Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘ni-hea,-ni-hea,-ni-hea,-no-nyet-nein,-never-never-never!’-tuairimi-faoi-phlean-fhoras-na-gaeilge-do-na-meain

‘Ní hea, ní hea, ní hea, no nyet nein, never never never!’- tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin

| Meabh Ni Thuathalain |

Alan Titley


údar agus
iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Deireadh leis an leagan clóite de Comhar? ‘Ní hea, ní hea, ní hea, no nyet nein, never never never,’ a deirim. Bheadh seo ar an tréas is mó a déanadh ar litríocht agus ar mhachnamh sa Ghaeilge leis na cianta. Socrú barbarach domhaite! Baineadh deontais cheana de Feasta agus den Ultach agus de chinn eile, agus is beag ábhar clóite rialta reatha atá ar fáil dúinn anois, cé go bhfuil a ndícheall maith mór á dhéanamh ag na hirisí sin atá beo fós. An é go gceaptar go bhfuil deireadh leis an bhfocal clóite?

Gabhaim liom isteach in aon cheann de na siopaí móra nuachtáin agus tá lán seilfeanna go deireadh na háite ag cur thar maoil le hirisí – irisí do gach rud, mionspéiseanna, mórspéiseanna, gluaisrothair, gluaisrothair bheaga, cumhrán nádúrtha, cúram beacha, buíonta ceoil, teaghlaigh lofa ríoga, misinéirí thar lear, irisí logánta, ficheall, tiddlibhincs, bearradh ingne, fabhraí áille, clúmh chait – ní raghaidh mé ar aghaidh, ach tá gach rud faoin saol le ceannach, seachas iris Ghaeilge. An tuairim seo go bhfuil deireadh leis an leabhar, leis an iris, leis an ábhar clóite is smaoineamh baoth saonta simplí primitíveach neamhstairiúil gan chéill atá ann. Ná leagtar lámh ar Comhar!

Ní hé NÓS an t-ábhar léitheoireachta is túisce a ghlacaim chugam féin, ach tá sé spreagúil agus beo agus dathannach. Bítear ag gearán go bhfuil easpa ábhair mar seo sa Ghaeilge, ábhar inléite, éasca, greannmhar (fiú)…dá réir sin, is dá réir sin, ní fheicim aon mhaith deireadh a chur leis, mar cad a chuirfí ina áit?

Ní miste agus is mithid go mbeadh nuachtlitir ag agus ó na ceantair Ghaeltachta, ach táim go mór in amhras faoi scéim phrintíseachta. Ní hé nach mbeadh feidhm éigin lena leithéid, ach is ar láthair na hoibre féin a fhaigheann iriseoirí taithí agus máistreacht. Ní bheidh aon obair ann mura bhfuil an t-ábhar (clóite agus leictreonach) ar fáil. B’fhearr foilseacháin a chothú, an t-ábhar iriseora a fhostú agus ligean di/dó a bheith ag foghlaim gan cheangal céime ná dioplóma. B’fhearr an t-airgead a thabhairt ar ais do na hirisí nach bhfuil ach spide fí tacaíochta anois acu.

Útamáil áirithe arís atá sa phlean €60,000 a chur le maoiniú seirbhís nuachta ar líne. Tá obair den scoth ar siúl ag Tuairisc.ie agus is fearr go mbeadh buaine oibre agus buaine fostaíochta ag daoine, seachas conarthaí ag dul ó láimh go láimh. Ní shílim go bhfuil aon ghá le seirbhís eile ar líne, cad ar a shon nach bhféadfaí breis forbartha a dhéanamh ar a bhfuil ann anois seachas an Lanningan’s Ball seo a bhfuil daoine tiomanta air.


Áine Nic Gearailt


iarLeas-Eagarthóir

Nuair a tháinig deireadh leis an tréimhse ina raibh nuachtáin chlóite ann, sílim gur fágadh bearna nár líonadh fós. Is ag cúngú ar fad atá earnáil na hiriseoireachta Gaeilge, ar an drochuair. Níl aon rud ann ó thuaidh anois. An rud is mó a chronaím ná ábhar léitheoireachta clóite. Níl An tUltach ar fáil anois agus cheannaigh daoine é. Ceann de na hargóintí a rinneadh ná go raibh nósanna léitheoireachta ag athrú nuair a fuair Foras na Gaeilge réidh leis an hirisí agus nuachtáin chlóite, ach tá cúngú iomlán déanta ar an earnáil. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil bunús le cinntí an Fhorais.

