Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

“Bheadh na meáin scríofa Ghaeilge ní b’fhearr as gan lámh mharbh an mhaorlathais.”

| Dáithí Anraí | ,

Concubhar Ó Liatháin

Ag léamh na haon tuairisce amháin a chonac faoi na moltaí nua atá ag Foras na Gaeilge faoi thacaíocht na hinstitiúide trasteorainn sin, mhaithfí dom dá samhlóinn nach raibh in iriseoireacht na Gaeilge ach trí orgán – Tuairisc, NÓS agus Comhar.

Cinnte is iad san na trí dheontaí a roinntear eatarthu, isteach is amach le €500,000 de chreach, in aghaidh na bliana, airgead a thagann ó Rialtas na hÉireann is ó Fheidhmeannas na Sé Chontae.

Ach tá i bhfad Éireann níos mó iriseoireachta Gaeilge ann ná sin, dá fheabhas is dá chostasaí é, iriseoireacht nach bhfuil ag fáil tacaíocht ar bith ó Fhoras na Gaeilge.

Luaim é seo ar eagla gur shíl aon léitheoir go raibh an bonn á bhaint d’iriseoireacht na Gaeilge ag moltaí an Fhorais is, dá réir sin, go raibh an spéir ag titim.

Cuirim san áireamh an suíomh seo, suíomh Gaeilge RTÉ, suíomh Gaeilge BBC Thuaisceart Éireann, an leathanach seachtainiúil Gaeilge an Irish Times, an forlíonadh seachtainiúil, Seachtain, san Irish Independent, leathnach laethúil Gaeilge san Irish News, leathnach seachtainiúil Gaeilge san Evening Echo agus an dornán colún Gaeilge i nuachtáin áitiúla ar fud na tíre.

Ní liosta críochnúil é seo mar ní chuireann sé san áireamh blaganna is podchraoltaí is iriseoireacht ar Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió na dTreabh agus, gan amhras, RTÉ RnaG, Nuacht TG4, 7 Lá, cláracha faisnéise a dhéantar ar son TG4 srl.

Is dearcadh cúng é aon dearcadh nach gcuireann léithne na meán Gaeilge san áireamh, agus is toradh é aon dearcadh dá leithéid ar mhíbhainistiú agus amaitéarachas Fhoras na Gaeilge sa ghnó seo atá tar éis sléacht á dhéanamh ar earnáil na hiriseoireachta Gaeilge.

Liosta le háireamh iad na fiontair meán cumarsáide atá curtha de dhromchla lena linn – Foinse, Lá, Beo, An tUltach (atá iompaithe ina shuíomh idirlín) agus Gaelscéal.

Tá an próiseas comhairliúcháin seo, agus an dara síneadh ama ar chonarthaí na ndeontaí, ag teacht chun deiridh.

Má bhí an Fhoras i ndáiríre faoi, bhí ceart an obair seo bheith tosnaithe go gairid tar éis tús na dtréimhsí conarthaí agus tugtha chun deiridh i bhfad roimh a gcrioch.

Ach ní mar shin a dhein an Foras a ghnó i mo thaithí riamh. Mall, níos moille agus ró mhall an trí rogha ar an ngiarbhosca s’acu.

Nuair a chuirim ‘amaitéarachas sa ghnó seo’ i leith an Fhorais, nílim ag iarraidh an Foras a mhaslú.

Is fíric é.

Níl aon eolas ar leith – seachas ciall cheannaithe de shórt, b’fhéidir – ag Foras na Gaeilge ar earnáil na meán cumarsáide agus ar earnáil na meán clóite go háirithe.

Sin an fath a gceannaíonn siad isteach an chomhairle ó shaineolaithe ón dtaobh amuigh.

Ar ndóigh, íocann siad go daor astu, glacaim leis.

Ach ní fheictear dom, i gcead do na saoithe a rinne tuairiscí roimhe seo go bhfuilimid, pobal na Gaeilge, ag fáil luach ár gcuid airgid.

Níl an locht ar na saoithe a roghnaitear mar ba cheart saineolaithe le taithí crua sna meáin a bheith i mbun na hoibre seachas acadúlaithe ó shaol na Gaeilge.

Ní gá gur taithí sna meáin Ghaeilge a bheadh i gceist anseo.

B’fhearr i bhfad duine ón dtaobh amuigh ar fad, ó na meáin Bhéarla, ón mBreatain Bheag nó ó Thír na mBascach fiú, saoithe a thuigeann de bharr taithí na riachtanais a bhaineann le bheith beo agus fás is forbairt san earnáil.

Earnáil chrua é na meáin agus tá meáin chlóite, atá faoi bhagairt ó gach taobh, níos crua arís.

Ar shlí táimid sna meáin Ghaeilge róbhog don bhrú gan taise sin, róleochailleach.

