Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ciarrai-ag-prapail-d’ath-cliath-agus-tir-eoghain-curtha-de-dhroim-seoil-acu

Ciarraí ag prapáil d’Áth Cliath agus Tír Eoghain curtha de dhroim seoil acu

Ciarraí 1-18 Tír Eoghain 0-18

Is iad Ciarraí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath tar éis d’fhir na Ríochta an ceann is fearr a fháil Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais an lae inniu.

Den dara lá as a chéile chonacthas teacht aniar den scoth i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Ciarraí ceithre phointe chun deiridh ag leath ama agus faoin am ar séideadh an fheadóg dheireanach bhí siad trí phointe chun cinn, 1-18 in aghaidh 0-18.

Fágann sin go mbeidh Áth Cliath ag tabhairt faoin ráig ar chúig i gcoinne Chiarraí, an contae ar chlis orthu an gaisce céanna a dhéanamh seacht mbliana agus tríocha ó shin.

Ba iad Tír Eoghain a bhí i gceannas sa chéad leath tráthnóna agus bhí na hUltaigh 0-9 in aghaidh 0-5 chun tosaigh ag an mbriseadh ach chuir Ciarraí rudaí ina gceart sa dara leath.

Bhí Stephen O’Brien ar dhuine de na himreoirí ba mhó a bhí ag streachailt sa chéad leath ach rinne sé leorghníomh sa dara leath nuair a fuair 1-2 aimsithe aige i dtréimhse imeartha thar a bheith cinniúnach. Ba é an cúl a scóráil O’Brien tar éis 55 nóiméad scór mór an chluiche agus ba é a chuir tús agus deireadh leis an ionsaí.

Fear na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoich. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fuair sé seilbh na liathróide 30 slat óna chúl féin agus thug Ciarraí na cosa leo. Chuir Jack Sherwood pas isteach i dtreo Paul Geaney agus díreach an chuma ar an scéal go raibh Geaney chun an deis a chur amú, chonaic sé O’Brien ag teacht rite reaite tríd lár na páirce. Bháigh fear Neidín an liathróid san eangach.

Nóiméad pointe ina dhiaidh sin fuair ag O’Brien pointe eile d’fhág go raibh Ciarraí anois 1-13 in aghaidh 0-12 chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha.

Murab ionann agus an chéad leath, bhí cosantóirí na Ríochta ag fáil an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic faoin am seo chomh maith.

Rinne Cathal McShane scrios sa chéad 35 nóiméad sin. Fuair sé trí phointe ón imirt agus chruthaigh sé péire eile, ceann an duine do Niall Sludden agus Mattie Donnelly.

Lena cheart a thabhairt do Jason Foley, a bhí ag márcail McShane, d’éirigh níos fearr leis an gCiarraíoch ná mar a d’éirigh le scata cosantóirí eile a raibh sé mar chúram orthu an lántosach a mhárcáil i rith na bliana. Baineadh Foley den pháirc tar éis 50 nóiméad áfach agus nuair a cuireadh Tadhg Morley ag márcáil McShane, tháinig athrú mór ar chúrsaí.

Matthew Donnelly, Tír Eoghain, agus é faoi bhrú ó Thadhg Morley agus Gavin Crowley. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhuaigh Morley an chéad liathróid a tháinig isteach i dtreo na beirte agus cé gur chruthaigh McShane cúpla deis eile ina dhiaidh sin, níor scórail sé ach pointe amháin eile ón imirt.

Ar an dtaobh eile den pháirc, bhí ag éirí David Clifford agus Seán O’Shea an fód a sheasamh do Chiarraí. Saorchiceanna Uí Shé a thosaigh an teacht aniar ag tús an dara leath agus d’aimsigh Clifford cúilíní den chéad scoth chun Ciarraí a fhágáil i gceannas nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá.

Stepehn O’Brien, Ciarraí, ag ceiliúradh a chúil ina aghaidh Thír Eoghain. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Agus iad anois ag prapáil do chluiche ceannais na hÉireann faoi cheann trí seachtaine, beidh a fhios ag Ciarraí go bhfuil obair go leor le déanamh acu. Má bhíonn siad chomh lag i gcoinne Átha Cliath agus a bhí siad sa chéad leath tráthnóna, ní bheidh seans ar bith acu. Tabharfaidh a dtaispeántas sa dara leath dóchas dóibh agus tá trí seachtaine acu chun plean a réiteach.

Ciarraí: S. Ryan; J. Foley, T. Morley, T. O’Sullivan; P. Murphy, G. Crowley, S. Enright; D. Moran (0-1), A. Spillane; B. Ó Beaglaoich, S. O’Shea (0-6, 5 chic saor, 1 ‘45), S. O’Brien (1-2); D. Clifford (0-5, 1 chic saor), P. Geaney (0-3), K. Spillane. Fir Ionaid:J . Sherwood (0-1) in áit A. Spillane (Leath ama); G. White in áit S. Enright (Leath ama); T. Walsh in áit J. Foley (50 nóim); D. Moynihan in áit K. Spillane (57 nóim); J. Lyne in áit G. Crowley (70 nóim); J. Barry in áit T. O’Sullivan (74 nóim);

Tír Eoghain: N. Morgan (0-2, 2 ‘45); P. Hampsey, R. McNamee, R. Brennan; M. McKernan (0-1), K. McGeary, F. Burns; C. Cavanagh, M. Cassidy; M. Donnelly (0-2), N. Sludden (0-2), P. Harte (0-1, 1 chic saor); R. Donnelly (0-1), C. McShane (0-7, 3 chic saor), C. Meyler. Fir Ionaid: C. McAliskey (0-1) in áit N. Sludden (52 nóim); T. McCann in áit K. McGeary (57 nóim); D. McCurry (0-1) in áit M. Cassidy (64 nóim); B. Kennedy in áit C. Cavanagh (68 nóim);

Réiteoir:Maurice Deegan (Laois).

Níos mó