Bíonn siad ag luascadh ó smaoineamh amháin go smaoineamh eile. Mothaíonn tú nach bhfuil siad féin cinnte den bhealach chun tosaigh. Níl aon bhonn nó talamh seasmhach ann. Ar a laghad is féidir an nuacht a léamh ar líne ar Tuairisc.ie agus sílim go bhfuil Tuairisc.ie ag cruthú go maith. Tá freastal á dhéanamh acu ar chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus tá réimse leathan ábhar ar fáil ar an suíomh. Cronaím féin an rud clóite go fóill mar go dtugann sé láithreacht a mhothaím nach bhfuil ann níos mó.

Bheinn go mór in amhras faoin mholadh atá déanta acu printíseachtaí a chur ar fáil. Ní thuigim cá bhfaighidh na daoine seo taithí. Ní thuigim cén fáth a bhfaigheadh siad réidh le NÓS. Tá sé ag freastal ar sciar suntasach de phobal na Gaeilge, an dream óg. Má tá siad ag rá nach bhfuil fiúntas le NÓS cad é atá siad ag rá faoin obair a rinneadh thar na bliana agus an táirge a cuireadh ar fáil. Bhí NÓS ceannródaíoch. Phléigh sé le rudaí nár pléadh leo roimhe seo ar na meáin Ghaeilge, cúrsaí gnéis ina measc agus bhí aird acu ar dhearadh agus ar ealaín. Bhí agus tá ráchairt ar NÓS agus ní thuigim cad tuige go bhfaighfí réidh leis.

Ciarán Dunbar


Iriseoir agus iarEagarthóir Gaelscéal

Is léir don dall nach fiú scéim printíseachta a bheith ann mar níl aon phoist ar fáil san earnáil – agus ní dócha go mbeidh ach an oiread – go háirithe i gcomhthéacs na gciorruithe seo.

An t-aon toradh a fheicimse leis an ghníomh seo ná tuilleadh post ar phá íseal a chruthú don earnáil. Is ionann sin, i mo bharúilse, agus ísliú stádais d’iriseoireacht na Gaeilge agus do chaighdeán na hiriseoireachta sin.

Tchítear dom gur chóir don Fhoras foilseacháin a mhaoiniú de réir líon a gcuid léitheoirí. Lig don mhargadh agus don phobal an cinneadh a dhéanamh. Bheinn ag moladh go ndéanfaí foilseacháin a dheonú ar bhonn bliantúil agus nach mbeadh aon chinneadh le déanamh ag an Fhoras maidir le ‘hábhar’, ‘caighdeán’ nó a dhath eile – léitheoireacht amháin a bheadh i gceist.

Maidir le deireadh a chur leis an leagan clóite de Comhar, déarfainn gur fearr le lucht léite Comhar leagan clóite den iris a bheith ar fáil. Baineann todhchaí NÓS le bainistíocht na hirise. Is féidir le Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an maoiniú go cinnte ach ní féidir leo deireadh a chur leis an iris. Bheinn ag tacú le breis maoinithe a bheith á cur ar fáil do sheirbhís nuachta ar líne, amhail Tuairisc.ie.

Seachas moltaí don Fhoras, is é an moladh a bheadh agam do na Gaeil iad féin a shaoradh ón stát agus ón mhaorlathas. Sa chás seo, ciallaíonn sé sin tacú leis na meáin Ghaeilge trí na táirgí atá ar fáil a léamh agus a cheannach agus gan a bheith ag brath an oiread sin ar Fhoras na Gaeilge.

Norita Ní Chartúir

léachtóir cumarsáide agus craoltóir

Tuigim go bhfuil ganntan airgid ar an bhForas ach ní shílim gurb é réiteach na faidhbe na moltaí atá déanta acu ina bplean nua do na meáin Ghaeilge. Más féidir ar chor ar bith, teastaíonn tuilleadh airgid ó Tuairisc.ie. Ní bheinnse ag rá gur rud maith é go mbeadh ceist ann faoin tseirbhís nuachta ar líne a bheas á maoiniú amach anseo ach oiread. In áit a rá, fágfaidh muid Tuairisc.ie mar atá sé agus neartóidh muid í, tá seirbhís ‘cosúil le Tuairisc.ie’ luaite sa bplean. Níor thaitin sé sin liom go raibh siad ag cothú éiginnteachta sa phobal maidir leis an tseirbhís nuachta a bheadh ann.