Fagtar sinn mar atá mar is ag freastal ar mhionlach de mhionlach atáimid – is mionlach iad na cainteoirí Gaeilge agus mionlach níos lú arís na cainteoirí Gaeilge a bhaineann úsáid as na meáin Ghaeilge.

Ní gá ach féachaint ar fhigiúirí féachana TG4, an tionscadal ceannais, nach bhfaigheann ach 1.8% den lucht féachana fiú is go maíonn suas go 33% den daonra go bhfuil labhairt na Gaeilge againn.

Bítear ag maíomh uaireannta faoi líon na gcuairteoirí uathúla ar Tuairisc.ie – ach dá mb’fhiú aon rud iad, bheadh an suíomh slán le hioncam fograíochta.

Féach ar an oiread fógraí ó chomhlachtaí mór le rá ar shuíomh The Journal.ie i gcomparáid le Tuairisc is tuigfidh tú chomh héagothrom is atá an saol.

Tá caidreamh mínádúrtha idir Foras na Gaeilge agus na meáin chlóite Ghaeilge.

Is maoinitheoir é an Foras agus, mar a mhínigh Seamus Daltún, an saineolaí bainistíochta a rinne ‘ollscrúdú ar na meáin Ghaeilge’ a foilsíodh i mbéal na Nollag anuraidh, tá Tuairisc, NÓS agus Comhar ag brath nach mór go hiomlán ar an bhForas dá maoiniú.

Tá an caidreamh sin míshláintiúil, go deimhin tá sé marfach.

Nuair a shínigh na trí dheontaí an conradh leis an bhForas, ní fhéadfadh ach gur thuig siad gur conradh é a bheadh ag laghdú de réir a chéile.

Tá sin soiléir ó stair an Fhorais i gcomhthéacs na gcaidreamh éagsúil leis na meáin Ghaeilge rompu

Tá sé soiléir ó chur chuige an Fhorais i réimse ábhar – ní lú an sceannairt a deineadh chun an ‘tSamhail Nua Maoinithe’ a chur i réim.

Ag tús na dtréimhsí conartha ba cheart do mhuintir Tuairisc, NÓS agus Comhar dul sa tóir ar fhoinsí nua airgid chun na bearnaí a thiocfadh a líonadh.

Tá foinsí san Aontas Eorpach, tá foinsí sa saol corporáideach agus eile is ceart a fhiosrú agus a chur faoi bhrú.

Fuair Lá tacaíocht ó Interreg tráth, mar shampla.

Tá an Irish Independent ag tacú le Seachtain.

Deirtear go bhfuil comhbhá ann don Ghaeilge – an féidir an comhbhá seo a aistriú go hairgead?

Ní féidir mura ndéantar iarracht. Ní léir dom gur deineadh iarracht.

Ceacht eile ar thagair Daltún dó ina thuarascáil ná sampla na mBascach.

Nuair a chuir Rialtas na Spáinne Egunkarria faoi chois in 2005 (féach, is féidir leis na húdaráis a bheith níos troime ar na meáin dhúchasacha ná mar atá Foras na Gaeilge in Éirinn), d’oscail siad nuachtán eile an lá dár gcionn is tá Berria ag dul leis go fóill, a bhuíochas le sintiúis tacaíochta ó breis is 4,000 scairshealbhóir.

Sara foilsíodh Lá go laethúil arís in 2003, d’éirigh leis an nuachtán £100,000 de scaireanna a dhíol.

Féach ar an Guardian i Sasana – tá siad tar éis obair a dhéanamh chun múnla nua a chruthú le go mbeidh leitheoirí ag íoc as an ábhar a léann siad.

Creid nó creid, íocann daoine as nuacht ar líne.

Is féidir méid áirithe a chur ar fáil go poiblí – agus an chuid eile a chur ar chúl an sconsa agus daoine a mhealladh le híoc chun teacht isteach.

D’fhéadfadh leithéidí Tuairisc, Comhar agus NÓS an rud céanna a dhéanamh.

An fhadhb atá ann ná go n-amharcann go leor deontaithe ar an bhForas mar a d’amharcfadh feirmeoir ar bhó.

Crúigh í is bain an bainne aisti.

Níl aon iontas go bhfuil an dearcadh sin ag tograí Gaeilge a bhíonn ag brath ar dheontas.

Go deimhin is é sin an cur chuige atá ag an bhForas féin.

Níl aon iarracht déanta ag an institiúid trasteorann airgead suntasach breise a mhealladh i dtreo na Gaeilge seachas iad ag dul bliain i ndiaidh bliana i dtreo an dá Rialtas agus iad ag fáil níos lú tacaíochta gach bliain, de réir dealraimh.

