Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘bunaithe-ar-thuairimi-agus-mithuiscinti-seachas-taighde-ata-coras-nua-dioluinti-na-roinne-oideachais’

‘Bunaithe ar thuairimí agus míthuiscintí seachas taighde atá córas nua díolúintí na Roinne Oideachais’

| Tuairisc.ie |

Tá ráite ag duine de shaineolaithe móra an oideachais in Éirinn nach bhfuil ‘bunús taighde ar bith’ leis na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh orthu.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, le Tuairisc.ie nach mbeadh “bun ná barr” leis an gcóras nua.

I measc na n-athruithe a fógraíodh ní bheidh aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. Anuas air sin ní bheidh cead díolúine ag dalta ach amháin sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Deir Pádraig Ó Duibhir go bhfuil na leasuithe seo bunaithe ar an dtuiscint mhíchruinn go bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin.

Dar leis go gciallódh an leasú maidir leis na scrúduithe caighdeánacha go gcáileodh 10% de leanaí do dhíolúine gan cheist.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie dúirt an tOllamh Ó Duibhir, a chuir aighneacht faoi bhráid na roinne mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, gur léir nach ndearna an Roinn Oideachais “machnamh ar bith” maidir le “cén fáth a mbeadh díolúine á tabhairt ó staidéar na Gaeilge sa chéad áit”.

“Níl bun ná barr leis an athbhreithniú seo. Cuireann sé olc orm gur cosúil nach bhfuil sé bunaithe ar thaighde ach ar thuairimí. Níl a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin. Tá an córas lochtach, a bhí i bhfeidhm ó dheireadh na 90idí ag an Roinn Oideachais, imithe ó smacht,  ach tá athruithe tagtha ar an gcóras scolaíochta ó thaobh an churaclaim de agus ó thaobh an teagaisc de ó shin i leith agus ní dóigh liom gur cuireadh na rudaí sin san áireamh agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh.

Dar le Ó Duibhir agus a chomhghleacaithe in SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a chuir aighneacht isteach mar chuid den phróiseas comhairliúchán, go mbeadh gá le díolúine ó staidéar na Gaeilge i gcásanna annamh agus eisceachtúla, rud a tharlódh i gcás 2% nó 3% de dhaltaí ardteiste, dar leo.

Deir an Roinn Oideachais gur rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheidh feasta i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge de bharr na n-athruithe ar an gcóras ach a mhalairt a bheidh fíor dar le Pádraig Ó Duibhir.

“Bhí 8-9% de dhaltaí ag fáil díolúine faoin gcóras a bhí an Roinn ag iarraidh é a leasú, ach measaimid go dtiocfaidh ardú ar an bhfigiúr sin anois faoin gcóras nua.”

Aontaíonn Ó Duibhir

leis an eagraíocht Gaeloideachas go mbaineann “teachtaireacht an-bhaolach” leis na hathruithe, is é sin “nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais”.

“Is ionann na leasuithe a fógraíodh agus teachtaireacht don phobal go bhfuil an Ghaeilge fíordheacair agus nach gá duit í a fhoghlaim dá bharr. Níl aon bhunús taighde leis sin,” arsa Ó Duibhir.

Dúirt sé go raibh an aighneacht a chuir sé féin agus a chomhghleacaithe faoi bhráid na Roinne bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta ach nár tugadh aird ar an taighde sin.

“Bhreathnaigh muid ar an taighde idirnáisiúnta sa réimse seo agus ar an gcóras atá i bhfeidhm i dtíortha eile maidir le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus ar chórais dhátheangacha, agus níl aon fhianaise ann a thacaíonn leis na hathruithe seo.

“Níor thángamar ar chóras mar seo in aon áit eile. Tá sé léirithe go soiléir san aighneacht a chuir muid faoi bhráid na roinne mar chuid den phróiseas comhairliúcháin nach bhfuil a leithéid de rud ann agus míchumas foghlama teanga ann féin. Réiteach Éireannach é seo ar fhadhb Éireannach.”

Ní díolúine an réiteach ar dheacrachtaí foghlama, a deir an tOllamh Ó Duibhir.

“Daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu sa Bhéarla, beidh deacrachtaí foghlama acu i ngach aon teanga agus is cur chuige ceart teagaisc is cóir a bheith mar réiteach air seo seachas ábhar a bhaint den dalta. Ceapaimid go bhfuil go leor comhairle á tabhairt do thuismitheoirí agus daltaí nach bhfuil aon bhunús taighde i gceist léi.”

Chomh maith le bheith ina shaineolaí ar na cúrsaí seo mar ollamh, tá taithí phearsanta ag Ó Duibhir ar cheisteanna a bhaineann le deacrachtaí foghlama agus teangacha.

“Nuair a fuair muid amach go raibh disléicse ar m’iníon féin, fuair muid comhairle ó shíceolaí gur cheart í a tharraingt amach as an nGaelscoil agus í a chur chuig scoil Bhéarla, cé gur Gaeilge an teanga a bhí aici sa mbaile. Tá líofacht anois aici sa Ghaeilge, sa bhFraincis agus sa Bhéarla.

“Mar thuismitheoir, buille a bhí ann. Aon uair a fhaigheann tú drochscéal faoi do pháiste bíonn tú buartha faoin todhchaí a d’fhéadfadh a bheith roimpi. In ainneoin go raibh mé i mo mhúinteoir bunscoile, ní raibh an oiread sin eolais agam faoi.  “Sin beagnach 25 bliain ó shin. Chreideamar ag an am céanna ón eolas a bhí againn nach ndéanfadh sé dochar ar bith di a cuid oideachais a fháil trí Ghaeilge agus i gcead di, ní raibh sí féin ag iarraidh nach leanfadh sí i gcoiscéimeanna a deirféar a bhí sa Ghaelcholáiste. Bhí sé bunaithe ar a mianta siúd agus ní raibh sí ag iarraidh go mbeadh oideachas Gaeilge ceilte uirthi.

“Tá an cineál sin comhairle á cur ar fáil go fóill, in ainneoin go bhfuil neart daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil riachtanais speisialta orthu atá ag fáil ar aghaidh go breá. Fós féin bíonn comhairle á cur ar thuismitheoirí gur cheart iad a chur ar scoil Bhéarla.

“Tá go leor aineolais amuigh ansin. Meon aonteangach atá ag tiomáint na rudaí seo. Ní tharlódh a leithéid sa Spáinn mar shampla, áit a bhfuil an Bhascais agus an Chatalóinis. Cinneadh fabhtach é seo atá bunaithe ar phróiseas lochtach.”

Dúirt Ó Duibhir le Tuairisc.ie go bhfuil litir curtha aige chuig an Roinn Oideachais agus eolas á lorg faoin tuarascáil a d’eascair as an phróiseas chomhairliúchán.

“Bhí breis agus 11,000 duine páirteach sa phróiseas sin agus bheifeá ag súil go bhfoilseofaí an tuarascáil ag an am céanna leis na leasuithe seo atá fógartha ag an roinn. Tá mé in amhras a bhfuil a leithéid de thuarascáil ann,” a dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Níos mó