Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-is-fuath-liom-na-meain-shoisialta-babhtai,-agus-is-brea-liom-babhtai-eile-iad

Is fuath liom na meáin shóisialta babhtaí, agus is breá liom babhtaí eile iad

Deir saineolaithe áirithe go dtéann tuairim is 60,000 smaoineamh trínar gceann gach aon lá. 60,000. Tá meon nach bhfuil chomh dearfach san ag mórán de mhuintir na hÉireann, a deirtear, mar shampla a bheith ár gcur féin síos, nó gan glacadh le moladh a fhaighimid ó dhaoine eile. Mar sin, ní gnách gur smaointe maithe iad an 60,000 smaoineamh seo. 

Ní mholfaimis sinn féinig go deo, nár lige Dia go gceapfadh éinne go rabhamar mórálach asainn féin! Is minic fir agus mná seoigh ag déanamh aithris ar an Éireannach sa tslí seo.

“Sin barra álainn a Mhary”.

“É seo? Sin seanrud saor ó Phenneys”.

“Penneys? Ó, tá sé ana-dheas”.

“Níl, féachaim ramhar ann”.

Cad faoin 60,000 smaoineamh sin agus sinn ag úsáid na haipe Instagram? Cinnte, mhéadódh líon na smaointe go mór. Deir Simon Sinek, scríbhneoir agus cainteoir spreagúil go bhfuil ana-mheas agamsa air, go scaoiltear ceimic darb ainm dopaimín le húsáid leithéidí Facebook, Instagram agus Twitter, agus is í an cheimic chéanna inár n-intinn is cúis le sinn a bheith tugtha don ndeoch nó do thoitíní. 

Nuair “is maith” le duine éigin d’ábhar ar Facebook nó do scéal ar Instagram, braitheann tú go maith, agus gur maith le daoine tú, mar sin, leanann tú ort á sheiceáil agus á sheiceáil agus scaoiltear an dopaimín isteach sa chorp. 

Ní haon scéal nua é sin, ach tá sé tábhachtach srian éigin a chur orainn féin má chuireann na meáin shóisialta isteach orainn agus má bhímid in ísle brí acu. Caithfead a rá, go mbíonn an ghráin agam féin ar na meáin shóisialta babhtaí, agus is breá liom babhtaí eile iad. Deir Sinek go bhfuilimid ana-mhaith ag cur “scagairí” ar ár saol, ach nach é sin ár saol ceart in aon chor.

Deir mórán liom go minic go mbíonn siad á gcur féin i gcomparáid le daoine eile agus a saol agus iad ag féachaint trí Instagram. Is cuma óg nó aosta iad, beo nó marbh!


Seo cuid des na smaointe a rith liom agus mé ag féachaint trí scéalta mo “chairde” ar Instagram:

1. “Bhí sé de cheart agamsa dul go coirm cheoil Westlife ar nós A.”

2. “Ba cheart dom dul ag siúl anois ar nós B. (Tá siúl déanta cheana féin inniu agam).”

3. “Ba cheart domsa a bheith dúisithe ar a cúig a chlog ar maidin leis, cosúil le C.”

4. “Canathaobh ná fuilimse in Lanzrote mar atá D?”

5. “Conas nár cuireadh ceist ormsa dul amach ag ithe lóin le E, F agus G? Cím go bhfuilid in Pantrí anois le chéile. (Táim ag obair agus bhí a fhios sin acu).”

6. “Caithfeadsa gúna mar sin a cheannach don gcéad phósadh eile go rachfad chuige, ar nós an ghúna atá ar H.”

7. “Ba cheart domsa plandaí agus bláthanna cosúil le cinn I a chur. (Níl gairdín agam!)”

8. “Ba cheart dom a bheith sa gym anois ar nós J. (Bhíos sa gym cheana inniu).”

9. “Conas ná fuilimse chomh aclaí le K? (Táim sásta mar atáim).”

10. “Caithfidh mé dul ag sciáil an bhliain seo chugainn ar nós L. (Tá an ghráin agam ar an sciáil).”

11. “Caithfidh mé cat deas a fháil dom féin ar nós chat M.”

12. “Caithfidh mé piscín deas rua a cheannach dom féin cosúil le ceann N. (Ní réiteodh an piscín agus an cat).”

13. “Conas nach féidir liomsa maratón a rith i 3 uair a chloig 30 soicind ar nós O?”

14. “Caithfidh mé coinne a dhéanamh leis an spá mar tá P ann inniu agus féachann sé deas.”

15. “Ba cheart dom barbaiciú a bheith agam anocht ar nós Q.”

16. “Caithfidh mé saoire a thógaint thar lear agus in Éirinn an samhradh seo agus camper van a cheannach agus dul ar chruise agus an domhan a thaisteal ar nós R agus S.”

17. “Ba cheart dom dul go ióga ar nós T.”

18. “Caithfidh mé cairt nua a cheannach ar nós U.”

19.  “B’fhéidir gur cheart dom seans a thabhairt do Love Island ar nós V.”

20. “Ba cheart dom níos mó leabhair a léamh mar atá W a dhéanamh.”

21. “Ba cheart dom dul i gcomhair caife deas le maisiú deas ar a bharra agus bainne coirce a chur tríd ar nós  X.”

22. “Ba cheart dom bogadh chun na hAstráile ar nós a dhein Y.”

23. “B’fhéidir go ndéanfadh sé maitheas dom briseadh a thógaint ó na meáin shóisialta ar nós Z.”


Smaointe atá ag teacht salach ar a chéile mórán acu seo, ach téann siad trínár gceann, i ngan fhios dúinn, mar sin féin. An rud is tábhachtaí le cuimhneamh air i ndeireadh an lae ná:

1.Ní chuireann daoine ach na dea-scéalta in airde ar Instagram! 

2.Beatha duine a thoil.

3.N’fheadar éinne cáil an bhróig ag satailt ar éinne eile.

Agus an ceann is tábhachtaí, táimid maith go leor mar atáimid! Agus ag déanamh ár ndíchill.

Go bhfeice mé ar Instagram sibh 😊

Níos mó