Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-feile-‘liu-lunasa’-ag-tosu-anocht-i-mbeal-feirste

Féile ‘Liú Lúnasa’ ag tosú anocht i mBéal Feirste

| Meabh Ni Thuathalain |

Cuirfear tús le Liú Lúnasa, an fhéile Ghaelach ar an imeall, i mBéal Feirste anocht le léiriú nua dátheangach a bheidh ar siúl sa Sunflower Bar i lár na cathrach.

Sa léiriú nua seo ‘Déantar Neamhní den Bhuan-Ní’, tugtar léargas ar thaithí an stiúrthóra Don Ó Donnacháin agus é ag fás aníos ina dhuine aerach sna 80idí i mBaile Uí Mhatháin, i gcontae an Longfoirt agus ar thaithí daoine eile a bhaineann leis an phobal aerach, pobal na Gaeilge agus an pobal aontachtach sa lá inniu.

Seo an cúigiú bliain a bheidh an fhéile chultúrtha ailtéarnach á reáchtáil ag Gaeil óga na cathrach.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Caoimhe Ní Chathail, duine de mheitheal Liú Lúnasa, go raibh sé “iontach fóirsteanach” go mbeadh tús á chur leis an chúigiú bliain d’fhéile Liú Lúnasa le himeacht LADT, “a thagann chomh mór sin le spiorad imeallach na féile”.

“Thosaigh an fhéile amach mar fhéile a thugann ardán do dhreamanna ar an imeall agus tá sin amhlaidh sa lá atá inniu ann. Tá muid i ndiaidh forbairt cuid mhór agus tá múnla de chlár imeachtaí againn anois. Sílim go bhfuil an comhoibriú atá ar bun againn le leithéidí Outburst Queer Arts, An Chultúrlann agus Raidió Fáilte, ag cuidiú go mór linn réimse leathan imeachtaí a chur ar siúl ag Liú Lúnasa,” a dúirt Ní Chathail.

Agus an bhéim á cur ag an Fhéile ar chainteanna ar “ábhar seachas an Ghaeilge”, tharraing Ní Chathail aird ar dhá imeacht a bheas ar siúl i gceannáras nua Raidió Fáilte amárach, Déardaoin, 22 Lúnasa.

Ag a 1.oo a chlog, beidh an scéalaí Conallach as Ard a’ Rátha i gcontae Dhún na nGall, Eithne Ní Ghallchobhair, faoi agallamh ag Seanán Mac Aoidh atá i mbun staidéar PhD sa bhéaloideas.

Ina dhiaidh sin, ag a 7pm cuirfear tús le díospóireacht ina bpléifear ‘An Ghéarchéim Thithíochta in Éirinn’. Is é Ailbhe Ó Monacháin, iriseoir le Nuacht TG4/ RTÉ, a bheidh ina chathaoirleach ar an bplé agus is iad Seán Mac Brádaigh (PPR – Participation and Practice of Rights), Síomha Ní Aonghusa (PBP – An Pobal Thar Bhrabús), Aindriú de Buitléir (Líonra Tithíochta na hÉireann agus an Páirtí Sóisialach) agus Grian Ní Dhaimhín (Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona) na haoichainteoirí.

Reáchtálfar oíche airneáin Liú Lúnasa, ócáid bhliantúil a mheallann slua breá gach bliain, i dTigh Mhaddáin i lár na cathrach oíche Déardaoin óna 8.00 pm.

Cuirfear ardán ar fáil ag Liú Lúnasa do na filí agus dá saothar nuachumtha ag Slam Filíochta na féile oíche Dé hAoine, sa Blackbox i lár na cathrach. Sinéad Ní Uallacháin, a bheas ina bean an tí ag an ócáid agus Séamus Barra Ó Súilleabháin, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin a bheidh i mbun moltóireachta. Bronnfar duais £500 agus ticéad don Electric Picnic ar bhuaiteoir na hoíche.

Maidin Dé Sathairn, beidh Edel Ní Churrraoin (Raidió Fáilte), Bríd Ní Ghallchóir (Aisling Ghéar) agus an t-údar Réaltán Ní Leannáin páirteach i gcaint dár teideal ‘Mná sna hEalaíona’.

Seolfar dhá leabhar ag an deireadh seachtaine i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Déanfar leabhar nua le Réaltán Ní Leannáin, Cití na gCártaí (Cois Life), a sheoladh Dé hAoine ag a 2.00 pm agus seolfar leabhar do pháistí Muireann agus an Míol Mór (An tSnáthaid Mhór) le Malachy Doyle Dé Sathairn ag a 1.00 pm. Léireofar seó puipéad do pháistí Tic Teac Tic Teac Dé Sathairn ag a 12.00 pm agus arís ag a 3.00 pm.

Daoine ar mian leo cur lena gcuid Gaeilge, beidh an deis sin acu mar beidh dianchúrsa Gaeilge á reáchtáil gach maidin ón Déardaoin go dtí an Satharn óna 10.00 am -1.00 pm, mar a ndéanfar freastal ar ghlantosaitheoirí, ar fhoghlaimeoirí agus ar chainteoirí líofa.

feachtas bailithe airgid á reáchtáil ag meitheal Liú Lúnasa arís i mbliana chun costais na féile a ghlanadh.

Tá an clár iomlán ar fáil anseo.

Níos mó