Tá ráite ag Robert Mueller nár saoradh ó mhilleán Donald Trump san fhiosrúchán faoin ról a bhí ag an Rúis i dtoghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá in 2016.
Agus fianaise á tabhairt ag Mueller do choiste de chuid Theach na Comhdhála inniu, thug an t-iar-abhcóide speisialta le fios den chéad uair go mbeadh an dlí curtha aige ar Trump as bac an cheartais murach comhairle dlí ó Roinn an Chirt.
Thug an Roinn sin rabhadh do Mueller maidir le huachtarán atá fós in oifig a chúiseamh.
Agus ceist eile á freagairt aige, dúirt Mueller go bhféadfaí Trumpa chúiseamh nuair a bheidh sé imithe as oifig.
Dheimhnigh an t-iar-abhcóide speisialta chomh maith gur iarr Trump ar bhaill foirne dá chuid taifid a bhain leis an bhfiosrúchán a fhalsú.
Dúradh i dtuarascáil Mueller go raibh go leor nasc idir na Rúisigh agus lucht fheachtas Trump nach raibh dóthain fianaise ann chun cúiseanna coiriúla a thionscnamh.
Dúirt Mueller go minic ina chuid cainte, a bhí breac le freagraí gairide agus aonfhoclacha, nárbh faoi féin ná a fhoireann é cinneadh a dhéanamh an raibh bac an cheartais i gceist le hiompar Trump.
Bhí an tUachtarán Trump féin ag tvuíteáil ar dalladh inniu faoi fhiosrúchán Mueller agus roimh a hocht a chlog ar maidin bhí ocht dtvuít curtha amach aige ag séanadh go ndearna sé aon ní as bealach agus ag caiteamh anuas ar an bhfiosrúchán.
Dúirt sé go raibh lucht a cháinte i mbun ionsaí “mídhleachtach” arb ionann é agus “tréas” in aghaidh na tíre.
Tvuíteáil sé chomh maith: ‘No Collusion, No Obstruction, Complete and Total EXONERATION. KEEP AMERICA GREAT!’.