Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tacaiocht-ag-beirt-fheisiri-parlaiminte-d’iarracht-acht-gaeilge-a-thabhairt-isteach-in-westminster

Tacaíocht ag beirt fheisirí parlaiminte d’iarracht acht Gaeilge a thabhairt isteach in Westminster

| Meabh Ni Thuathalain |

Tá tacaíocht léirithe ag beirt fheisirí parlaiminte d’fheachtas chun acht Gaeilge don Tuaisceart a thabhairt isteach i bparlaimint Shasana.

Ar dhuine den bheirt fheisirí atá ag tacú leis an éileamh ar acht teanga, tá an feisire de chuid an Lucht Oibre Conor McGinn, ar éirigh an tseachtain seo caite lena mholadh go dtabharfaí reachtaíocht comhionannais pósta don Tuaisceart isteach in Westminster. Tá an feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, an chéad duine a labhair an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain, ag tacú chomh maith le feachtas Chonradh na Gaeilge.

Bhí an bheirt fheisirí i láthair ag cruinniú a d’eagraigh Craobh Londan de Chonradh na Gaeilge in Westminster an tseachtain seo agus thug siad beirt le fios go dtacóidís le hiarracht go n-achtófaí reachtaíocht teanga don Tuaisceart i bparlaimint Shasana.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, go raibh craobh Londan de Chonradh na Gaeilge “ag gníomhú mar gheall ar cheist an achta Ghaeilge”.

“Tháinig an chéad Acht teanga don Bhreatain Bheag agus d’Albain trí Westminster, mar sin tá deis ann. Beidh bileog eolais á scaipeadh ar fheisirí parlaiminte go luath agus beidh dréachtbhille á réiteach againn le cur os a gcomhar faoin bhfómhar seo chugainn,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.

Dúirt de Spáinn go mbeadh “an-chuid oibre” le déanamh chun feasacht a ardú i measc na bhfeisirí i bparlaimint na Breataine maidir leis an reachtaíocht teanga.

“Má chuirtear an t-acht teanga i gcomparáid leis an mbille ar éirigh leis an tseachtain seo caite faoi shláinte na mban agus an pósadh comhghnéis; bhí an pobal ar an eolas faoin ábhar sin agus ní raibh ach síneadh i gceist ar reachtaíocht atá ar fáil sa Bhreatain cheana féin.

“Ceann de na ceisteanna a pléadh faoin acht nach bhféadfaí an reachtaíocht atá sa Bhreatain a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart. Tá difear ollmhór idir an reachtaíocht teanga atá in Albain agus an reachtaíocht sa Bhreatain Bheag.”

Dúirt de Spáinn go raibh an cur chuige sin “ag teacht le ciall” agus go raibh gá le bille úr a dhréachtú don Ghaeilge.

“Is ceann de na hargóintí é a mbíonn muid féin ag tarraingt air, ní fhéadfaí an Ghaeilge a chur isteach in aon phíosa reachtaíochta leis an Ultais mar go bhfuil siad ar leibhéil éagsúla forbartha,” a dúirt de Spáinn.

An tseachtain seo caite, d’éirigh le moladh de chuid an Fheisire Conor McGinn, arb as deisceart Ard Mhacha dó ó dhúchas agus atá ina fheisire i bparlaimint Westminster do thoghcheantar St Helens North i Learpholl, go dtabharfaí reachtaíocht comhionannais pósta isteach ó thuaidh a bheadh ar aon dul leis an reachtaíocht comhionannais atá sa Bhreatain agus in Éirinn.

Ag an chruinniú aréir pléadh conas a d’fhéadfaí leas a bhaint as an mhúnla chéanna  le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach do Thuaisceart Éirinn, tráth a bhfuil an feidhmeannas in Stormont ar scor.

De réir an eolais is déanaí atá sceite faoi na cainteanna maidir le athbhunú Stormont, níl ceist an achta teanga don Ghaeilge amháin á plé ag an tráth seo.

Tá ceist an achta fós á seachaint, de réir foinsí a thug eolas do shuíomh idirlín an iriseora Éamonn Mallie.

Níos mó