Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceadunas-tiomana-tri-ghaeilge,-a-leitheid-de-thromlui-kafkauil

Ceadúnas tiomána trí Ghaeilge, a leithéid de thromluí Kafkaúil

Kafkaúil aidiacht

Kaf·​ka·​úil

Sainmhíniú:

1. Rud a mheabhródh scríbhneoireacht Franz Kafka do dhuine

2. Rud atá casta, aisteach nó míloighciúil

Éiríonn leis an suíomh Citizensinformation.ie an próiseas chun ceadúnais tiomána foghlaimeora le haghaidh carranna a fháil a mhíniú ar bhonn soléite agus cheapfaí go mbeadh sé an-éasca ceann a fháil ach na treoracha atá leagtha amach a leanúint. Má tá ceadúnas tiomána agat, beidh cuimhne agat ar na céimeanna ach seo iad leagtha amach go soiléir:

1. Scrúdú teoirice tiomána a dhéanamh

2. Ceadúnas tiomána foghlaimeora a fháil

An-éasca go deo, agus ardmholadh ag dul don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre go bhfuil sé chomh loighciúil chéanna, ach fainic a léitheoir dhil – ní mar a shíltear a bhítear más ea (a) go roghnaíonn tú é a dhéanamh trí Ghaeilge agus (b) go bhfuil leagan Gaeilge de d’ainm in úsáid agat.

Ar dtús, chuir mé coinne don scrúdú in áirithe – níl leagan Gaeilge don suíomh ar fáil ach tá sé soiléir go bhfuil an deis ann an scrúdú a dhéanamh trí Ghaeilge – so far so good. Tá siopa ar líne ar an suíomh ina bhféadtar acmhainní a cheannach m.sh. leabhar nó dlúthdhiosca le rialacha an bhóthair nó dearbhán leis an bhfeidhmchlár ar líne a úsáid. Mheas mé go mbeadh sé loighciúil ábhar trí Ghaeilge a cheannach toisc go mbeadh an scrúdú á dhéanamh agam trí Ghaeilge – ach tá fógra ar an suíomh go bhfuil an leabhar sin ‘out of stock’, nach deas an rud é go raibh tóir chomh mór sin ar an ábhar? Agus is amhlaidh an scéal é leis an dlúthdhiosca, moladh go deo ag dul do phobal na Gaeilge as a ndíograis. Ach céard faoin bhfeidhmchlár ar líne? Níl sé ach ar fáil trí Bhéarla agus ní bheadh aon mhaith ansin más trí Ghaeilge a dhéanfaidh tú an scrúdú.

Chinn mé glaoch a chur ar Prometric, an comhlacht príobháideach a riarann an tseirbhís seo, le feiceáil an mbeadh leabhar Ghaeilge ag suí sa warehouse nach raibh sciobtha ag Gaeilgeoir díograiseach eile. Iontas na n-iontas, ní hea nach raibh an leabhar mar bestseller i measc na nGael ach ní raibh sí ar fáil toisc nár cuireadh i gcló í. Bhí ‘team of translators’ ag obair ar an leagan a chur ar fáil trí Ghaeilge, an leagan sin ó 2017, agus bhí dóchas acu go mbeadh sé ar fáil trí Ghaeilge go luath.

Níor mhaith liom an ‘team of translators’ a cháineadh ach más rud é go raibh siad ag obair ar an leabhar le dhá bhliain anuas, b’fhéidir go mba chóir dóibh gairm bheatha nua a roghnú óir is cóir go mbeadh leagan Ogham de War and Peace déanta acu san achar céanna. D’iarr siad orm úsáid a bhaint as an ábhar trí Bhéarla agus d’ofráil siad leabhar (as Béarla) saor in aisce a chur ar fáil dom mar chúiteamh. Dúirt mé go drogallach go mbeadh sé sin go breá ach gur lochtach an cur chuige go mbeadh orm ullmhú do scrúdú trí Ghaeilge trí Bhéarla.

A luaithe agus a thosaigh mé ar m’aistear foghlama le ceisteanna mar ‘Under what circumstances could both cross-ply and radial tyres be fitted to a vehicle?’ agus ‘In general, above what gross vehicle weight must a trailer have brakes fitted?’, thuig mé go mbeadh na ceisteanna as Gaeilge de dhíth orm toisc iad a bheith sainiúil. D’iarr mé liosta de na ceisteanna as Gaeilge ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ach dúradh liom nach raibh sé acu.

Samhlaigh muna mbeadh liosta de na ceisteanna ag scrúdaitheoir seachtain roimh dhuit tabhairt faoi scrúdú? Agus muna raibh liosta acu, cén chaoi a mbeadh siad in ann scrúdú trí Ghaeilge a chur ar fáil dom? An mbeadh an ‘team of translators’ ann ar an lá san ionad ag déanamh aistriúchán comhuaineach ar na ceisteanna agus iad á gcur orm? Tuigeann tú anois cén fáth gur rith an téarma Kafkaúil liom.

