Tá cuireadh tugtha don iar-aire de chuid an DUP Nelson McCausland teacht go dtí seoladh oifigiúil Chultúrlann nua Gaeilge Ard Mhacha.
Scríobh McCausland, a bhfuil an cháil air go bhfuil dearcadh frith-Ghaeilge aige, colún ar an Belfast Telegraph an tseachtain seo caite inar cháin sé Aonach Mhacha, an chultúrlann £2 milliún nua atá á tógáil in Ard Mhacha.
Tagann an cuireadh seo sna sála ar cholún a foilsíodh sa Belfast Telegraph an tseachtain seo inar cháin an t-iar-aire cultúir “the latest in a network of Irish language centres”.
Ina cholún, mhaígh McCausland gurb ionann Aonach Mhacha agus “the latest in a network of Irish language centres” ar meabhrú iad “that there has been a lack of cultural equality for far too long”.
Dúirt sé nár cheart don DUP glacadh le margadh ar bith maidir le Stormont a bhunú mura gcuirfí deireadh le “the preferential treatment for Gaelic culture”.
Mhaígh McCausland go raibh éagóir á déanamh ar an chultúr aontachtach fad is a bhí ‘€24 milliún’ caite ar fhoirgneamh don Ghaeilge.
Luaigh sé chomh maith “a new state-of-the-art building for Raidio Failte” a osclaíodh mí an Mhárta seo caite agus mhaígh sé gur léir “an-mheas” a bheith ar an Ghaeilge cheana agus nach dteastaíonn acht Gaeilge dá bharr.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Seán Ó Maoilsté, Stiúrthóir Aonach Mhacha, go raibh sé sásta leis an “dea-phoiblíocht” a tharraing alt McCausland ar an “obair mhór atá déanta in Ard Mhacha maidir le bunú an ionaid úir Ghaeilge”.
“Tá muid iontach sásta le Nelson as muid a chur chun cinn. Tá sé níos dóchasaí ná muid ó thaobh an dáta oscailte, áfach agus é luaite san alt aige go mbeidh an foirgneamh réidh faoi dheireadh an tsamhraidh. Beidh sé níos cóngaraí don bhliain úr faoin am go mbeidh críoch leis an fhoirgneamh,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur léir go raibh McCausland ag iarraidh “liathróid pholaitiúil a dhéanamh den teanga” agus gur éirigh le Gaeil Ard Mhacha “cúrsaí polaitíochta a sheachaint i gcónaí”.
“Rinne muid iarracht i gcónaí cúrsaí polaitíochta a sheachaint agus d’éirigh linn sin a dhéanamh. Tá muid ag iarraidh go mbeidh an áit nua ar fáil agus an teanga ar fáil d’achan duine ar mhaith leo sult a bhaint astu.
“Ní chuireann sé isteach nó amach orainn. Díolann Gaeilgeoirí cáin agus rátaí agus ní raibh cúis ar bith ann nach mbeadh airgead poiblí á chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge,” arsa Ó Maoilsté.
Dúirt stiúrthóir Aonach Mhacha gur léir nach raibh aon athrú poirt ag McCausland ó thaobh na Gaeilge de agus a thuairimí frithGhaeilge á nochtadh arís aige.
“Bhí mé ag obair sa Roinn Oideachais na blianta ó shin agus ba í an chéad litir a d’oscail mé ná litir ó McCausland ag cur i gcoinne bhunú Gaelscoil, a bhí ina ‘absurd waste of taxpayers’ money’, dar leis. Tá an port céanna á sheinm aige i gcónaí is cosúil,” a dúirt Seán Ó Maoilsté.
Thug Ó Maoilsté le fios go bhfuil sé i gceist ‘Aonach Mhacha’ a sheoladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2020 agus go mbeidh cuireadh ag Nelson McCausland teacht go dtí an seoladh oifigiúil.
Tá cuireadh tugtha don Uachtarán Mícheál D.Ó hUiginn an t-ionad úr á sheoladh go hoifigiúil.