Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cuis-‘naire’-e-nar-comhlionadh-gealltanas-an-taoisigh-faoi-reachtaiocht-teanga

Cúis ‘náire’ é nár comhlíonadh gealltanas an Taoisigh faoi reachtaíocht teanga

| Tuairisc.ie |

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí an fhreasúra ar theip an rialtais an bille teanga a bheith réidh in am do chruinniú rialtais an lae inniu, cruinniú a bheidh ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ag tús na míosa, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil go raibh an bille teanga “réidh anois” agus go bhfoilseofaí é an lá céanna leis an chruinniú rialtais deireanach roimh shos an tsamhraidh, an cruinniú a bheidh ar siúl i nGleann Cholm Cille inniu.

Dúirt an Taoiseach mí Bealtaine go raibh “náire” air nach raibh an Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe.

Gealladh an reachtaíocht nua, a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga, den chéad uair in 2011.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur “mór an náire é” nár foilsíodh an bille mar a gealladh sa Dáil mí ó shin.

“Tá an rud seo ag dul ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh. Is léir nach bhfuil aon phráinn le cúrsaí Gaeilge agus nach bhfuil tosaíocht á tabhairt don Ghaeilge,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Catherine Connolly, an Teachta Dála ar gheall an Taoiseach sa Dáil di go bhfoilseofaí an bille an mhí seo, go raibh “an-díomá” uirthi nach raibh an bille réidh in am don chruinniú rialtais deireanach.

“Tá an-díomá orm. Tá ceist an bhille ardaithe go mion minic agam, uaireanta chuile mhí, uaireanta chuile seachtain. Rinne mé sin mar go bhfuil práinn ag baint le foilsiú an bhille seo, tá muid ag caint ar chearta bunúsacha. Ní thuigim cén fáth a mbeadh tuilleadh moille ag baint leis,” a dúirt  an Teachta Dála neamhspleách.

Dúirt Connolly, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, go ndearnadh “a lán oibre” lena chinntiú gur leasuithe “ciallmhara, bunúsacha” a dhéanfaí ar an Acht Teanga ionas nach mbeadh “tuilleadh moille” i gceist le foilsiú an bhille.

“Nuair a bhí an tuarascáil á cur i dtoll a chéile againne sa choiste ní raibh muid ró-radacach. Athruithe bunúsacha atá i gceist. Bhí éileamh ann go gcuirfí gnéithe áirithe i measc na leasuithe, leasuithe maidir leis na cúirteanna ina measc, ach chun a thuilleadh moille a sheachaint ní dhearnamar sin.”

“Tá muid fós gan aon bhille. Níor mhaith liom an focal ceap magaidh a rá. Ar leibhéal amháin, tá sé soiléir go bhfuil suim ag an Taoiseach sa Ghaeilge ach níl a fhios agam an bhfuil an tuiscint chomh domhain sin aige go dtuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh bille nua teanga againn.

“Glacaim leis go raibh sé dáiríre faoin ráiteas a rinne sé agus go bhfuil náire air nár foilsíodh an bille go dtí seo,” a dúirt an Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios i dtús na seachtaine go mbeadh an bille á fhoilsiú san fhómhar anois, ach dar le Catherine Connolly go bhfuil súil aici go bhfógrófar beart fónta eile ar son na Gaeilge inniu.

“D’fhéadfá a rá nach bhfuil aon mhaith cruinniú rialtais a bheith sa Ghaeltacht gan aon bhille teanga ach creidim gur rud maith é go mbeidh an rialtas ag dul ann agus ceapaim gur céim chun cinn é sin. Tá súil agam go mbeidh beart éigin á fhógairt maidir le polasaí do na hoileáin.”

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil chomh maith go mbeidh “gach deis sa Dáil á thapú” aige chun ceist an bhille a ardú nuair a thosaíonn imeachtaí na Dála arís san fhómhar.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aonghus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie go raibh an “baol anois ann” nach mbeidh an bille teanga réidh faoi dheireadh na bliana.

“Tugadh gealltanais dúinn go mbeadh an bille réidh. Beidh sé deacair orainn anois an bille a bheith réidh i mbliana faoin am go ndéanann sé a bhealach fríd an Oireachtas. Ní tharlaíonn reachtaíocht thar oíche agus is mór an t-údar díomá é nach bhfuil an bille foilsithe faoin tráth seo,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aonghus Ó Snodaigh.

Cuirfear ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi bhráid chruinniú speisialta an Rialtais atá le bheith ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall inniu.

Baineann na meamraim sin le stádas na Gaeilge san AE; an reachtaíocht teanga; an phleanáil teanga; agus polasaí náisiúnta nua do na hoileáin.