Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim…

Ar chúl an albaim…

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Full Circle is teideal d’albam úr J Majik (James Spratling), fear a bhain cáil amach mar léiritheoir ceoil druma is doird le linn na 90idí as rianta eisithe ar scoth na lipéad mar Metalheadz, Reinforced agus Mo’ Wax.

Taobh le leithéidí Marcus Intalex agus High Contrast, bhí Spratling i measc na léiritheoirí a thug ceol druma agus doird i dtreo níos anamúla, leachtaí ag tús an chéid seo. Bhain a shingil ‘Love Is Not A Game’, i dteannta Kathy Brown, cairt Top 50 na singlí amach in 2001, agus an bhliain chéanna ainmníodh athmheascán dochloíte Spratling de ‘Spaced Invader’ le Hatiras mar Rian na Bliana ag na UK Drum & Bass Awards.

Spreagtha ag oíche a chaith sé sa chlub oíche druma agus doird Rupture in London anuraidh, nuair a bhlais Spratling d’atmaisféar nach bhfaca sé ó na 90idí, is sár-albam é Full Circle a thugann ómós d’fhuaim dhraíochtúil ceoil jungle/D&B na 90idí. Fear ag aimsiú na cúise gur thosnaigh sé i mbun ceol a chumadh an chéad lá riamh atá le clos – tar éis dá leanaí, a bhí tar éis é a Ghoogláil, fiafraí dó cén fáth ná raibh aon rud eisithe le deich mbliana aige.

“Buíochas as deis a thabhairt dom chun roinnt de
na ceirníní a spreag i mbun ceoil mé an chéad lá a roinnt libh,” a dúirt Spratling
agus é ag caint le NÓS, “cinn a bhí i gcúl mo chinn i gcónaí faid is a bhí an t-albam
nua á dhéanamh agam.”

“Theastaigh uaim go mbeadh aistear ceoil i gceist
le Full Circle, agus dá bharr sin is píosaí ceoil iad na cinn sa rogha
seo a thugann mise ar thuras. Táim ag éisteacht le cuid acu le tríocha bliain
anuas.”


1. The Black Dog – ‘Virtual’ (General Production
Records, 1991)

Ceann de na chéad cheirníní a cheannaigh mé riamh,
agus caithfidh go bhfuil éiste agam leis os cionn 100 uair. Bhí an rian seo ar
cheann de na cúiseanna dom titim i ngrá le ceol agus mé dhá bhliain déag
d’aois. Bhí an t-ádh liom go raibh meantóir agam a chuir ar an eolas mé faoin
gceol a bhí ag teacht as Detroit, Chicago agus an Ghearmáin ag an am. Is breá
liom an chumhacht a bhí ag an gceol teicneo a bhíodh a eisiúint ag an am sin
corraí a bhaint asat, agus chomh heachtrúil is a bhí na breaks,
buillí, a d’úsáidtí. Ba mhór an ionspráid Black Dog dom, agus ba chéim mhór
chun cinn í ‘Virtual’ ó thaobh úsáid na mbreaks agus dearadh fuaime de.


2. Inner City – ‘Good Life’ (10 Records, 1988)

Seoid ó stábla Kevin Saunderson. Ceann de na
ceirníní rince is fearr a eisíodh riamh, agus ceann de na chéad rianta sa
seánra house a bhain áit go hard i gcairt na singlí amach.  Rian a thugann ardú meanman duit, agus port a
bhfuil an-stíl ag baint leis. Bhíos i gcónaí ana-thógtha leis na rapanna
méarchláir atá le clos ar an gceirnín seo, agus tá an fhonnadóireacht gan
cháim. Tá gach gné den bport seo ceannródaíoch, is beidh sé ina mhór-rian go
deo.


3. Internal Affairs – ‘Shinin’ Down On Me’
(Reinforced, 1993)

Bhí Dego agus Marc Mac (4-Hero) cheirníní Reinforced freagrach as an oiread sin ceoil iontaigh idir tús agus lár na 90idí. Is dóigh liom go gcruthaítear rud fíorspeisialta ar an bport seo leis an amhránaíocht fhíneálta agus glór na sreang. B’fhurasta stíl shuaithinseach na beirte a aithint siar ag tús ré an cheoil jungle.


4. Deadmau5 – ‘Strobe’ (Mau5trap, 2009)

Domsa, tá an port seo ar cheann de na mór-rianta rince nua-aimseartha is fearr a chum éinne riamh. Ginias é Joel. Tá an lámh in uachtar aige thar an gcuid eile againn toisc a inniúlacht theicniúil agus cumas na cumadóireachta atá ann, rud nach bhfuil ceart ná cóir! Tugann rianta áirithe ar aistear thú, agus tá seo ar cheann de na cinn is fearr acu. Creidim dáiríre go dtabharfaidh an rian seo go domhan eile thú má scaoileann tú leis. Píosa ar féidir éisteacht is tú ag staidéar, ag machnamh, ag rince – pé rud is maith leat féin.


5. Truth – 
‘The End’ (Funky Groove Records, 1992)

Ceirnín álainn teicneo ó dhuine de mháistrí na
stíle, Mark Goddard. Ar nós rud as domhan eile. Tá na cordaí chomh teolaí, agus
tá an ceol féin lán dóchais. Rian iontach atá ina cheacht ann féin.


6. Pat Metheny & Lyle Mays – ‘September
Fifteenth’ (ECM, 1981)

Is breá liom snagcheol agus ceol atmaisféir. As
domhan eile don mbeirt seo. Táid ag tarraingt as tobar cruthaitheach a bhfuil
fáil ag na déithe ceoil amháin air. 
Domsa, duine é Lyle Mays de na pianódóirí is fearr atá fós linn.
Mholfainn d’éinne freastal ar cheolchoirm dá chuid, fiú muna dtaitníonn
snagcheol leat.

Tá an rian seo thar a bheith corraitheach,
beagáinín brónach fiú, ach tá dóchas ann, freisin, á fhágann sásta ag deireadh
an lae thú.


7. Apollo Two – ‘Atlantis (I Need You)’ (LTJ Bukem
Remix) (Good Looking Records, 1993)

Mór-rian jungle/D&B a leag síos an tslí a bheadh cúrsaí do thús na 90idí. Port é a spreag glúin léiritheoirí, mé féin san áireamh, chun ceol a dhéanamh a bhféadfaí casadh sa chlub chun daoine a chur ag rince a thabharfadh ar aistear ceoil thú, freisin, dá n-éistfeá leis ar na cluasáin nó sa mhótar.  Faoin am a thuirlingíonn na cordaí tar éis an tseolta isteach fada sin tá tú faoi gheasa cheana féin ag na buillí amen. Ceann é de na nóiméid i gceirnín D&B is fearr a thaitin liom riamh.


Éist le seinnliosta Spotify J Majik anseo.

Full Circle le J Majik le fáil anois ar cheirníní Infrared.

Níos mó