Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-la-amhain-fagtha-le-tuairim-a-leiriu-faoi-thodhchai-nos

Lá amháin fágtha le tuairim a léiriú faoi thodhchaí NÓS

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá deireadh ag teacht leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair maidir lena bhfuil i ndán do na foilseacháin Ghaeilge a fhaigheann maoiniú ón eagraíocht teanga, an iris seo ina measc. 

Beifear ag glacadh le haighneachtaí ón bpobal go dtí an lá amárach agus tuairimí á lorg ag Foras na Gaeilge faoi na moltaí a foilsíodh cúpla seachtain ó shin faoin maoiniú a thugtar do NÓS, Tuairisc.ie agus Comhar. 

Rinneadh go leor cur agus cúiteamh faoin gceist le breis agus mí anuas, ach an rud is tábhachtaí agus is fearr le déanamh ná aighneacht a chur faoi bhráid an Fhorais. Iarraimid, mar sin, ar ár léitheoirí aighneacht a chur isteach agus a chur in iúl d’Fhoras na Gaeilge nár cheart deireadh a chur leis an maoiniú a thugtar do NÓS. 

Tá NÓS ag feidhmiú faoin gconradh reatha ó 2015, agus ó shin i leith tá na céadta mír curtha amach againn idir ailt, fhíseáin, dhánta, ghailearaithe, agus mhíreanna eile nach iad. Creidimid go bhfuil freastal sonrach agus speisialta déanta againn ar phobal óg na Gaeilge i gceantair chathrach agus thuaithe in Éirinn agus thar lear.

Ba mhaith linn leanacht ar aghaidh ag cur na seirbhíse seo ar fáil do chainteoirí óga Gaeilge a fhad agus is féidir linn. Gan an maoiniú a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil, níorbh acmhainn dúinn a leithéid a dhéanamh ná baol air.  

Tá molta ag an bhForas go gcuirfí deireadh leis an gconradh atá ag NÓS, agus go ndéanfaí athstruchtúrú ar an dá chonradh atá ag Tuairisc.ie agus Comhar. Creidimid gur maith ann an dá fhoilseachán eile, ach go bhfreastalaíonn NÓS ar an óige ar bhealach nach féidir le Comhar ná Tuairisc.ie. Is minic a mhaítear gur i lámha na n-óg atá todhchaí na teanga agus ba bhocht an scéal é dá bhfágfaí an óige gan ardán mar NÓS.

Déanaimid iarracht deis a thabhairt do scríbhneoirí óga nua go rialta agus tá fás leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine, ó gach cearn den tír seo agus ó thíortha eile, a bhíonn ag scríobh dúinn ar iliomad ábhar. Tá scríbhneoirí rialta againn atá lonnaithe i ngach cúige in Éirinn, ar Mhór-Roinn na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh. Chomh maith leis sin, tá naisc forbartha ag NÓS le Gaeil i Manainn agus in Albain, agus ailt thráthrialta óna críocha sin á bhfoilsiú againn.

Creidimid go dtugtar glór ar NÓS do ghlúin nua cainteoirí Gaeilge, go gcaitear solas ar ghnéithe de phobal na Gaeilge, na hÉireann agus an domhain trí chéile nach bhfeictear ar fhoilseacháin eile Ghaeilge, agus go bhfuil muid ag obair ar leas ár bpobail féin le ceithre bliana anuas. 

Is léir ó na figiúirí léitheoireachta agus staitisticí ar na meáin shóisialta go bhfuil fás leanúnach ar an lucht léitheoireachta atá againn agus éileamh ar an ábhar a chuireann muid ar fáil. Bheifí ag súil go dtiocfadh méadú, ní laghdú, ar an maoiniú a chuirtear ar fáil i bhfianaise an fháis sin. 

Is féidir aighneacht a chur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge anseo.

Níos mó