Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘that’s-a-made-up-language!’-–-ach-an-drochrud-e-sin?

‘That’s a made up language!’ – ach an drochrud é sin?

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite go bhfuil níos mó daoine i mbun an chúrsa Ard-Vailéirise, teanga chumtha a labhraítear i ndomhan Fonn Oighir agus Tine, ná mar atá i mbun an chúrsa Gaeilge. 

Aisteach go leor, thosaigh mé ag léamh leabhair an mhí chéanna a scríobh an fear a chum Ard-Vailéiris, chomh maith leis an Dothráicis, teanga eile ó dhomhan Jon Snow agus a chairde, agus teangacha don chlár Defiance, agus do na scannáin Doctor Strange, agusThor: The Dark World  – David J Peterson.

Is teangeolaí as Meiriceá é Peterson, a chuir spéis i dteangacha den chéad uair nuair a chuala sé comhrá i dteanga aisteach sa scannán Star Wars agus é ina bhuachaill beag. Chuaigh sé leis an teangeolaíocht ar an ollscoil sna 1990idí agus ghlac páirt go fonnmhar sa bpobal nua idirlín a tháinig chun cinn ag deireadh an chéid seo caite — pobal na gcumadóirí teangacha.

Tugtar léargas domhain ina leabhar The Art of Inventing a Language: From Horse-Lords to Dark Elves, the Words Behind World-Building (furasta a aithint go dtaitníonn focail leis) ní hamháin ar thaithí Peterson mar chumadóir gairmiúil teangacha ach ar stair na ceirde trí chéile, chomh maith le go leor eile. 

Más ag lorg scéalta ó sheit Game of Thrones nó leabhar bog éadrom faoi theangacha cumtha, ní hí seo an leabhar atá uait, ach don bainfidh an té ar spéis leis teangacha trí chéile tairbhe mór as an leabhar seo má chuirtear an iarracht isteach í a léamh.

Is annamh a scríobhtar i léirmheas moltach go bhfuil leabhar deacair le léamh, ach tá cúrsa iomlán teangeolaíochta tugtha ag Peterson sna 300 leathanach seo agus is fiú an tairbhe an trioblóid dul i ngleic leis an téarmaíocht chasta, a chuirtear i láthair ar bhealach atá measartha soiléir. 

Ba ghá dó an t-ábhar deacair a mhíniú, áfach, le go bhfaighidh tuiscint iomlán ar an obair, agus ar an bpaisean, a chaitear le cumadh teangacha, ní hamháin do chláracha teilifíse agus scannáin, ach mar shaothar ealaíne ann féin. Ní fhéadfainn a shéanadh tar éis an leabhar seo a léamh ach gur ealaín é an cumadh teangacha. 

Tá saineolas Peterson agus an grá atá aige dá cheird an-soiléir ón gcur síos a dhéanann sé ar na teangacha atá cumtha aige féin, agus na cuntais a thugann sé ar chumadóirí mór le rá, ar nós JRR Tolkien agus lucht Esperanto. 

Mar dhátheangach atá ag déanamh tréaniarrachta a bheith ina thrítheangach, oscailt súl a bhí sa leabhar seo ar go leor gnéithe den teangeolaíocht agus de theangacha an domhain (seo agus domhain eile!). Shíl mé, go soineanta, go raibh tuiscint mhaith agam ar chúrsaí teanga toisc go bhfuil dhá theanga a labhraítear in iarthar na hEorpa agam, agus smeadar den tríú teanga as an áit chéanna.

Tá spéis múscailte aige ionam ní hamháin i dteangacha fantaisíochta ar nós na Dothráicise  agus na hArd-Vailéirise, ach i dteangacha an domhain s’againne agus an poitéinseal atá ag teanga meon agus domhan a mhúnlú.

Molaim go mór do dhuine ar bith ar spéis leo ‘fíor’-theangacha an domhain a thuiscint an leabhar seo faoi ‘theangacha bréige’ a léamh. B’fhéidir gur teanga chumtha atá sa Dothráicis  — ach an drochrud é sin?

Níos mó