Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘mixed-views’-faighte-ag-an-ncca-maidir-leis-an-ngaeilge-eigeantach

‘Mixed views’ faighte ag an NCCA maidir leis an nGaeilge éigeantach

| Tuairisc.ie |

Tá “mixed views” faighte ag an NCCA faoin ar cheart an Ghaeilge a bheith ina ábhar éigeantach don Ardteist.

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais curtha i lár an aonaigh sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar leagan amach na sraithe sinsearaí.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil “go leor” daltaí den tuairim gur chóir ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus gur luaigh ach “roinnt” daltaí a thábhachtaí is atá sé “some exposure to the language for students” a choinneáil.

Deirtear go ndúradh ag seimineáir agus in aighneachtaí ríomhphoist gur chóir dhá ábhar a dhéanamh den Ghaeilge, ceann acu a bheadh éigeantach agus ceann a bheadh roghnach. De réir an mholta seo, spreagfaí suim i labhairt na Gaeilge ach ‘teanga agus cultúr’ na Gaeilge a bheith éigeantach agus litríocht na Gaeilge a bheith ina hábhar roghnach eile.

Dúradh chomh maith in aighneachtaí ríomphoist gur ábhar imní faoi stádas na Gaeilge sa chóras é go bhfuiltear ag cuimhneamh ar líon na n-ábhar don Ardteist a laghdú.

Deirtear gur leag “grúpaí áirithe” béim ar an tábhacht a bhain le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach agus moladh go dtabharfaí tús áite do líofacht sa teanga seachas foghlaim de ghlanmheabhair. Má thugtar dhá ábhar isteach don Ardteist, mar atá i bhfeidhm don Teastas Sóisearach agus beartaithe don tsraith shinsearach, moladh do lucht an athbhreithnithe  go mbeadh pointe CAO breise ar fáil don dream a thabharfadh faoin gcúrsa níos dúshlánaí a bheadh dírithe ar chainteoirí líofa.

Níl aon athrú ar phort na Roinne Oideachais maidir le ceist seo na marcanna bónais a thabhairt don dara siollabas Gaeilge atá beartaithe a thabhairt isteach don Ardteist an bhliain seo chugainn.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbíonn marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

De réir tuarascáil eile a chuir an NCCA amach i mbliana,  tá ag teip ar an leagan amach nua ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste a tugadh isteach in 2012.

Léirigh tuarascáil taighde eile a rinneadh do COGG nár tháinig aon fheabhas ná aon mheath ar chumas teanga daltaí Ardteiste ó tugadh isteach an cúrsa nua a raibh faoi a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge á labhairt i ngach seomra ranga.

Tá sé ina imní anois go bhfuil an baol ann go gcuirfí deireadh le stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach seachas dul i ngleic leis na dúshláin sin.

Méadaíodh ar an imní sin nuair a caitheadh amhras mór ar stádas na Gaeilge mar ábhar éigeantach sa chéad tuarascáil a d’fhoilsigh an NCCA mar chuid dá n-athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste.

Mar chuid den tuarascáil sin, rinneadh suirbhé i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí chun a dtuairimí a fháil faoi scrúdú na hArdteiste agus údar imní a bhí i gcuid dá raibh sa tuarascáil chéanna do dhaoine atá buartha faoi impleachtaí an athbhreithnithe do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúradh sa tuarascáil sin go raibh “frustrachas” ar dhaltaí mar gurb éigean dóibh ábhair áirithe á dhéanamh agus gurbh í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a luadh sa phlé sin faoinar cheart d’aon ábhar a bheith ina ábhar éigeantach don Ardteist.

Bhí tagairt sa chéad tuarascáil do na tuairimí dearfacha a léirigh roinnt daoine faoi thábhacht na Gaeilge féin, ach má léirigh aon duine an tuairim gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach, níor foilsíodh aon sampla den dearcadh sin.

Próiseás comhairliúcháin poiblí atá sa triú cuid den athbhreithniú ar leagan amach na hArdteiste agus tá go dtí an 1 Samhain ag daoine aighneachtaí a chuir chuige an NCCA.

“Is léir ón athbhreithniú go dtí seo go bhfuil gá le hathrú agus ag an am céanna le bun-neart na sraithe sinsearaí atá againn faoi láthair a choinneáil. Níl aon chinneadh déanta fós faoi nádúr, luas ná scóip an athraithe sin. Beidh sé sin níos soiléire ón athbhreithniú agus déanfar é a chíoradh le linn céim a trí, an comhairliúchán poiblí,” a deirtear sa tuarascáil eatramhach atá díreach foilsithe ag an NCCA.

Níos mó