Tá 500 focal nua le cur le foclóir leictreonach na Gaeilge, nó an eDIL, ina measc iontráil a léiríonn gurbh ann don fhocal ‘ríomhaire’ sa naoú haois.
Foclóir leictreonach meán-Ghaeilge é eDIL agus tá focail Ghaeilge ann ó na chéad samplaí scríofa go dtí an bhliain 1650. Tá an foclóir seo bunaithe ar shaothar Acadamh Ríoga na hÉireann ar Fhoclóir Stairúil na Gaeilge.
Beifear ag cur le líon na bhfocal sin roimh dheireadh na míosa seo agus tá blaiseadh tugtha ag duine de lucht taighde an fhoclóra leictreonaigh de chuid na hiontrálacha nua. In alt léi ar shuíomh idirlín RTÉ, thug an Dr Sharon Arbuthnot ó Ollscoil Cambridge 10 sampla de na focail ‘nua’ atá le cur leis an bhfoclóir meán-Ghaeilge.
Ar na focail sin tá ‘Bánbiad’, nó ‘bia bán’ arbh í an chiall a bhí leis ná an rud a dtabharfaí táirgí déiríochta inniu orthu. Dar le Sharon Arbuthnot go bhféadfaí athbheochan a dhéanamh ar an téarma seo gan mórán stró agus bánbhia a thabhairt isteach sa chaint.
Tá an focal ‘Rímaire’ ann, duine a bheadh ag oibriú amach, nó ‘ag ríomh’, dátaí agus amanna.
Dar le Sharon Arbuthnot gur díol suntais an focal áirithe seo a bheith á úsáid sa naoú haois mar gurb ionann é agus ‘ríomhaire’ an lae inniu.
I measc na bhfocal eile a chuirfear leis an eDIL tá ‘Slinnénacht’, tairngreacht bunaithe ar shlinneán ainmhí agus ‘Útluighe’, focal ar mheirleach a d’úsáid an file Ultach Giolla Brighde Mac Con Midhe aon uair amháin sa 13ú haois ach gur cosúil nár scaip sé rómhór ina dhiaidh sin.