltachta.

Beidh deis agaibh é féin agus co-léiritheoir an dlúthdhiosca Jack Talty – fear Raelach Records (lipéad an albaim) – a fheiscint sa Daingean, mar go mbeidh siad ann in éineacht le John Blake i dTigh na Cúirte, Dé Domhnaigh agus é á sheoladh acu. Buail isteach chucu ó 16:00.

Níos mó