Ná luasctar an bád le gníomh dána ar eagla na heagla, ar eagla go gcaillfí na tuarastail bhreátha agus na pinsin órphlátáilte.

Má leanaimid orainn ag déanamh na rudaí céanna, ná bíodh aon iontas orainn má bhíonn na torthaí céanna – ach níos measa – mar gheall orthu.

Feictear domsa go bhfuil roghanna nach bhfuil á gcur san áireamh i reicneáil an Fhorais don bpróiseas comhairliúcháin is déanaí.

Is é sin go mbeadh comhnascadh idir, mar shampla, Tuairisc agus RTÉ.ie.

Tá suíomh idirlín Gaeilge ag RTÉ a chuireann siad nach mór i bhfolach.

Dá mbeadh suíomh ceart idirlín ann idir Tuairisc agus RTÉ, le branndáil RTÉ agus tacaíocht iomlán an chraoltóra ar a chúl, bheadh seans ann go n-éireodh leis sin teacht slán.

Rogha eile an suíomh nuachta Gaeilge a chur faoi choimirce TG4.

Is údar náire don chraoltóir Gaeilge nach bhfuil seirbhís nuachta ar líne acu mar atá ag an BBC agus RTÉ.

D’fhéadfaí tuairimíocht agus réimsí éagsúla le físeáin etc – mar atá Molscéal agus Bloc – a chur san áireamh.

Ar ndóigh, tuigimid go bhfuil eagla a chraicinn ar TG4 a bheith ceangailte le haon tuairim a d’fhéadfadh a bheith conspóideach ach is féidir le heagarthóirí stuama an riosca sin a mhaolú.

Tá ardán níos mó is feiceálaí de dhíth ar na meáin scríofa Ghaeilge.

Sop tarcaisneach é an moladh go mbeadh maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do phrintíseachtaí sna meáin chlóite Ghaeilge.

Mura mbíonn na meáin chlóite ann ceal maoinithe cá bhfoghlaimeoidh na printísigh a gceird?

Sin gnó lucht oideachais an tríú leibhéal.

Nuachtlitreacha sna Limistéir Pleanála Teanga?

Cinnte, ba mhaith ann iad ach nach sin gnó Údarás na Gaeltachta?

Agus nach mbeadh bac ar a leithéid de bhrí nach bhfuil aon Limistéir Pleanála Teanga ó thuaidh den teorainn agus is é airgead an dá dhlínse atá i gciste an Fhorais, nach é?

Maidir leis an moladh go ndéanfaí forbairt ‘ar ardán ar leith ar líne mar chuid d’earnáil na meán ar mhaithe le saibhriú na hintleachta a chothú agus a chur i láthair sa phobal’?

Is gnó é sin d’ollscoil seachas don Fhoras – b’fhéidir go bhféadfadh an Foras dul chun cainte le leithéidí Creative Ireland nó an Chomhairle Ealaíon nó eagras acadúil chun é a mhaoiniú.

Bíodh is go bhfuil an próiseas comhairliúcháin seo faoi na meáin Ghaeilge, nó le bheith beacht, na trí dheontaí, éiríonn ceisteanna níos bunúsaí faoi ról an Fhorais.

An é ról an Fhorais a bheith ag suí i réim i dtúr breá nua lárchathrach le fuinneoga déghloinithe cruatan imdhíonaithe le plátaí torthaí, caife Java agus muifíní seacláide a fhad is atá an chuid eile againn, taobh amuigh de na fuinneoga, ag fulaingt le gach ciorrú?

Nó an bhfuil gá go léireodh an Foras ceannaireacht agus troid leis na Rialtais ar ár son agus bealaí nua a aimsiú chun an cúram atá orthu a chur i gcrích agus forbairt is fás a dhéanamh?

Mura bhfuil Foras na Gaeilge chun athrú ceart is fírinneach ó bhonn a dhéanamh maidir lena chur chuige féin i leith na meán scríofa Gaeilge, fág rudaí mar atá is ná bí ag baint de rud atá chomh briste brúite faoi chois is atá.

Má imíonn Tuairisc, NÓS agus Comhar mar gheall ar an “mbagairt” seo, beidh trua agam dos na hiriseoirí fé mar a bheadh agam d’aon duine a chaillfeadh post.

Chailleas féin post nó trí de bharr chinntí caocha an Fhorais.

Tá an saol crua.

Ach is féidir teacht slán, tuigim, nó táim féin beo i ‘ngeilleagar na ngigeanna’.

Ní bheidh deireadh leis an iriseoireacht Ghaeilge dá bharr go fóill áfach.

Go deimhin, b’fhéidir nach bás ach athfhás a bheadh i ndán di agus go mbeadh an earnáil ní b’fhearr as gan bheith faoi ordóg ag lámh mharbh an mhaorlathais.

Níos mó