Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • Teanga
  • ‘Is gá 5,000 cainteoir nua a chruthú gach bliain’
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘is-ga-5,000-cainteoir-nua-a-chruthu-gach-bliain’

‘Is gá 5,000 cainteoir nua a chruthú gach bliain’

Is gá 5,000 cainteoir nua a ‘chruthú’ gach bliain, dar le heagraíochtaí teanga sa mBriotáin, má táthar dáiríre ag iarraidh an Bhriotáinis a chur chun cinn sa tír sin. Meastar faoi láthair go mealltar tuairim is 500 duine nua chun na teanga gach bliain, ach maíonn na heagraíochtaí teanga nach leor é sin leis an teanga Cheilteach a chaomhnú. 

Tá cáineadh géar déanta acu ar “neamhghníomh” na n-údarás sa mBriotáin agus mhaígh gur “míorúilt” é go bhfuil an Bhriotáinis fós beo. Tá plean nua curtha le chéile ag thart ar leathchéad eagraíocht a thabharfaidh an teanga slán, dar leo, agus tá súil acu polaiteoirí an cheantair a mhealladh sna seachtainí amach romhainn. 

Ag deireadh na bliana seo caite, d’fhógair an rialtas dúiche plean nua don Bhriotáinis a chuirfí i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana seo, agus go dtí seo is beag athrú atá tagtha ar chúrsaí go dtí seo.

“Níl aon bheart phraiticiúil ann. Dúirt an tUachtarán go ngairmeofaí comhdháil dúiche. Tharla sé ag deireadh mhí an Mheithimh ach níor beartaíodh mórán. Iarraimid air agus ar a rialtas éirí as an dea-chaint. Tá an t-oideachas dátheangach ar fáil i 3% de na scoileanna sa mBriotáin. Tá sé ar fáil i mbreis agus 80% i dTír na mBascach, san Alsáis agus sa gCorsaic le breis agus cúig bliana déag,” a dúirt Renan Kerbiquet, rúnaí Chumann na Múinteoirí Briotáinise. 

Dúirt gníomhaí eile teanga, Claudie Malnoë, go bhfuil an teanga i mbaol a báis, agus nach leor an t-airgead a chaitheann an rialtas dúiche uirthi. 

“Ní chaitear ach €2.24 in aghaidh an tsaoránaigh ar an mBriotáinis, i gcomparáid le €7.50 sa gCorsaic agus sa gCatalóin. Tá formhór na gcumann á ndúnadh ceal airgid, ar nós An Oaled, ionad fóillíochta in Tréglonou, an chéad ionad fóillíochta Briotáinise riamh,” a dúirt Claudie. 

Tá caoga leathanach sa gcáipéis a cuireadh le chéile agus go leor moltaí déanta ag na heagraíochtai teanga inti le líon na gcainteoirí a choinneáil mar atá sa gceantar (thart ar 200,000) agus plean a chuirfeadh 5,000 cainteoir nua leis sin gach bliain as seo go ceann 15 bliain. Cuireadh an cháipéis faoi bhráid Uachtarán na Dúiche Loïg Chesnais-Girard níos luaithe an mhí seo. 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge