Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le cur faoi bhráid na comhaireachta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceithre-mheamram-faoi-chursai-gaeilge-agus-gaeltachta-le-cur-faoi-bhraid-na-comhaireachta

Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le cur faoi bhráid na comhaireachta

Cuirfear ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi bhráid chruinniú speisialta an Rialtais atá le bheith ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall Déardaoin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann na meamraim sin le stádas na Gaeilge san AE; an reachtaíocht teanga; an phleanáil teanga; agus polasaí náisiúnta nua do na hoileáin.

Pléifear chomh maith ag an gcruinniú i nGleann Cholm Cille gnóthaí eile a bhaineann leis an teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inné nach mbeadh an bille teanga chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga réidh in am do chruinniú na seachtaine seo, mar a bhí geallta ag an Taoiseach.

Samhain 2011 a fógraíodh ar dtús go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an acht teanga agus an fómhar seo chugainn an sprioc is déanaí de na spriocanna go léir atá tugtha ó shin maidir le foilsiú an bhille.

Beidh gné shuntasach amháin den reachtaíocht teanga ar chlár chruinniú na seachtaine seo sa Ghaeltacht, áfach.

Tá sé i gceist go dtabharfadh an Rialtas a mbeannacht Déardaoin d’uasdátú ar sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla, an liosta comhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta, liosta nár deineadh aon uasdátú air le deich mbliana anuas.

Tuigtear go bhfuil os cionn dhá scór comhlacht poiblí ann  nach bhfuil aon dualgas teanga de réir an dlí orthu toisc gur bunaíodh iad i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta uasdátú a dhéanamh go deireanach ar sceideal an Achta i mí Bealtaine 2006.

I measc na gcomhlachtaí sin nach bhfuil aon dualgas teanga orthu, tá Uisce Éireann, an tÚdarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Chomhairle Múinteoireachta, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Ireland Tourism agus Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann.

Baineann ceann eile de na meamraim a chuirfear faoi bhráid chruinniú na seachtaine seo le sprioc an Rialtais go dtiocfadh deireadh faoi 2022 leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Tabharfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan le fios don Rialtas go bhfuiltear “ar sprioc” i dtaca leis an maolú agus le soláthar dóthain aistritheoirí agus ateangairí le deireadh a chur leis.

Baineann na meamraim rialtais eile le forbairt polasaí náisiúnta do na hoileáin agus le bunú coiste trasrannach chuige sin agus le staid na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Níos mó

tuairisc.ie

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge