Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-electric-picnic-agus-ceithre-imeacht-eile

Electric Picnic agus ceithre imeacht eile

| NÓS Suíomh Gréasáin |

An Phicnic Leictreach, An Sráidbhaile, Co. Laoise, 30 Lúnasa – 1 Meán Fómhair ’19

Má tá an t-ádh leat ticéad don bPicnic Leictreach a bheith i do sheilbh, bain bús as an deireadh seachtaine. Is ar an bpríomhstáitse anocht a bheidh Hozier, David Keenan, Dermot Kennedy agus Billie Eilish. Beidh leithéidí The Strokes, The 1975, Kodaline agus Florence and the Machine le feiscint ar an ardán sin as seo go Domhnach. 

Níl ansin ach stáitse amháin — tá go leor ar an láthair, ina measc arís eile i mbliana, beidh An Chollchoill. Is ann a bheidh Doireann Glackin agus Sarah Flynn, Oisín Mac Giolla Bhríde, Dó Fá Dó, Lauren Ní Chasaide agus go leor ceoltóirí cumasacha eile. Sa Phuball Gaeilge, níl aon easpa siamsaíochta ach an oiread.

Beidh ceol le clos ann ó Liam Ó Maonlaí, Muireann Ní Bhaoill agus Thatchers of the Acropolis, mar aon le cainteanna spreagúla IMBOLC, greann le GaelGÁIRÍ, agus podchraoltaí beo, ina measc Beo ar Éigean agus Motherfoclóir.  

Celtic Dance Party, Céilí agus Dioscó, Lost Lane, Dé hAoine 30 Lúnasa @ 20:00

Beidh céilí bríomhar ar bun i Lost Lane, i lár chathair Átha Cliath anocht! An fuirseoir Emma Doran a bheidh i bhfeighil na hócáide, atá bunaithe ar stíl chéilithe na Gaeltachta ó na 1990’daí! Díríonn Emma ar an dtréimhse sin ama agus í i mbun cainte le Julie Jay, a leath bhádóir ar an bpodchraoladh ‘Up to 90’. 

Tá fios a gcúram acu, le nithe éagsúla ón ré sin faoi chaibidil acu agus a n-aíonna speisialta go rialta! Inseoidh Emma scéalta faoin nGaeltacht i rith na hoíche, agus treoracha á thabhairt aici do na rinceoirí! Eoin Dillon agus lucht Celtic Dance Party a bheidh i gceannas ar an gceol do na rincí aitheanta. Beidh dioscó ar siúl ina dhiaidh sin, nuair a bheidh deireadh leis na steipeanna traidisiúnta.

Cúrsa sealgaireachta, Scoil Chócaireachta an Daingin, Dé Sathairn 31 Lúnasa @ 09.30

Tá buntáistí go leor ag baint le bheith ag ithe feamainne – foinse maith do mhianraí agus vitimíní mar aon le frithoscaídeoirí; agus é ar fáil gan aon chostas, cois trá! Ach conas gur cheart é a bhailiú, cad is féidir a ithe go díreach agus cad é an tslí is fearr chun é a chócaráil? 

Beidh Darach Ó Murchú ag freagairt na ceisteanna sin agus é i mbun ceardlanna ar shealgaireacht agus ar bhia na mara, i Scoil Chócaireachta an Daingin, Dé Sathairn beag seo. Bhí Darach i mbun cainte le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas maidir leis seo agus is féidir éisteacht lena chuid cainte ag an nasc seo, go ngeobhaidh sibh breis eolais!

John Spillane, ceardlann, agallamh agus coirm, Abbey Tavern, Binn Éadair Dé Sathairn 31 Lúnasa óna 14:00

D’fhéadfá an lá a chaitheamh i gcuideachta an cheoltóra John Spillane Dé Sathairn. Is i mBinn Éadair a bheidh sé le sraith imeachtaí. Beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl aige ag tús an lae; mar aon le hagallamh poiblí, ina gcuirfidh an craoltóir Carl Corcoran ceisteanna air (le tacaíocht ó IMRO Ireland). Is ag deireadh an lae a bheidh coirm aige ansin. Lá fada! Fair play to him.

 Imeachtaí éagsúla, Tigh Tábhairne The Cobblestone, Margadh na Feirme:

Gatehouse, Dé Sathairn 31 Lúnasa @ 21:00

The Night Before Larry Got Stretched, Dé Domhnaigh 01 Meán Fómhair @ 20:30;

Session with the Pipers, Dé Máirt 3 Meán Fómhair @ 21:30

Beidh cúpla ócáid cheolmhar ar siúl i dtábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme sna laethanta amach romhainn! 

Is anocht a bheidh an banna Gatehouse ar an láthair, agus rianta óna n-albam nua (Heather Down the Moor) á sheinnt acu, shamhlóinn!

The Night Before Larry Got Stretched a tugtar ar oíche amhránaíochta agus airneáin a bhíonn ar siúl ar an gcéad Domhnach den mhí. Is ócáid shóisialta atá ann, eagraithe ag grúpa amhránaithe. Is í Máire Ní Choilm a bheidh mar aoi mhí Mheán Fómhair, agus í páirteach sa seisiún amanathar.

Ócáid eile a bhíonn ar bun go rialta ná Session with the Pipers, nuair a thagann ceoltóirí le cheile ar an gcéad Mháirt don mhí. Is iad Jimmy O’Brien-Moran (Píob Uilleann), Dan Gurney (bosca), Christina Dolphin (feadóg mhór) agus Cárthach Mac Craith (amhráin) a bheidh páirteach in ócáid na míosa seo, (le tacaíocht ó An Chomhairle Ealaíon).

Beidh an gabhar á róstadh i Margadh na Feirme, níl aon dabht faoi sin!

Níos mó