Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ioslodalfaidh-me-tinder-aris…

Íoslódálfaidh mé Tinder arís…

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ag tús na míosa seo, bhí mé ag téacsáil bean a raibh suim agam inti le tamall anuas. Bhí rudaí ag dul go maith agus bhí mé ag dúil le bualadh léi fá choinne pionta go dtí go ndúirt sí liom gur thosaigh sí ag dul amach le duine eile le déanaí ach go bhfuil sí go fóill ag iarraidh a bheith cairdiúil liom.

Ar ndóigh, ní raibh mé ar bís faoi sin ach bhog mé ar aghaidh. Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Ansin thosaigh mé ag caint le fear agus leis an fhírinne a rá, ní raibh mé ag iarraidh dul amach leis ar chor ar bith ar dtús mar mothaím go bhfuil mé ag iarraidh a bheith le bean faoi láthair in áit fir. Ach is fear galánta é agus ní raibh suim ag duine ar bith ionam le tamall mar sin d’imigh muid amach ar dháta lena chéile Dé Sathairn.

Bhí mé ar bís go ndeachaigh mé ann ar deireadh mar bhí lá den scoth againn agus réitigh muid iontach maith lena chéile. Bhí muid in ann caint go hoscailte lena chéile agus tá suim againn sna rudaí céanna agus tá spriocanna saoil i gcoiteann againn. Lean muid orainn ag caint agus bhí rudaí ag dul go maith. Ba chuma liom ar deireadh gur fear a bhí ann mar bhí sé chomh deas sin agus bhí muid ag réiteach chomh maith sin lena chéile.

Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Ach ansin, fuair mé an téacs uafasach sin i lár na seachtaine nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh, “Sílim gur chóir dúinn a bheith inár gcairde.”

Bhí mo chroí briste.

Anois, ní raibh mé chomh tógtha sin faoi seachtain roimhe sin agus níor thug muid póg dá chéile fiú ach bhí sé nimhneach go fóill an teacs sin a léamh.

Is duine mé a thiteann i ngrá le daoine go furasta. Ní bua maith é sin a bheith agat mar ciallaíonn sé go mbíonn tú gortaithe go furasta fosta.

Thit mé d’fhir agus mé óg a chaith go holc liom, agus bhí fir ann ar chaith mise go holc leofa fosta, ach sílim anois go bhfuil mé i ndiaidh mo chroí a dhruidim le tamall anuas.

Níor phóg mé duine ar bith ó bhí mí na Nollag ann agus is iad an bheirt sin an t-aon bheirt a raibh mé ag labhairt leo ar dhóigh rómánsúil ón am sin fosta. Buailte beaga a bhí iontu siúd don mhuinín agus don fhéinmheas agus tá eagla orm go ndruidfidh mé mé féin suas arís ar feadh tamall eile ar eagla go mbeinn gortaithe arís.

Tá an saol deacair nuair atá tú singil agus ar lorg giota airde mar faigheann tú buile i ndiaidh buile agus níl duine ar bith ina gcónaí i nDoire nár phóg mé cheana féin iad, nach bhfuil i gcaidreamh nó nach bhfuil gaolta liom.

Ach íoslódálfaidh mé Tinder arís agus cá bhfios, seans go dtiocfaidh mo ghrá!

Níos mó