Thug mé faoin scrúdú trí Ghaeilge (faoi dhó) agus d’éirigh liom (an dara huair), ach bhí orm buille faoi thuairim a dhéanamh faoi chúig mar gheall ar an nGaeilge a bhí cruthaithe don téarma trí Bhéarla. Bhí go maith, agus ní raibh go holc. Ach ansin, thug mé mo chárta aitheantais dóibh leis an teastas a bhailiú ach a chara, ní raibh sé inghlactha mar phíosa aitheantais toisc nach ‘Cárta Seirbhísí Phoiblí’ (PSC) a bhí ann.

Thuig mé go raibh drochthreoir faighte acu, agus thugadar an teastas dom sa deireadh ach mhol siad dom ceann a fháil leis an ‘learner’s permit’ a fháil toisc nach ionann an leagan de m’ainm ar mo theastas breithe (leagan Béarla) agus gach píosa aitheantais eile (leagan Gaeilge). Is ionann an PPS toisc gurb é an duine céanna mé, dar ndóigh, ach mar a dúirt an file Walt Whitman faoi dhaoine a úsáideann leagan Gaeilge dá n-ainm ‘I am large, I contain multitudes’.

Chuir mé coinne in áirithe san ionad Intreo áitiúil leis an gcárta a fháil – roghnaigh mé é a dhéanamh trí Ghaeilge agus rinneadh neamhaird den iarratas sin, ach bhí feidhmeannach an-deas ann ar an lá agus ghabh sé a leithscéal dom. Ansin, thosaigh tuilleadh madness, toisc go bhfuil leagain amach éagsúla ar m’ainm in úsáid ag gach comhlacht/gníomhaireacht stáit/institiúid tríú leibhéal – teaglaim de shíntí fada, gan síneadh fada ar bith, síneadh fada ar gach dara guta, uaschamóga, spásanna, ceann-litreacha, srl. – is red flag uathoibríoch é sin agus thosaigh siar agus aniar (ar luas fadálach) leis an Roinn mar gheall air. Sa deireadh, ghlaoigh mé ar institiúid tríú leibhéal le litir a eisiúint leis an leagan Gaeilge ceart de m’ainm, agus cuireadh cárta amach chugam. Iontach, beagnach ann.

Ní raibh le déanamh anois ach freastal ar choinne leis an ‘learner’s permit’ a fháil. Rinne mé trí Ghaeilge é toisc go bhfuil mé ceanndána agus ní raibh mo spiorad briste acu go fóill, ach tá mé cinnte go bhfuil headshot díom in airde ar dartboard i gceannáras an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre.

A luaithe agus a bhí an coinne curtha in áirithe agam agus tic sa bhosca leis an gcoinne a dhéanamh trí Ghaeilge, thosaigh mo ghuthán ag bualadh. Dúradh liom go mbeadh siad breá sásta ateangaire a chur ar fáil dom a shuíodh dom le linn an chruinnithe leis an gcoinne a dhéanamh amhail nach mbeadh orm an diabhal Sacs-Bhéarla a labhairt (tá mé ag ceapadh ag an bpointe seo go gceapann siad nach bhfuil líofacht sa Bhéarla agam) nó d’fhéadfainn teacht isteach san ionad agus dhéanfaí an coinne trí Ghaeilge le gníomhaire atá inniúil sa Ghaeilge dá chuid ar an bhfón.

Is réiteach sásúil é agus tá mé sásta go bhfuil iarracht á déanamh acu freastal ar dhuine trí Ghaeilge. Beidh an ceadúnas tiomána foghlaimeora agam go luath agus ansin ní bheidh le déanamh agam ach foghlaim conas tiomáint ach caithfidh go bhfuil sé sin níos éasca ná an próiseas atá déanta agam go dtí seo.

Cuirfidh mé cóip de gach rud ar aghaidh chuig Oifig an Choimisinéara Teanga ionas go mbeadh siad in ann an scéal a fhiosrú agus mholfainn sin a dhéanamh nuair nach ndéantar freastal sásúil ort trí Ghaeilge.

Ní scéal nua é seo d’éinne a bhíonn ag plé leis an Stát trí Ghaeilge agus níor mhaith liom drochmhisneach a chur ar dhaoine – is fiú go mór é a dhéanamh toisc go bhfuil sé de cheart agat é a dhéanamh, go léiríonn sé go bhfuil éileamh ann dó, agus go meabhraíonn sé don tSeirbhís Phoiblí go mba chóir go mbeadh siad airdeallach ar chainteoirí Gaeilge. Is minic go bhfaigheann tú seirbhís níos fearr ann toisc go mbíonn ceangal teanga agat leis an bhFeidhmeannach ar an taobh eile den chuntar ar bhonn láithreach.

Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ann duit más gá duit tacaíocht nó comhairle a fháil.

Mar sin féin, ní mór foighne a bheith agat ach bainimis úsáid as seirbhísí trí Ghaeilge le cinntiú go mbeadh taithí níos fearr ag an gcéad duine eile a thagann inár ndiaidh. Ná ligimis don Stát dearmad a dhéanamh gurb ann dúinn.

Níos mó