Níor thaitin sé liom ach oiread go raibh siad ag moladh fáil réidh le NÓS agus Comhar a chur ar líne amháin. Is fíorbheagán airgid a bhíonn á chur ar fáil don dá fhoilseachán nuair a chuimhníonn tú air.  Is maith ann an smaoineamh faoin scéim printíseachta. Tá go leor mac léinn a bhfuil céim san iriseoireacht acu ach teastaíonn taithí mhaith uathu ag obair san earnáil. Bheinnse ag rá gur cheart do na printísigh a bheith ceangailte le Tuairisc.ie agus NÓS. Tá éacht déanta ag lucht Comhar. Níl an oiread ag ceannach Comhar is ba chóir ach má bhreathnaíonn tú ar Comhar na nÓg, tá éacht déanta acu ag scaipeadh agus ag spreagadh na ndaoine óga i mbun scéalaíochta agus léitheoireachta. Tá obair d’ardchaighdeán déanta acu. Tá na trí fhoilseachán difriúil óna chéile agus tá niche sa mhargadh don trí cinn, dar liom féin.


Breandán Delap


Clár-eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ agus údar Ar an Taifead: Fís, fuaim agus focal

Tá sé ráite arís is arís eile nach gairm bheatha rósheasmhach é a bheith fostaithe ag iris Ghaeilge.

Anois, Foinse, , Gaelscéal srl tagtha agus imithe le dornán blianta anuas. Anois tá NÓS agus Tuairisc.ie faoi bhagairt agus is trua sin. Bhí fadhbanna seachadta agus dáiliúcháin ag na nuachtáin thraidisiúnta sin, rud nach bhfuil ag Tuairisc.ie.  Tá gean agus meas an phobail ag Tuairisc de bharr chaighdeán na hiriseoireachta agus na scríbhneoireachta ann – idir scéalta nuachta, ghné-altanna agus ghreann – agus tá tacaíocht de dhíth orthu anois seachas éiginnteacht i dtaobh maoinithe de. Tá an tseirbhís neamhspleách agus neamhchlaonta agus tá tréimhse seasmhachta ag teastáil le deis a thabhairt don fhoireann an suíomh a fhorbairt.

Ba mhór an peaca a bheadh ann dá dtiocfadh deireadh le Comhar. Tugann sé ardán do ghlúnta úra scríbhneoirí agus tá ról tábhachtach aige ó thaobh na hiriseoireachta de fosta. I dtíortha eile, déanann irisí liteartha ar nós an Oxford Literary Review scagadh intleachtúil ar mhórcheisteanna an ama cosúil leis an Bhreatimeacht, neamhspleáchas na hAlban srl.  Bíonn altanna fada, críochnúla acu ar na hábhair seo, scríofa ag údair aitheanta nó ag ollúna ollscoileanna agus is léamh liteartha agus intleachtúil a bhíonn acu seachas mar a bhíonn ag colúnaithe polaitíochta na nuachtán. Cítear domhsa go bhfuil an ról céanna ag Comhar i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta de agus tá anailís mhaith déanta ann le blianta anuas ar leithéidí an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla srl.

Tá a leithéid ríthábhachtach dar liom.

Ní mé an té is cáilithe le labhairt faoi NÓS siocair nach bhfuil sé dírithe ar m’aoisghrúpa-sa ach braithim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh áit ann le haghaidh ábhar nach mbíonn faoi chuing ag stíl thraidisiúnta na meán agus a thugann ardán do leithéidí Kneecap srl.

Bhí easurraim áirithe don bhunaíocht le blas ar NÓS agus ní drochrud é sin.  An chontúirt a bhaineann le bheith ag díriú ar dhaoine óga ná go dtéann siad in aois (creid é nó ná creid!) agus caithfear cinneadh a dhéanamh ansin an leanfar ag freastal ar na léitheoirí sin nó an gcuirfear cló úr ar an ábhar agus ar an stíl gach re bliain len é a chur i bhfóirstean do ghlúin úr atá ag teacht chun méadaíochta.

Tá mé go mór i bhfách le scéim printíseachta a fhorbairt a fhad is go mbeidh deis fostaíochta ag na printísigh nuair a bheas a dtréimhse curtha isteach acu…agus ar ndóigh go mbeidh tionscal ann le hiad a fhostú!


‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin

Níos mó