Duais mhór ag NÓS do bhuaiteoir Slam Filíochta Liú Lúnasa
Tá NÓS ag obair i gcuideachta na féile Liú Lúnasa i mbliana chun duais iontach a chuir ar fáil don té a thabharfaidh an chraobh leis sa chomórtas iomráiteach ‘An Slam Filíochta’. Le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, tabharfaidh muid an deis don fhile a bhainfidh an chéad áit sa chomórtas físeán ar ard-chaighdeán a dhéanamh den dán.
Foilseofar an físeán ar shuíomh NÓS agus ar ár gcuntais meáin shóisialta ar an 21ú Márta 2020 – Lá Domhanda na Filíochta.
Tá an Slam Filíochta ag dul ó neart go neart ó thosaigh sé trí bliana ó shin agus é ar cheann de mhór-imeachtaí Liú Lúnasa. Go dtí seo, reachtaladh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich é ach i mbliana beidh sé ar siúl sa Black Box i lár chathair Bhéal Feirste ar an Aoine beag seo an 23ú Lúnasa ag 8.30in.
Beidh Sinéad Ní Uallacháin s’againne ina bean a tí ar an oíche agus Séamus Barra, Réaltán Ní Leannáin, agus Seán Ó Muireagáin ina moltóirí.
“Tá an comórtas ag dul i méid achan bhliain agus táimid iontach bródúil go bhfuil muid in ann ardán a thabhairt do slamfhillí Gaeilge. Cuirfidh an deis taifeada seo le NÓS filíocht an bhuaiteora os comhair lucht féachána níos leithne arís agus tá muid iontach buíoch as an deis sin,” a dúirt Caoimhe Ní Chathail, Stiúrthóir na Féile.
Ní mór d’fhilí ar mhaith leo a bheith san iomaíocht dán nuachumtha a bheith de ghlanmheabhair acu agus a bheith sásta é a rá os comhair an tslua. Bronnfar ticéad do Electric Picnic agus £500 ar bhuaiteoir an Slam, bronnfar £300 ar an bhfile a thiocfaidh sa dara háit, agus £100 ar an duine sa tríú háit.
Cuireadh tús le Liú Lúnasa aréir sa Sunflower le léiriú amharclainne ó Don Ó Donnacháin faoina thaithí mar dhuine óg aerach i gContae an Longfoirt.
Beidh plé painéil ann i rith na féile: ceann ina bpléifidh Seán Mac Brádaigh, Síomha Ní Aonghusa, Aindriú de Buitléir, agus Grian Ní Dhaimhín an ghéarchéim thithíochta in Éirinn, faoi stiúir an iriseora Ailbhe Ó Monacháin; agus ceann eile ina bpléifidh Bríd Ó Gallchóir, Réaltán Ní Leannáin agus Edel Ní Churraoin na dúshláin a bhaineann leis na healaíona do mhná agus na buntáistí atá ann dóibh.
Seolfar dhá leabhar ag an bhféile: Muireann agus an Míol Mór le Malachy Doyle agus Andrew Whitson, agus Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin.
Is féidir ticéid a fháil anseo agus tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.